Fógraíonn an tAire McConalogue go gcuirfear tús le hÍocaíochtaí Cothromaíochta faoi Scéim na Limistéar faoi Shrianta Nádúrtha 2021
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, TD, inniu go gcuirfear tús le híocaíochtaí cothromaíochta faoi Scéim na Limistéar faoi Shrianta Nádúrtha (ANC) 2021.
Dúirt an tAire,
“Tá ríméad orm a bheith in ann tús a chur le híocaíochtaí cothromaíochta faoin ANC. Tugann na híocaíochtaí cothromaíochta inniu an t-iomlán a íocadh go dtí seo faoi Scéim ANC 2021 go €239 milliún a íocadh le 95,000 feirmeoir."
Dúirt an tAire leis,
“Is tacaíocht ríthábhachtach í an Scéim ANC do theaghlaigh feirme ar fud na tíre. Léiríonn an leithdháileadh €250 milliún ar an scéim ANC in 2021 tiomantas an Rialtais tacú le hioncam feirmeoirí. Tá €250 milliún daingnithe agam freisin don scéim ANC an bhliain seo chugainn mar chuid de Bhuiséad 2022, a ráthaíonn íocaíochtaí d’fheirmeoirí incháilithe."
Dúirt an tAire mar chonclúid,
“Tá níos mó ná €1.53 billiún íoctha ag mo Roinn ó Mheán Fómhair 2021 faoi Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí, ANC, GLAS, TAMS, Scéim um Fheirmeoireacht Orgánach, Scéim na bhFeirmeoirí Óga agus an Scéim Leasa Caorach. Is príomhthosaíocht do mo Roinn í próiseáil tráthúil íocaíochtaí ar fud scéimeanna."
Leanfar ag rith íocaíochtaí rialta faoi scéim ANC 2021 de réir mar a ghlantar cásanna breise le haghaidh íocaíochta. Ba cheart d’aon fheirmeoir a bhfuil fiosrúcháin gan réiteach acu ón Roinn freagra a thabhairt a luaithe is féidir d’fhonn eisiúint íocaíochtaí a éascú.