Fógraíonn an tAire McConalogue go bhfuil tús curtha le hÍocaíochtaí Cothromaíochta GLAS
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D, tar éis a fhógairt gur cuireadh tús le híocaíochtaí cothromaíochta na Scéime Glaise Ísealcharbóin
Agra-Chomhshaoil (GLAS), 2022, an tseachtain seo. Tá tús curtha leis na híocaíochtaí dhá mhí sula raibh beartaithe. Is éard is ciall leis sin ná go ndéanfar íocaíochtaí cothromaíochta dar luach os cionn €22.1 milliún go 36,500 feirmeoir atá ag glacadh páirte in GLAS.
Agus é ag labhairt faoi na híocaíochtaí, bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire:
“Táim an-sásta go bhfuil na híocaíochtaí cothromaíochta GLAS seo á ndéanamh le 36,500 feirmeoir sula raibh beartaithe. Tosóidh na híocaíochtaí ón Aoine an 10 Márta agus eiseofar go 84% de rannpháirtithe GLAS iad.
Is príomhthosaíocht dom féin é gealltanais íocaíochta ár scéime d'fheirmeoirí a chomhlíonadh agus tagann sé leis an obair iontach atá déanta againn ar an scéim le blianta beaga anuas. Cuireann na híocaíochtaí seo le sreabhadh airgid go feirmeoirí ar bhealach tábhachtach don am seo bliana agus is aitheantas iad ar an obair a rinne siad i dtreo na n-éachtaí comhshaoil suntasacha in GLAS.”
Dúirt an tAire freisin,
“Leis na híocaíochtaí seo, dar luach díreach os cionn €22m, is é €1.35 billiún luach iomlán na n-íocaíochtaí a rinneadh go dtí seo faoi GLAS. Sárófar an infheistíocht seo le ACRES, atá ag teacht, ina bhfuil €1.5bn faighte agam don scéim comhshaoil shuaitheanta seo. Bhí áthas orm áit a chinntiú le haghaidh 46,000 feirmeoir in ACRES agus táim ag súil le tosach ACRES a fheiceáil sna seachtainí amach romhainn.
“Is an 15% deireanach d'íocaíocht 2022 í an íocaíocht chothromaíochta agus cuireann sí an íocaíocht iomlán do ghníomhaíochtaí GLAS a rinneadh anuraidh i gcrích. Is í seo an bhliain dheireanach d'íocaíochtaí GLAS de bharr gur chríochnaigh an Scéim ar an 31 Nollaig 2022.
Leanfar ag eisiúint íocaíochtaí i gcásanna nach bhfuil íoctha fós ar bhonn rialta. Mhol an tAire d'aon fheirmeoir a bhfuil ceist acu maidir le GLAS na ceisteanna sin a sheoladh i ríomhphost chuig GLAS@agriculture.gov.ie