Fógraíonn an tAire McConalogue go bhfuil trí cinn de chalafoirt nua Éireannacha ainmnithe le tabhairt i dtír ag soithí Thuaisceart Éireann
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D, inniu go bhfuil cinneadh déanta aige trí chalafort Éireannacha breise a ainmniú tuilleadh le haghaidh díluchtuithe soithí Thuaisceart Éireann atá cláraithe sa RA. Bhí an tAire ag labhairt inniu ag oscailt oifigiúil oifigí an t-Údaráis um Chosaint Iascaigh Mhara sa Chaisleán Nua, Contae Dhún na nGall.
Mar thoradh ar Brexit, is tríú tír í an Ríocht Aontaithe chun críocha iasc a thabhairt i dtír agus faoi réir reachtaíochta Neamhdhleathach, Neamhrialaithe agus Neamhthuairiscithe (NNN) agus cheanglais Coimisiún um Iascach an Atlantaigh Thoir Thuaidh (CIATT). Caithfidh soithí atá cláraithe sa RA (lena n-áirítear soithí Thuaisceart Éireann) na ceanglais seo a chomhlíonadh agus iad ag teacht i dtír san AE, lena n-áirítear ag calafoirt na hÉireann.
Is iad na trí chalafort nua atá ainmnithe le haghaidh díluchtuithe ó shoithí Thuaisceart Éireann atá cláraithe sa RA ná Bun an Ghaoith, Gleann Gad agus Cionn Mhálanna i gContae Dhún na nGall. Beidh na calafoirt sin sa bhreis ar na 7 gcalafort atá ainmnithe cheana féin: Ros A Mhíl, An Caisleán Nua, Ráth Maoláin, Ailt an Chorráin, Binn Éadair, Na Cealla Beaga agus Baile Chaisleáin Bhéarra.
Ainmneofar Bun an Ghaoith, Gleann Gad agus Cionn Mhálanna le haghaidh speicis neamh-chuóta a thabhairt i dtír ó shoithí faoi 18 méadar agus oibreoidh siad Luan go hAoine 10am go 8pm, agus Dé Sathairn 9am go 5pm.
Chomh maith leis na hainmniúcháin calafoirt nua seo, leathnófar na huaireanta oscailte sa Chaisleán Nua agus beidh siad ar oscailt anois ó Luan go hAoine 10am go 8pm, chomh maith le Satharn 9am go 5pm a chur leis.
Luaigh an tAire an tábhacht a bhaineann le leanúint ar aghaidh ag tacú lenár n-iascairí agus ár bpobail iascaireachta tar éis Brexit, agus dúirt sé freisin,
“Tá lúcháir orm a fhógairt go bhfuil na trí chalafort breise seo ainmnithe i mBun na Gaoithe, sa Ghleann Gad agus i gCionn Mhálanna. Ba cheart go gcabhródh na calafoirt nua seo, chomh maith leis na huaireanta sínte sa Chaisleán Nua, le hiascairí i soithí beaga, go háirithe i réigiún an Iarthuaiscirt.”
Mar fhocal scoir dúirt an tAire
“Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil leis an ÚCIM as na huaireanta oscailte sínte a cheadú sa Chaisleán Nua agus na trí shonrúchán calafoirt breise, atá ríthábhachtach dár n-iascairí tar éis Brexit. Leanfaidh mé ag obair leis an ÚCIM chun a chinntiú go bhfuil na ceanglais riachtanacha i bhfeidhm chun na huaireanta sínte seo agus na calafoirt nua seo a oibriú a luaithe is féidir”.