Fógraíonn an tAire McConalogue comhairliúchán poiblí ar an stoc scadán a bhainistiú san Iarthuaisceart
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheol an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, an tUasal Charlie McConalogue, T.D., próiseas comhairliúcháin ar athbhreithniú ar Bheartas Bainistíochta Scadán 2012, maidir leis an méid scadán a cuireadh ar leataobh ó stoc scadán an Iarthuaiscirt theas (Scadán 6A Theas) d’árthaí iascaireachta cladaigh níos lú.
Fuair an tAire iarraidh ó Chathaoirligh an Fhóraim Náisiúnta Iascaigh Chladaigh (NIFF) agus an Fhóraim Réigiúnaigh Iascaigh Chladaigh Thuaidh (RIFF) le hathbhreithniú a dhéanamh ar Bheartas Scadán 6A Theas 2012, maidir le hárthaí cladaigh.
Dúirt an tAire McConalogue;
“Tá breithniú cúramach déanta agam ar an iarraidh a rinne an NIFF agus an RIFF agus táim sásta go bhfuil na cúinsí athraithe a dhóthain le húdar a thabhairt le hathbhreithniú teoranta a dhéanamh ar Bheartas 2012, maidir leis an méid scadán a cuireadh ar leataobh ó chuóta Scadán 6A Theas don chabhlach cladaigh. Is iad teaghlaigh iascaireachta cladaigh bunchloch pobail chósta tuaithe agus is tábhachtach go leanaimid le bealaí a lorg le feabhas a chur ar dheiseanna iascaireachta don earnáil seo.”
Cuirtear 5% den chuóta ar leataobh i stoc Scadán 6A Theas Bheartas Bainistíochta Scadán 2012 d’árthaí faoi bhun 20 méadar ar fad nach raibh cuntas teiste cáilitheach acu don iascach.
Dúirt an tAire McConalogue freisin,
“Nuair a socraíodh an soláthar 5% i mBeartas Bainistíochta Scadán 2012, léirigh sé go raibh súil leis go mbeadh cuóta réasúnta ar fáil d’Éirinn, faoi mar a bhí sna blianta sular leagadh an Beartas amach.
Táim sásta machnamh a dhéanamh ar leasuithe ar an gcuid seo den bheartas chun go mbíonn leithdháileadh réasúnta ar fáil d’árthaí cladaigh nuair a bhíonn an cuóta atá ar fáil íseal, agus aird ar an gcaoi go bhfuil an stoc seo tábhachtach dár n-árthaí cladaigh.”
Dúirt an tAire McConalogue freisin;
“Tá áit níos fearr á bhaint amach againn leis an iascaireacht seo tar éis go raibh an iascaireacht dúnta le haghaidh iascaireacht tráchtála ar feadh na mblianta i ngeall go raibh drochbhail uirthi. Tuar dóchais anois atá sa chomhairle eolaíochta faoi bhail an stoic agus is féidir linn súil a bheith againn le hiascach maith don chabhlach iascaireachta, d’árthaí cladaigh agus amach ón gcósta araon.
Léiríonn seo go soiléir go ndéanann dul i mbun bearta láidre caomhnaithe, nuair is gá, stoic éisc a atógáil. Tuigim go hiomlán an tacaíocht láidir a thug ár n-iascairí do na bearta caomhnaithe seo fiú cé nach raibh iascach tráchtála acu ar feadh 6 bliana.”
Dúirt an tAire,
“Beidh cuireadh á thabhairt agam go luath do pháirtithe leasmhara, iad siúd a bhí bainteach san iascach le blianta beaga anuas, ach go háirithe, chun a ndearcthaí a sheoladh ar aghaidh. Chun cabhrú leis an mbreithniú, d’iarr mé ar mo Roinn páipéar comhairliúcháin a ullmhú ina leagtar amach an cúlra agus ina dtugtar roghanna féideartha. Táim ag tnúth le rannpháirtíocht mhaith i measc páirtithe leasmhara, aon tograí malartacha san áireamh a moladh i rith an chomhairliúcháin.
Breithneoidh mé na saincheisteanna uile ata i gceist i ndiaidh an chomhairliúcháin agus déanfaidh mé cinneadh faoi aon leasú a bhfuil údar leis ar Bheartas 2012, aon socrú nua san áireamh idir an dá linn nó ar bhonn níos fadtéarmaí.”