Fógraíonn an tAire McConalogue go bhfuil 37,946 iarratas ar Aistriú Teidlíochtaí curtha isteach faoin spriocdháta
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé deimhnithe ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, go ndearna 37,946 feirmeoir iarratas ar líne chun teidlíochtaí íocaíochta a aistriú roimh an spriocdháta an 14 Meitheamh, méadú beagnach 5,000 ó 2022.
Dúirt an tAire:
“Tá lúcháir orm a dhearbhú go raibh líon mór feirmeoirí ag baint úsáid as an áis chun teidlíochtaí íocaíochta nár úsáideadh a aistriú chuig na daoine sin a bhfuil teidlíochtaí breise ag teastáil uathu.”
Dúirt an tAire freisin:
“Tá áthas ar leith orm gur bhain an oiread sin daoine leas as baint shealadach an aisghlámtha ar dhíolachán teidlíochtaí gan talamh. Tá méadú feicthe againn ar dhíolacháin ó díreach os cionn 1,300 in 2022 go díreach faoi bhun 6,500 i mbliana. Cabhróidh sé seo le cobhsaíocht agus cinnteacht a thabhairt dóibh siúd a bhfuil feirmeoireacht á déanamh acu go gníomhach.”
Mar fhocal scoir dúirt an tAire:
“Tá sé thar a bheith dearfach go bhfuil an oiread sin tar éis iarratas a dhéanamh roimh an spriocdháta. Léiríonn an figiúr seo an iarracht ollmhór atá déanta ag Comhairleoirí FÁS agus ag mo roinn chun cabhrú le feirmeoirí lena n-iarratais. Tosófar ag eisiúint na litreacha chuig na daoine a rinne iarratas ar aistriú ó mhí Lúnasa, ach má tá aon doiciméid fós le réiteach agat maidir le haistriú a cuireadh isteach is féidir iad a uaslódáil chomh luath agus atá sé ar fáil.”
Dhéileáil foireann na Roinne le breis agus 10,500 glaoch maidir le fiosrúchán aistrithe idir an 1 Bealtaine agus an 14 Meitheamh chomh maith le tacaíocht a thabhairt trí líon suntasach fiosrúchán ríomhphoist agus cúnamh a tugadh dóibh siúd a d’fhreastail ar na seisiúin faisnéise agus na clinicí, agus do ghlaoiteoirí pearsanta.
Glacfar le hiarratais tar éis an dáta deiridh le fianaise Force Majeure amháin.
Is féidir le haon duine ar gá dó nó di doiciméid tacaíochta a uaslódáil le haghaidh aistrithe é sin a dhéanamh am ar bith. Ba cheart é sin a dhéanamh ar líne ag www.agfood.ie . Níl gá fanacht go n-eiseoidh an Roinn litir maidir le doiciméid easnamhacha.