Fógraíonn An tAire McConalogue go gcuirfear tús le híocaíochtaí faoin mBeart Corpraithe Tuí 2021
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., inniu go bhfuil tús curtha le híocaíochtaí faoin mBeart Corpraithe Tuí (SIM) 2021.
Dúirt An tAire McConalogue:
“Tá an-áthas orm a dhearbhú go bhfuil íocaíochtaí á n-eisiúint anois faoin mBeart Corpraithe Tuí 2021. Tá sé cruthaithe gur scéim í an SIM go bhfuil an-tóir uirithi a thairgeann tacaíochtaí ioncaim ríthábhachtacha d’fheirmeoirí agus is gníomh dearfach don chomhshaol é freisin. Íocfar beagnach €8 milliún le thart ar 1,800 feirmeoir curaíochta. Gheobhaidh feirmeoirí a thug gealltanas tuí ó bharra arbhair (cruithneacht, coirce, eorna agus seagal) a sceannadh agus a chorprú, €250 in aghaidh an heicteáir, agus íocfar d’olashíolta ag €150 in aghaidh an heicteáir. Beidh íocaíochtaí le feiceáil i gcuntais bhainc na bhfeirmeoirí sna laethanta atá amach romhainn.”
Dúirt An tAire freisin,
“Is beart nua é seo a tugadh isteach i 2021 chun tacú le feirmeoirí curaíochta leibhéil charbóin orgánaigh na hithreach a mhéadú ar a bhfeirmeacha. Is tacaíocht thábhachtach í an beart seo chun cur le hinbhuanaitheacht fhadtéarmach na hearnála curaíochta. Sin í an chúis go bhfuair mé maoiniú breise don Bheart Corpraithe Tuí arís i 2022. Mhol mé freisin go n-áireofaí an Beart Corpraithe Tuí sa chéad CAP eile, a thosóidh i 2023 agus tá fhios agam go leanfaidh sé de bheith rathúil.
Nóta d’Eagarthóirí
Beart tacaíochta isea an Beart Corpraithe Tuí (SIM) d’fheirmeoirí Curaíochta faoi Airteagal 28 de Rialachán (AE) Uimh 1305/2013 de Pharlaimint na hEorpa agus den Chomhairle an 17 Nollaig 2013 (agra-comhshaoil-aeráide), mar chuid de Chlár Forbartha Tuaithe na hÉireann.
Maoinítear an Beart seo faoi chiste Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh (EURI).
Is í aidhm an Bhirt feirmeoirí curaíochta a spreagadh leibhéil charbóin orgánaigh na hithreach a mhéadú trí thuí ó bharra arbhair agus olashíolta a sceannadh agus a chorprú. Leithliseoidh sé seo carbón in ithreacha curaíochta, agus ar an gcaoi sin laghdófar astaíochtaí GHG. Beidh tionchar dearfach ag corprú tuí ar bhitheolaíocht ithreach agus inoibritheacht ithreach freisin. Cuirfidh sé seo tuilleadh feabhais ar inbhuanaitheacht chomhshaoil na hearnála curaíochta.
CRÍOCH