Fógraíonn an tAire McConalogue pacáiste cúnaimh d’fheirmeoirí Shliabh an tSeasa Íocaíocht uasta
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., pacáiste cúnaimh inniu chun tacú le feirmeoirí ar imir sciorradh talún i gceantar Dhroim Caorthainn i gContae Liatroma an 28 Meitheamh 2020 tionchar ar a dtalamh.
Cuirfidh an pacáiste tacaíocht airgeadais ar fáil do na húinéirí talún siúd a raibh a dtailte talmhaíochta báite le siolta móna agus sloda mar thoradh ar an sceitheadh a raibh an sciorradh talún ina chúis leis.
Cuirfear tacaíocht ar fáil chomh maith d’fhálú agus do gheataí ar thalamh thalmhaíochta ar ar imir an sciorradh talún tionchar. Beidh feirmeoirí in ann cáiliú d’íocaíochtaí a mhéid le €20,000 an duine.
I gcás úinéirí foraoiseachta a ndearna an sciorradh talún difear di, tá cistiú á chur ar fáil chun limistéir foraoise a athbhunú a bhí thíos leis, mar chuid den phacáiste cúnaimh.
Dúirt an tAire McConalogue agus an Scéim á fógairt aige:
“Tar éis cuairt a thabhairt ar cheantar Dhroim Caorthainn i Samhain 2021, thug mé faoi deara éifeacht shuntasach an sciorrtha talún ar an gceantar áitiúil. Bhí sé thar a bheith deacair ar gach duine sa cheantar. B’eachtra fhíorthrámach é seo i measc feirmeoirí agus teaghlach sa cheantar. Tá iarracht déanta againn tacú le feirmeoirí agus le húinéirí talún atá san fhaopach uafásach seo agus gan an locht orthu. Leanfaimid ag seasamh leis na feirmeoirí a ndearnadh difear dóibh.
“D’oibrigh mé go dlúth le mo chomhghleacaí aireachta, an tAire Michael McGrath, le pacáiste tacaíochta airgeadais a sholáthar a sholáthróidh cúnamh airgeadais díreach do na feirmeoirí siúd a ndearna an sciorradh talún difear díreach dóibh.”
Mhol an tAire McConalogue an obair a rinne an grúpa oibre Idirghníomhaireachta ar a ndearna an tAire Malcolm Noonan cathaoirleacht i ndiaidh an sciorrtha talún.
Chuir an tAire Noonan fáilte roimh an nuacht gur aontaíodh le pacáiste cúitimh d’fheirmeoirí:
“B’eachtra thrámach i measc daoine go háitiúil é an sciorradh portaigh. Bhain sé de shlite maireachtála agus rinne sé díobháil thromchúiseach agus dholeasaithe éiceolaíochta. Caithfear ceachtanna a fhoghlaim óna leithéid d’eachtraí agus ba cheart go gcuirfeadh na tuairiscí a choimisiúnaímid eolas ar fáil do na tograí uile úsáide talún amach anseo ar ithreacha agus i ngnáthóga íogaire. Ba í an cheist ba phráinní úinéirí talún a chúiteamh i ngeall gur chaill siad talamh tháirgiúil agus bhí gliondar croí orm oibriú le mo chomhghleacaí, an tAire McConalogue, chun conclúid a bhaint amach maidir leis an bpacáiste seo.
“Molaim gach duine a bhí bainteach sa phróiseas seo, agus ba mhaith liom buíochas ar leith a ghabháil leis an bpobal áitiúil agus le Comhairle Contae Liatroma, a chuaigh i ngleic le formhór thionchar na heachtra uafásaí seo. Ní foláir dúinn oibriú le chéile lena chinntiú nach dtarlóidh eachtraí den saghas sin riamh arís.”
Mhol an tAire Comhairle Contae Liatroma freisin as a n-obair chun rochtain agus draenáil áitiúil a chur ar fáil athuair tar éis an sciorrtha talún.
“Ba chás fíordheacair agus fíorstrusmhar é seo ina measc siúd sa cheantar. D’oibríomar uile an-dícheallach leis an bpacáiste seo a sholáthar, agus tá súil agam go soláthróidh sé compord d’fheirmeoirí agus úinéirí talún”, a dúirt an tAire McConalogue.
Tá an Roinn ag scríobh chucu siúd ar imir an sciorradh talún tionchar orthu le sonraí faoin scéim. Tugtar an dáta deiridh chun iarratais a fháil faoin bpacáiste cúnaimh, Dé Céadaoin, an 30 Samhain 2022, ar aird iarratasóirí. Is amhlaidh seo lena chinntiú gur féidir íocaíochtaí faoin bPacáiste Cúnaimh a dhéanamh a thapúla agus is féidir.