Fógraíonn an tAire McConalogue ceapachán Caroline Bocquel mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin Bhord Iascaigh Mhara
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue go bhfuil Caroline Bocquel ceaptha (ag BIM) mar Phríomhfheidhmeannach (POF) Bhord Iascaigh Mhara (BIM), Gníomhaireacht Forbartha Bia Mara na hÉireann.
Ag fáiltiú dó roimh cheapachán an Phríomhoifigigh Feidhmiúcháin nua, dúirt an tAire McConalogue,
“Tá áthas orm ceapachán Caroline Bocquel mar Phríomhfheidhmeannach nua BIM a fhógairt. I dtréimhse dúshlán gan fasach don earnáil bia mara, cuideoidh taithí fhairsing Caroline lena chinntiú go bhfuil an cheannaireacht riachtanach ag BIM chun todhchaí inbhuanaithe a sholáthar do thionscal bia mara na hÉireann.
Mar POF ar BIM, agus í i gceannas ar fhoireann 140 duine atá lonnaithe i sé phríomhláthair chósta in Éirinn, déanfaidh an POF nua maoirseacht ar fhorbairt earnáil bia mara na hÉireann, dar luach €1.26 billiún in 2021, ag tógáil ar a buntáistí nádúrtha, tiomantas láidir d'iascaireacht inbhuanaithe agus forbairt earnáil ardchaighdeáin dobharshaothraithe agus próiseála bia mara.
Dúirt an tAire,
“Glacann Caroline ról an POF tráth a bhfuil sé de chúram ar BIM raon scéimeanna a chur i bhfeidhm don tionscal ar fiú €265m iad faoin scéim Cúlchiste Coigeartaithe an Bhreatimeachta (BAR), ag seachadadh moltaí an Tascfhórsa Bia Mara le déanaí. Is é aidhm na scéimeanna seo an earnáil a fhorbairt agus a athstruchtúrú, a chinntiú go bhfuil sí brabúsach agus inbhuanaithe sa todhchaí agus deiseanna a aithint do phoist agus do ghníomhaíocht eacnamaíoch i bpobail chósta atá ag brath ar an earnáil. In 2023 seolfar na scéimeanna nua de chuid an Chiste Eorpaigh Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMI), ar fiú €258m iad, rud a thacóidh tuilleadh le cumas na hearnála fás agus forbairt inbhuanaithe a bhaint amach”.
Tá taithí fhairsing bainistíochta agus ceannaireachta athraithe ag Caroline Bocquel, le béim ar éagsúlacht, comhionannas agus cuimsiú i bpoist roimhe seo lena n-áirítear Stiúrthóir ar Sheirbhís Chorparáideach i bhForas na Mara agus tréimhse mar Phríomhoifigeach Airgeadais GOAL (an ghníomhaireacht idirnáisiúnta um fhreagairt dhaonnúil). Tá Caroline ina comhalta d'Institiúid na gCuntasóirí Cairte in Éirinn. Tá Céim aici i nGnó agus i dTeangacha ó Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath agus tá cláir críochnaithe aici i Scoil Ghnó Harvard agus in Institiúid na Stiúrthóirí.