Fógraíonn an tAire McConalogue dul chun cinn i dtreo Stádas Sonraí Geografacha Cosanta (PGI) a bhaint amach do Mhairteoil Fhéarbheathaithe Éireannach
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair Charlie McConalogue, T.D., an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, inniu go ndearnadh dul chun cinn i dtreo stádas PGI a bhaint amach do Mhairteoil Fhéarbheathaithe Éireannach.
Luaigh an tAire McConalogue:
“Tá dóchas agam go bhfoilseoidh Coimisiún an AE an t-iarratas PGI ar Mhairteoil Fhéarbheathaithe Éireannach, a sheol an Bord Bia thar ceann feirmeoirí Éireannacha, sna seachtainí amach romhainn maidir leis an gcéad chéim eile den chomhairliúchán ar leibhéal Bhallstát an AE agus Tríú Tír.
Má chlárófar go rathúil é, d’fhéadfadh stádas PGI do Mhairteoil Fhéarbheathaithe Éireannach tairbhí suntasacha a chruthú dóibh siúd go léir sa slabhra soláthair, go háirithe ár bhfeirmeoirí mairteola arb iad bunchloch na hearnála.
"Leanfaimid le hidirchaidreamh dian a dhéanamh leis an gCoimisiún Eorpach maidir leis an iarratas seo, agus le contrapháirteanna i dTuaisceart Éireann ag féachaint lena chinntiú gur féidir le TÉ páirt a ghlacadh san iarratas ag an tráth cuí. Labhair mé leis Aire Poots maidir leis seo.
Aithním an obair a bhí le déanamh ag mo Roinn agus an Bord Bia leis an iarratas a thabhairt a fhaide leis an gcéim seo.”
NÓTA D’EAGARTHÓIRÍ:
Tá eolas breise ar Shonraí Geografacha, Sonraí Geografacha Cosanta san áireamh, ar fáil anseo: www.gov.ie/en/publication/a7412-geographical-indications-protected-food-and-drink-names/
I ndiaidh próiseas fairsing comhairliúcháin le páirtithe leasmhara, chuir an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara iarratas PGI ar Mhairteoil Fhéarbheathaithe Éireannach a rinne an Bord Bia, thar ceann táirgeoirí, faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh i mí na Samhna 2020.
D’fhreagair an Coimisiún Eorpach don iarratas seo i mBealtaine 2021 le ceisteanna teicniúla. Ó shin i leith, rinne an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus an Bord Bia idirchaidreamh leis an gCoimisiún i bplé mionsonraithe teicniúil maidir leis an iarratas.