Fógraíonn an tAire McConalogue go gcuirfear tús le híocaíochtaí GLAS-Plus an tseachtain seo
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, inniu go n-eiseofar réamhíocaíochtaí breise 2021 faoin Scéim Comhshaoil Talmhaíochta Ísealcharbóin Glas (GLAS). Tosóidh na híocaíochtaí GLAS-plus an tseachtain seo ar mhéid €3.5m breise. Is ionann méid na n-íocaíochtaí GLAS agus os cionn €143 milliún arna n-eisiúint leith réamhíocaíochtaí 2021 go dtí seo.
Féadfaidh rannpháirtithe GLAS a thugann faoi ghníomhartha an-dúshlánacha cáiliú d’íocaíocht bhliantúil GLAS-plus de suas le €2,000. Tá feidhm leis seo nuair a éilíonn sócmhainní comhshaoil feirme ar an bhfeirmeoir leibhéal ard tiomantais comhshaoil a sholáthar.
Dúirt an tAire,
“Táim an-sásta go bhfuil íocaíochtaí GLAS-plus á n-eisiúint an tseachtain seo. Tugann sé seo íocaíochtaí iomlána GLAS ó cuireadh tús le scéim GLAS go dtí os cionn €1.3 billiún. Cuirfidh feirmeoirí i ngach contae in Éirinn fáilte roimh eisiúint íocaíochtaí breise agus ráta eisiúna na n-íocaíochtaí seo.
“Dúirt mé cheana gur príomhcheist do mo Roinn í a chinntiú go n-eisítear íocaíochtaí scéime le feirmeoirí chomh luath agus is féidir."
Dúirt an tAire,
“Chomh maith le híocaíochtaí a eisiúint go pras, tá áthas orm go bhfuil cinnteacht ag rannpháirtithe GLAS páirt a ghlacadh sa scéim arís an bhliain seo chugainn más mian leo déanamh amhlaidh. Tagann sé seo mar gheall ar mhaoiniú a fuair mé mar chuid de Bhuiséad 2022. Is scéim an-tábhachtach í GLAS toisc go dtacaíonn sí le hioncam teaghlaigh feirme agus go ndéanann sé sochar dearfach comhshaoil freisin. Tá sé tábhachtach an leibhéal maoinithe riachtanach a bhaint amach chun a chinntiú go ndéantar na tairbhí comhshaoil faoin scéim a sheachadadh go leanúnach."
Féadfaidh rannpháirtithe GLAS ar mian leo a gconradh GLAS a shíneadh go deireadh mhí na Nollag 2022 iarratas a dhéanamh roimh 10 Nollaig 2021 trí thairseach Agfood.ie. Cé go ndearna a bhformhór mór iarratas cheana, meabhraíonn an Roinn dóibh siúd atá fós ag smaoineamh air go gcaithfidh siad a n-iarratas a chur isteach faoin dáta deiridh sin.
Nótaí d’eagarthóirí:
Is féidir teagmháil a dhéanamh le Deasc Chabhrach GLAS ag 053 9163425.
Is féidir le feirmeoirí aon fhiosrúcháin a d’fhéadfadh a bheith acu a chur isteach trí r-phost chuig GLAS@agriculture.gov.ie.
Leanfaidh eisiúint na n-íocaíochtaí de réir mar a ghlanfar conarthaí GLAS le haghaidh íocaíochta. Ba chóir d’aon rannpháirtí GLAS a bhfuil doiciméadacht fós le tabhairt ar ais acu lena n-áirítear foirmeacha LESS nó Foirmeacha Pórtha Neamhchoiteanta nó iad siúd a ndeachaigh mo Roinn i dteagmháil leo le ceisteanna maidir lena rannpháirtíocht GLAS nó a n-iarratas BPS freagairt a luaithe is féidir d’fhonn eisiúint luath íocaíochtaí a éascú.