Fógraíonn an tAire McConalogue agus an tAire Stáit Heydon €9.6 milliún i ndeontais taighde do thionscadail ar fud agraibhia agus bithgheilleagair
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., agus an tAire Stáit le freagracht speisialta as taighde agus nuálaíocht Martin Heydon, T.D., inniu 12 dheontas ar luach €9.6 milliún ag eascairt as Glao Taighde Téamach 2021 na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara (RTBM).
Tugann an 12 thionscadal go 36, an líon a bronnadh maoiniú ó Ghlao Taighde 2021. As an 12 thionscadal, tá ceithre cinn á gcómhaoiniú ag Roinn Talmhaíochta, Comhshaoil agus Gnóthaí Tuaithe Thuaisceart Éireann (DAERA TÉ). Is é €9.6 milliún maoiniú an RTBM agus is é €1.1 milliún maoiniú DAERA TÉ, rud a thugann €10.7 milliún san iomlán.
Ag fógairt na ndámhachtainí dó, dúirt an tAire McConalogue
"Tugann an €9.6 milliún i ndeontais taighde atá á bhfógairt agam inniu na dámhachtainí iomlána ó ghlao taighde 2021 go beagnach €30 milliún. Is infheistíocht í seo chun inbhuanaitheacht na hearnála agraibhia agus bithgheilleagair a fheabhsú tuilleadh, chun a chinntiú go bhfanfaidh sí ar thús cadhnaíochta san eolaíocht, agus chun cuidiú le nuálaíocht agus breisluach a chur chun cinn. Cuideoidh na tionscadail atá á maoiniú freisin le go leor de na gealltanais sa Straitéis Fís don Bhia 2030 a chomhlíonadh agus beidh fionnachtana briste mar thoradh orthu a thógfaidh earnáil agraibhia níos láidre, níos daingne agus níos inbhuanaithe sa deireadh. Cuideoidh an maoiniú atá á fhógairt againn inniu le tacú le tionscadail taighde nuálacha agus cheannródaíocha a chabhróidh lenár n-earnáil a chur chun cinn amach anseo."
Cumhdóidh na tionscadail réimsí ar fud na haeráide, an chomhshaoil, sábháilteacht bia, sláinte ainmhithe, cothú an duine, an bithgheilleagair agus próiseáil bia.
Cuirfidh an infheistíocht ar fud na 12 thionscadal fostaíocht dhíreach ar fáil do 27 post taighde conartha. Cuirfear deiseanna oideachais ar fáil do 30 mac léinn iarchéime eile i bhfoirm PhDanna (22) agus Máistreachta (8). Beidh na poist seo scaipthe thar 11 institiúid in Éirinn agus in Oileán an Tuaiscirt, lena n-áirítear: Teagasc, UCD, UCC, OL, TUD, MTU, OÉG, Coláiste na Tríonóide, ATU agus QUB agus AFBI i dTuaisceart Éireann.
Dúirt an tAire Heydon
"Mar Aire Stáit a bhfuil freagracht speisialta air maidir le taighde agus nuálaíocht, tá áthas orm an infheistíocht shuntasach seo i dtaighde a fhógairt thar raon réimsí lena n-áirítear aeráid, an comhshaol, sábháilteacht bia, sláinte ainmhithe, cothú an duine, an bithgheilleagar agus próiseáil bia. Léiríonn sé seo fairsinge an taighde a mhaoiníonn an Roinn seo agus de réir na Straitéise Fís don Bhia 2030, leanann sé cur chuige córais bhia freisin trína bhfeabhsaítear an idirnascthacht idir talmhaíocht, an comhshaol agus cothú an duine. Cuideoidh an t-aistriú faisnéise agus eolais eolaíoch a eascraíonn as na tionscadail seo le luach a chur le tionscal bia na hÉireann agus leis an mbithgheilleagar. Comhlíonann an infheistíocht seo i dtaighde príomhghealltanais i gClár an Rialtais, sa Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide agus sa straitéis taighde agus nuálaíochta 'Tionchar 2030' a seoladh le déanaí".
Mar fhocal scoir dúirt an tAire McConalogue trí
"Tréaslaím leis na taighdeoirí a fuair maoiniú dá dtionscadail inniu. Aithním freisin an cómhaoiniú €1.1 milliún i gceithre cinn de na tionscadail a rinne Roinn Talmhaíochta, Comhshaoil agus Gnóthaí Tuaithe Thuaisceart Éireann. Tógann sé seo ar chomhoibriú comhchistiúcháin taighde le fada an lá idir DAERA TÉ agus mo Roinn féin ar fud réimsí leasa frithpháirteacha agus tá áthas orm a fheiceáil go bhfuil sé á neartú tuilleadh ar mhaithe leis an earnáil agraibhia agus bithgheilleagair thuaidh agus theas".
Tá sonraí iomlána na ndámhachtainí seo leagtha amach in Research and Codex.
Eascraíonn na dámhachtainí as Glao ar Thograí a seoladh in 2021 faoin snáithe téamach den chlár iomaíoch maoinithe taighde a oibríonn an Roinn.
Fógraíodh maoiniú €20 milliún do 24 tionscadal a d'eascair as an nGlao seo roimhe seo i mí na Nollag 2021 - féach anseo le haghaidh tuilleadh eolais: gov.ie - Seolann an tAire McConalogue agus an tAire Heydon deontais taighde ar fiú €20 milliún san iomlán iad (www.gov.ie) Tá an 12 thionscadal atá á bhfógairt inniu sa bhreis orthu seo.
Liosta na dtionscadal ar fud an agraibhia agus an bhithgheilleagair
Liosta na dtionscadal ar fud an agraibhia agus an bhithgheilleagair
Is féidir tuilleadh eolais faoi na tionscadail a fháil ag an nasc seo a leanas, ó 10AM, 01/06/2022: Research and Codex.