Fógraíonn an tAire McConalogue €600,000 i GLAS plus íocaíochtaí comhardaithe
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue, T.D., go bhfuil tús curtha le híocaíochtaí comhardaithe GLAS plus (GLAS+).
Ciallaíonn an fógra seo go bhfuil beagnach €600,000 in íocaíochtaí comhardaithe déanta le breis agus 2,831 rannpháirtí sa Scéim Comhshaoil Talmhaíochta Ísealcharbóin Glas (GLAS).
Is ionann an íocaíocht chomhardaithe agus an 15% deiridh d’íocaíocht GLAS+ 2022 agus críochnaíonn sí an íocaíocht iomlán do ghníomhaíochtaí GLAS a rinneadh in 2022. Is í seo an bhliain dheireanach d'íocaíochtaí GLAS de bharr gur chríochnaigh an Scéim ar an 31 Nollaig 2022.
Ag fógairt cheist na n-íocaíochtaí, dúirt an tAire,
“Tá áthas orm a bheith in ann tús a chur leis na híocaíochtaí comhardaithe GLAS+ an tseachtain seo le breis agus 2,831 feirmeoir. Tá gealltanais chomhshaoil eisceachtúla déanta ag an gcohórt seo de rannpháirtithe GLAS agus tugtar íocaíocht bhliantúil bhreise de suas le €2,000 orthu faoi GLAS i leith 2022.”
Dúirt an tAire freisin,
“Tugann íocaíocht de bheagnach €600,000 inniu go breis is €1.36 billiún na híocaíochtaí iomlána a rinneadh go dtí seo maidir le GLAS. Sárófar an infheistíocht seo le scéim ACRES ina bhfuil €1.5 billiún faighte agam don phríomhscéim nua comhshaoil seo.
Bhí áthas orm áit a chinntiú le haghaidh 46,000 feirmeoir in ACRES Tráinse 1 agus táim ag súil le tosach na scéime sna míonna amach romhainn
Leanfar ag eisiúint íocaíochtaí i gcásanna nach bhfuil íoctha fós ar bhonn rialta. Spreag an tAire feirmeoirí ar bith a bhfuil ceisteanna acu maidir le GLAS iad a chur ar ríomhphost chuig GLAS@agriculture.gov.ie
Is féidir teagmháil a dhéanamh le Rannóg GLAS trí ríomhphost ag GLAS@agriculture.gov.ie
Is féidir teagmháil a dhéanamh le Deasc Chabhrach GLAS ag 053 9163425.
Contae | Líon Iomlán na nIarratasóirí | Glaníocaíocht Iomlán |
Ceatharlach | 3 | 218 |
An Cabhán | 32 | 6,853 |
An Clár | 372 | 89,499 |
Corcaigh | 321 | 77,207 |
Dún na nGall | 269 | 57,491 |
Baile Átha Cliath | 1 | 300 |
Gaillimh | 309 | 52,991 |
Ciarraí | 514 | 110,953 |
Cill Dara | 1 | 295 |
Cill Chainnigh | 2 | 502 |
Laois | 31 | 7,640 |
Liatroim | 88 | 19,394 |
Luimneach | 196 | 49,002 |
An Longfort | 4 | 519 |
Maigh Eo | 335 | 45,563 |
An Mhí | 1 | 300 |
Muineachán | 10 | 2,036 |
Uíbh Fhailí | 42 | 9,806 |
Ros Comáin | 25 | 4,130 |
Sligeach | 51 | 10,093 |
Tiobraid Árann | 123 | 30,728 |
Port Láirge | 42 | 9,391 |
An Iarmhí | 10 | 2,141 |
Loch Garman | 24 | 4,964 |
Cill Mhantáin | 25 | 3,493 |
Móriomlán | 2,831 | 595,551 |