Fógraíonn an t-Aire McConalogue Grúpa na Mairteola agus na gCaorach de chuid Fís an Bhia
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, inniu (an 16 Meitheamh 2022) bunú Grúpa na Mairteola agus na gCaorach de chuid Fís an Bhia.
Dúirt an tAire McConalogue:
“Beidh an chéad chruinniú den Ghrúpa ar siúl inniu agus táim ag súil go mór lena chuid oibre ríthábhachtach a chur chun cinn. Chuir mé de chúram ar an nGrúpa tuarascáil tosaigh a sholáthar dom faoi dheireadh mhí Mheán Fómhair, ag leagan amach conas is féidir linn todhchaí a bheartú don earnáil sna deich mbliana atá romhainn. Beidh ról lárnach dá leithéid oibre ag an measúnú ar an gcaoi a bhfreastalaimid ar gach gné na hinbhuanaitheachat – ó thaobh an chomhshaoil, an phobail agus gheilleagair de. D’iarr mé ar dtús,ar an nGrúpa scrúdú a dhéanamh ar conas is féidir linn na hastaíochtaí a mbaineann le hearnáil na mairteola a laghdú agus plean deiridh le cur isteach faoi dheireadh mhí na Samhna. Leanfaidh an Grúpa ar aghaidh ansin chuig na gníomhaíochtaí tábhachtacha eile a chur chun cinn d'earnálacha na mairteola agus na gcaorach mar atá leagtha amach i straitéis Fís an Bhia 2030.
“Ceapadh an tOllamh Thia Hennessy ina cathaoirleach ar an nGrúpa nua a chuimseoidh ionadaithe ó heagraíochtaí na feirmeoireachta, ó thionscal próiseál na mairteola agus na huaineola, mo Roinnse agus ó na grúpaí agus na gníomhaireachtaí lena mbaineann. I bhfianaise an dea-teist a ghnóthaigh sí as a cuid smaointeoireachta géire ar chleachtais na feirmeoireachta inbhuanaithe a chur chun cinn, is mór an t-áthas a bhainim as an tOllamh Hennessy a bheith i gceannas ar an obair seo.”
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire McConalogue:
“Siad earnálacha na ndiúlairí, na mairteola agus na gcaorach againne na cinn ar thug mé tacaíocht leanúnach dóibh mar Aire agus táim cinnte go bhfuil ré spreagúil i ndán dár dteaghlaigh feirme. Tá obair ríthábhachtach le déanamh ag Grúpa na Mairteola agus na gCaorach chun an treochlár a fhorbairt dár bhfeirmeoirí.
“Tá todhchaí geal romhainn agus creidim, de réir mar a éirímid níos inbhuanaithe fós, go mbeimid ag comhlíonadh ár spriocanna na haeráide, agus ag cinntiú go gcúiteoidh an margadh ár mbia ar ardchaighdeáin a tháirgtear go hinbhuanaithe agus, go háirithe, feirmeoirí dícheallacha agus díograiseacha na hÉireann.”