Fógraíonn an tAire McConalogue gur cuireadh tús le Réamhíocaíochtaí don Scéim Leasa Caorach
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., inniu gur cuireadh tús leis na réamhíocaíochtaí faoi Bhliain 5 den Scéim Leasa Caorach.
Dúirt an tAire,
“Tá áthas orm a fhógairt go bhfuil suim iomlán beagnach €16 milliún á híoc anois le 18,000 feirmeoir atá rannpháirteach sa Scéim Leasa Caorach. Léirítear sna híocaíochtaí seo an t-athrú ar an mbliain tagartha, a mhéadaíonn an bhliain tagartha aníos go dtí an pé ceann is airde - uimhir thagartha reatha na bhfeirmeoirí nó toradh a ndaonáirimh chaorach 2017. Dóibh siúd a ghlac páirt mar iontrálaithe nua, tá an bhliain tagartha á nuashonrú go dtí an bhliain 2019.”
Dúirt an tAire freisin,
“Is fearr a léirítear san athrú ar an mbliain tagartha an leibhéal gníomhaíochta ar fheirmeacha rannpháirtithe nuair a chuirtear an t-am a sciorr uainn ó tugadh an scéim isteach in 2016. Beidh íocaíocht mhéadaithe do 11,500 feirmeoir faoin scéim mar thoradh air agus ní laghdófar íocaíocht duine ar bith mar gheall ar an athrú seo. Léiríonn síneadh na scéime isteach in 02022 agus an t-athrú ar an mbliain tagartha mo thiomantas féin agus tiomantas an Rialtais seo d’inmharthanacht fhadtéarmach ár n-earnála caorach”.
Dúirt an tAire freisin,
“Tacaíocht thábhachtach d’fheirmeoirí caorach iad na réamhíocaíochtaí seo ar ráta of 85% den íocaíocht bhliantúil iomlán i dtaobh príomhghníomhartha leasa a sholáthar agus cuireann siad borradh airgeadais ar fáil do na feirmeoirí aonair agus don gheilleagar tuaithe níos fairsinge. Eiseofar na híocaíochtaí comhardaithe don scéim sa dara ráithe in 2022.
Dúirt an tAire freisin,
“Tá áthas an domhain orm freisin gur éirigh liom cistiú a fháil sa phróiseas buiséadach le déanaí do bhliain eile den Scéim Leasa Caorach, a osclófar i bhFeabhra 2022. Faoi mar a bhí i gceist i mblianta roimhe seo, beidh an deis ag iontrálaithe nua páirt a ghlacadh sa scéim.”
Mar fhocal scoir, spreag an tAire aon fheirmeoirí a raibh aon cheisteanna acu nár réitíodh go dtí seo chun chun freagairt don Roinn láithreach d’fhonn íocaíocht a éascú.