Fógraíonn an tAire Mac Conaill Óig maoiniú do thionscadal chun cur amú bia a laghdú
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair Cathal Mac Conaill Óig T.D., an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, go bhfaighidh Tionscadal Saothróirí FoodCloud maoiniú de bheagnach €200,000 chun tacú leis an obair ríthábhachtach atá ar bun aige chun cur amú bia a laghdú. Tagann an maoiniú tríd an gCiste Forbartha agus Nuálaíochta Tuaithe, do thionscnaimh chun cur amú bia a laghdú.
Dúirt an tAire Mac Conaill Óig agus é ag fógairt an tionscadail rathúil le maoiniú gaolmhar de thart ar €180,000:
“Tá lúcháir orm gur féidir linn leanúint de thacaíocht a thabhairt do thionscadail i gceantair thuaithe chun cur amú bia a laghdú agus cur lenár dtiomantas an méid bia a chuirimid amú a laghdú i gcomhréir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (SDG). Áirítear leis sin SDG 12.3 ina n-iarrtar ar gach náisiún cur amú bia a laghdú faoina leath agus caillteanas bia a laghdú faoi 2030.”
Dúirt an tAire Mac Conaill Óig
“Tá an tiomantas chun cur amú bia a laghdú léirithe i gcáipéisí beartais náisiúnta, lena n-áirítearStraitéis Geilleagair Chiorclaigh an Rialtais 2022-2023 ina hiomláine, Fís Biamo Roinne 2030 agus i bhfoilsiú le déanaí an Treochláir chun Dramhaíl Bia a Chosc. Cuirfidh an tionscnamh seo tuilleadh feabhais ar an obair a maoiníodh roimhe seo chun ceist atá ag fás go tapa, ní hamháin anseo in Éirinn ach ar fud an domhain, a aithint, díriú uirthi agus aghaidh a thabhairt uirthi”.
Dúirt an tAire freisin
“Gineann Éire níos mó ná milliún tona de dhramhbhia gach bliain. Tá sé níos tábhachtaí anois ná riamh leanúint de thionscadail a fhorbairt chun cabhrú le dul i ngleic leis an tsaincheist sin. Cosnaíonn cur amú bia thart ar €700 ar an meán in Éirinn in aghaidh na bliana agus meastar go bhfuil idir 8% agus 10% d’astaíochtaí gás ceaptha teasa an domhain mar thoradh ar chur amú bia. Mar sin, trí dhul i ngleic le cur amú bia, cuirimid feabhas ar an aeráid agus sábhálfar airgead ag an am céanna.”
Tá maoiniú curtha ar fáil don tionscadal rathúil seo a leanas:
Food Cloud — Tionscadal Saothróirí FoodCloud. (€178,301)