Fógraíonn an tAire McConalogue glacadh ollmhór maidir leis an gClár um Éifeachtúlacht Carbóin Diúil
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D. inniu glacadh suntasach maidir leis an gClár um Éifeachtúlacht Carbóin Diúil (SCEP) ar cuireadh tús leis ar an 20 Márta 2023.
Ón dáta deiridh ag meán oíche ar an 22 Bealtaine 2023, cuireadh níos mó ná 20,000 iarratais SCEP isteach, a léiríonn an tsuim atá ag feirmeoirí laonna inbhuanaitheacht comhshaoil agus eacnamaíoch an tréada mairteola náisiúnta a fheabhsú.
Dúirt an tAire:
“Cuireann leibhéal na n-iarratas ríméad orm, a léiríonn tábhacht tacaíochta láidre go náisiúnta agus ón AE don Tréad Diúil.”
"Creidim go láidir go bhfuil an tréad diúil ar thús cadhnaíochta sa domhan againn ar a bhfuil an chuid eile den domhan in éad leis. Is scéim iontach í SCEP a chúitíonn feirmeoirí le híocaíocht €150/bó don chéad 22 bhó agus €120/bó ina dhiaidh sin. Tá sé seo i gcomparáid le €90/bó ar an gcéad 10/bó agus €80/bó ina dhiaidh sin sa BDGP. Is gealltanas soiléir é seo uaim agus ón Rialtas chun tacaíocht a thabhairt dár bhfeirmeoirí laonna iontacha."
Mheabhraigh an tAire do fheirmeoirí a bheith aireach ar a chinntiú go gcomhlíonann siad na ceanglais incháilitheachta agus na ceanglais comhlíonta araon chun a chinntiú go nginfidh siad na híocaíochtaí feirme SCEP tábhachtacha seo.
Cuirtear i gcuimhne d'iarratasóirí: -
1. a chinntiú go mbeirtear 50% ar a laghad den uimhir thagartha bhliantúil ar chuir siad isteach uirthi, idir an 1 Iúil 2022 agus an 30 Meitheamh 2023,
2. a chinntiú go bhfuil siad sa Scéim Dearbhaithe Mairteola agus Uain Inbhuanaithe (SBLAS) roimh 16 Deireadh Fómhair 2023 ar a fhíordhéanaí, agus
3. a dheimhniú go gcuireann siad a n-iarratas BISS isteach roimh mheán oíche 29 Bealtaine 2023.
Mura gcomhlíonann iarratasóir ceann amháin nó níos mó de na trí chritéar cáilitheachta seo, ní dhéanfar aon íocaíocht agus bainfear de SCEP é.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire
"Beidh mo Roinn ag scríobh chuig gach feirmeoir go luath chun a n-iarratas SCEP a admháil agus chun cur i gcuimhne d'iarratasóirí faoina ndualgas faoin gClár”.
Dhírigh an tAire aird ar an tábhacht a bhaineann le dul i dteagmháil le Bord Bia a luaithe agus is féidir, mura bhfuil na hiarratasóirí páirteach sa Scéim Dearbhaithe Mairteola agus Uain Inbhuanaithe Bord Bia cheana féin ach go háirithe, toisc go mbeidh aga moille trí mhí ar a laghad idir dul i dteagmháil le Bord Bia agus deimhniú a fháil. Is féidir teagmháil a dhéanamh le Deasc Chabhrach Bhord Bia ar (01) 5240410.
Tagann an Clár um Éifeachtúlacht Carbóin Diúil (SCEP) in áit an Clár Sonraí Mairteola agus Géanómaíochta (BDGP). Cuireadh tús le SCEP ar an 20 Márta 2023 agus dúnadh é ag meán oíche ar an 22 Bealtaine 2023. Féadfaidh iarratasóirí fós iarratas a dhéanamh suas go dtí 16 Meitheamh 2023 cé go ngearrfar pionós le haghaidh iarratais dhéanaigh.
Is é an ráta íocaíochta ná €225 an heicteár ar an gcéad 15 heicteár agus €180 an heicteár ina dhiaidh sin suas go dtí an t-achar uasta iníoctha (MPA). Ríomhtar an MPA tríd an uimhir thagartha bhliantúil a roinnt ar 1.5. Mar shampla, bheadh MPA 20 heicteár ag uimhir thagartha bhliantúil 30 bó, rud a chiallaíonn íocaíocht 15 heicteár faoi €225 = (€3,375) móide 5 heicteár faoi €180 = (€900) rud a chiallaíonn íocaíocht SCEP iomlán de €4,275, ag glacadh leis gur chomhlíon an tairbhí ceanglais uile an chláir ina n-iomláine.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin scéim, déan teagmháil leis an Roinn ar an bhfón nó trí ríomhphost ar: