Fógraíonn an tAire Heydon rannpháirtíocht na hÉireann sa ghlao taighde €8m faoi stiúir na hEorpa ar aiste bia, sláinte agus stíl mhaireachtála
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha ag an Aire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara le freagracht as Taighde agus Forbairt, Martin Heydon, TD, rannpháirtíocht a Roinne i nGlao taighde nua faoi stiúir na hEorpa ar ‘Aiste Bia Sláintiúil le haghaidh Saol Folláin’. Déanfar an glao a leathadh amach faoi Thionscnamh Cláir Nasctha an AE.
Comhordóidh an glao taighde idirnáisiúnta ar thionchar aiste bia agus stíleanna maireachtála ar an tsláinte, agus é mar aidhm leis galair ainsealacha a bhaineann le aiste bia a chosc. Déileálann an Glao taighde sonrach seo leis na naisc idir galair thógálacha agus a bhaineann le aiste bia, agus an acmhainneacht le haghaidh réitigh bhia-bhunaithe. Tá breis agus €8 milliún á chur ar fáil chun moltaí rathúla taighde a éascú. Tháinig an Roinn, mar aon le heagraíochtaí Éireannacha agus Eorpacha eile, le chéile chun an maoiniú seo a chur ar fáil don ábhar tábhachtach seo.
Agus an fógra á dhéanamh aige, dúirt an tAire Heydon:
“Tá an glao taighde nua seo thar a bheith tábhachtach agus tráthúil i bhfianaise an tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag COVID-19 agus tinnis eile orthu siúd a bhfuil córais imdhíonachta leochaileacha orthu. Tuigimid le fada go bhféadfadh tionchar a bheith ag bia ar ár gcumas galair a chomhrac. Breathnóidh an taighde seo air seo agus osclaíonn sé an fhéidearthacht bianna nua, nuálaíocha, breisluacha a fhorbairt''.
Dúirt an tAire go n-aithníonn
“an Straitéis Fís don Bhia an luach soiléir a bhaineann lenár gcórais bia a nascadh le sláinte dhearfach. Tá an taighde idirnáisiúnta seo arna éascú ag an tionscnamh Aiste Bia Sláintiúil le haghaidh Saol Folláin a thagann leis an bhfís seo. Tá sé ríthábhachtach agus muid ag bogadh ar aghaidh go gcruthóimid breisluach san earnáil bia trí léargas agus nuálaíocht. Ba cheart go gcabhródh rannpháirtíocht i dtionscnaimh den sórt sin freisin le Plean Gníomhaíochta Straitéiseach 2021-2005 d’Éire Shláintiúil a sheachadadh, go háirithe iad siúd a chabhraíonn le daoine a bheith folláin’’.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire
“I bhfianaise ábharthacht agus shuntasacht ábhar an Ghlao Taighde seo, tá lúcháir orm a bheith in ann €500,000 a chur ar fáil mar mhaoiniú a éascóidh rannpháirtíocht taighdeoirí in institiúidí Éireannacha incháilithe, agus spreagfainn na taighdeoirí sin iarratas a dhéanamh ar an nGlao seo”.
Tugann an Tionscnamh Cláir Nasctha Aiste Bia Sláintiúil le haghaidh Saol Folláin (JPI HDHL) 20 tír le chéile a dhéanann clárú taighde a ailíniú agus a mhaoiníonn taighde nua chun galair ainsealacha a bhaineann le aiste bia a chosc nó a íoslaghdú.
Tá tuilleadh sonraí ar ghlao taighde reatha JPI HDHL maidir le ''Nutrition-responsiveness of the immune system: interplay between infectious diseases and diet-related metabolic diseases and the potential for food-based solutions (NUTRIMMUNE)" le fáil ar láithreán gréasáin JPI HLDL: