Fógraíonn an tAire McConalogue go bhfuil Réamhíocaíochtaí GLAS 2021 ag tosú roimh sceideal
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
€118 milliún á eisiúint inniu do 34,000 feirmeoir
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, inniu go gcuirfear tús le réamhíocaíochtaí 2021 faoin Scéim Comhshaoil Talmhaíochta Ísealcharbóin Glas (GLAS) an tseachtain seo roimh sceideal. Íocfar na híocaíochtaí dar luach €118m isteach i mbeagnach 34,000 cuntas bainc feirmeoirí GLAS an tseachtain seo. Tugann sé seo íocaíochtaí le feirmeoirí faoin scéim go dtí seo go dtí beagnach €1.1billiún
Dúirt an tAire,
“Tá ríméad orm a dhearbhú go bhfuil réamhíocaíochtaí le 34,000 rannpháirtí GLAS, ar luach €118 milliún ag eisiúint an tseachtain seo. Tá sé seo seachtain roimh sceideal agus bainfidh feirmeoirí ar fud na tíre leas as na híocaíochtaí seo.
“Is príomhthosaíocht i gcónaí domsa agus don Roinn íocaíochtaí a eisiúint chomh tapa agus is féidir mar tá a fhios agam cé chomh criticiúil agus atá siad d’fheirmeoirí agus dá ngnólachtaí. Is tacaíocht thábhachtach d’fheirmeoirí iad na réamhíocaíochtaí seo ag ráta 85% den íocaíocht bhliantúil iomlán i seachadadh príomhghníomhartha comhshaoil agus ar ndóigh tá siad tábhachtach don gheilleagar tuaithe níos leithne."
Dúirt an tAire,
“Thug mé le fios roimhe seo gurb é príomhthosaíocht mo Roinne é íocaíochtaí scéime a eisiúint go feirmeoir go héifeachtúil. Táim an-sásta go bhfuil na híocaíochtaí seo ag tosú seachtain amháin roimh an sprioc a bhí luaite againn i lár mhí na Samhna. Tá áthas orm a dhearbhú freisin go bhfuil íocaíochtaí GLAS ar luach os cionn €1.12 billiún san iomlán eisithe anois d’fheirmeoirí Éireannacha ó cuireadh tús le scéim GLAS i mí Dheireadh Fómhair 2015.
Dúirt an tAire freisin
“go bhfuil an caidreamh idir talmhaíocht agus an comhshaol níos tábhachtaí ná riamh agus léiríonn díograis na bhfeirmeoirí páirt a ghlacadh i scéimeanna agra-chomhshaoil mar GLAS a dtiomantas do ghníomhaíocht chomhshaoil. Go dtí seo tá raon buntáistí curtha ar fáil ag an scéim seo ar fud phríomhthosaíochtaí uisce, bithéagsúlachta agus aeráide”.
Áirítear ar na tairbhí comhshaoil seo ó GLAS go dtí seo:
o Os cionn 320,000 heictéar speiceas féarthailte éagsúla seachadta ag gníomhaíochtaí na bhFéarach Buan Ionchuir Íseal agus Móinéar Féir Traidisiúnta.
o Níos mó ná 20,000 heicteár de Chlúdach Éan Fiáin curtha, rud a sholáthraíonn beatha gheimhridh d’éin talaimh feirme;
o Níos mó ná 1.6m crann curtha;
o Os cionn 4,500 feirmeoir ag úsáid teicneolaíochtaí Scaipthe Sciodair Íseal Astaíochta chun sciodar a scaipeadh.
Deimhníodh freisin go leanfaidh réamhíocaíochtaí GLAS 2021 ag eisiúint ar bhonn seachtainiúil de réir mar a dhéantar cásanna a ghlanadh agus a cheadú le haghaidh íocaíochta. Iarrtar ar aon rannpháirtithe sa scéim a bhfuil gníomhartha fós le réiteach nó doiciméadacht fós le tabhairt ar ais don Roinn acu é sin a dhéanamh láithreach ionas gur féidir a n-íocaíocht a phróiseáil.
Nótaí d’eagarthóirí:
D’fhonn feirmeoirí ar mian leo teagmháil a dhéanamh leis an Roinn maidir lena n-íocaíochtaí GLAS a éascú, tá uaireanta sínte i bhfeidhm do Líne Chabhrach GLAS a bheidh ar oscailt go dtí 8.30pm Dé Céadaoin go dtí Dé hAoine an 10 go dtí an 12 Samhain, Luan go dtí Dé hAoine an 15 go dtí an 19 Samhain agus Dé Sathairn an 13 agus an 20 Samhain suas go dtí 1pm.
Is féidir teagmháil a dhéanamh le Deasc Chabhrach GLAS ag 076 1064451.
Is féidir le feirmeoirí aon fhiosrúcháin a d’fhéadfadh a bheith acu a chur isteach trí r-phost chuig GLAS@agriculture.gov.ie .
Beidh cúrsaí pá rialta ar siúl sna seachtainí amach romhainn chun íocaíochtaí a eisiúint de réir mar a ghlanfar cásanna GLAS le haghaidh íocaíochta. Moltar d’aon rannpháirtithe GLAS a bhfuil doiciméadacht fós le tabhairt ar ais acu lena n-áirítear foirmeacha LESS nó Foirmeacha Pórtha Neamhchoitianta nó iad siúd a ndeachaigh mo Roinn i dteagmháil leo le ceisteanna maidir lena rannpháirtíocht GLAS nó a n-iarratas BPS freagairt a luaithe is féidir d’fhonn eisiúint luath íocaíochtaí a éascú.