Fógraíonn an tAire McConalogue gur faomhadh iarratais Thráinse 23 faoi TAMS II.
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., inniu go bhfuil tús á chur anois le gach iarratas cáilithe a fuarthas faoi thráinse 23 de scéim TAMS.
Agus é ag caint faoi seo, dúirt an tAire:
“Leanann TAMS de bheith ina scéim fhíor-rathúil agus fhíorthairbhiúil agus tá gliondar croí orm a dheimhniú gur faomhadh 100% de na hiarratais cháilithe a seoladh ar aghaidh faoi thráinse 23.”
Dheimhnigh an tAire McConalogue freisin gur eisíodh íocaíochtaí breis agus €326 milliún anois maidir le 24,141 iarratas ar infheistíochtaí a rinneadh ó osclaíodh TAMS II. Leanann an Roinn le €1.3 milliún, ar an meán, a íoc sa tseachtain ar infheistíochtaí TAMS II agus íocadh €1.8 milliún le hiarratasóirí an tseachtain seo.
Ag trácht dó ar na híocaíochtaí, dúirt an tAire,
“Tá an-áthas orm a thabhairt faoi deara go leantar le h íocaíochtaí seachtainiúla €1.3 million a eisiúint maidir le hinfheistíochtaí TAMS II a rinneadh. Tá gliondar croí orm gur íocamar breis agus €326 milliún le hiarratasóirí TAMS go dtí seo agus is ionann íocaíochtaí TAMS na seachtaine seo agus €1.8 milliún. Is ionann anois na híocaíochtaí iomlána a rinneadh go dtí seo in 2021 maidir le hinfheistíochtaí TAMS agus €61 milliún. Tugaimid tús áite anois do leanúint le híocaíochtaí a eisiúint d’iarratasóirí a chríochnaigh a n-oibreacha faofa agus leanfar leis na híocaíochtaí seo a eisiúint ar bhonn leanúnach”.
Spreag an tAire gach feirmeoir a chríochnaigh oibreacha faofa agus a bhfuil éilimh ar íocaíochtaí maidir le TAMS II acu nár críochnaíodh go fóill chun iad a sheoladh ar aghaidh go dtí córas ar líne na Roinne a luaithe a chríochnófar na hoibreacha chun eisiúint phras íocaíochtaí a éascú. Dúirt sé freisin,
“Mar gheall gur eisíodh breis agus 45,500 faomhadh ó seoladh é, tá mórchuid faofa ann nár críochnaíodh go fóill i measc feirmeoirí agus spreagfainn iad a n-infheistíocht fhaofa a chur i gcrích agus a n-éileamh ar íocaíocht a sheoladh ar aghaidh a luaithe agus is féidir chun eisiúint phras íocaíochtaí a éascú”.
Dúnfar an tráinse reatha de TAMS II an 14 Eanáir 2022. Osclófar Tráinse 25 an 15 Eanáir 2022.
Nóta d’Eagarthóirí:
Tá sonraí breise ar bhearta TAMS II ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne ag:
https://www.agriculture.gov.ie/farmerschemespayments/tamsII
CRÍOCH