Fógraíonn an tAire McConalogue scéim tacaíochta ag a bhfuil ciste €7 milliún do tháirgeoirí muc
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D, scéim tacaíochta shonrach inniu ag a bhfuil ciste €7 milliún do tháirgeoirí muc.
Dúirt an tAire McConalogue, freisin,
“Bhí ár bhfeirmeoirí muc an-athléimneach go deo riamh anall, ach is maith a thuigim na dúshláin atá rompu faoi láthair. Tá dúshláin gan choinne roimh theaghlaigh feirm mhuc Éireannacha faoi láthair mar gheall ar mheascán de na praghsanna ísle atá ar fheoil mhuice agus na costais fhíor-arda ionchuir, de dheasca tosca idirnáisiúnta nach bhfuil smacht acu orthu. Tá áthas orm, dá dheasca, gur cheadaigh an Rialtas mo thogra ar maidin do scéim €7 milliún chun tacaíocht éigeandála a sholáthar d’fheirmeoirí muc tráchtála. Freagairt phráinneach ghearrthéarmach í seo chun cabhrú le táirgeoirí a bheadh inmharthana, murach na cúinsí as cuimse atá i gceist faoi láthair agus a chuirfeadh an spás ar fáil coigeartú níos meántéarmaí a dhéanamh ar chomharthaí an mhargaidh. Tá áthas orm gur éirigh liom an pacáiste seo a sholáthar tar éis go ndearnadh idirchaidreamh cuimsitheach le FAÉ agus a choiste náisiúnta muc.
“Ghlac mo chomhghleacaí, an tAire Martin Heydon, le príomhról leis an scéim seo a chur i ngníomh, ní dá laghad an obair thábhachtach a rinne sé mar chathaoirleach an Chruinnithe Comhchéime Muc.”
Dúirt an tAire Stáit Martin Heydon:
“Faoi mar a luaigh an tAire McConalogue, bhí ár n-earnáil mhuc thíos le sraith fhíor-dheacair cúinsí. Rinneamar teagmháil dhlúth leis na páirtithe leasmhara go léir i gcaitheamh an ama agus leanfaimid ag oibriú go dlúth leis an tionscal le freagairt chomhordaithe a chinntiú. Cabhróidh an pacáiste atá á fhógairt inniu againn le tacú le feirmeoirí i rith na tréimhse seo."
Leag an tAire McConalogue an bhéim air go bhfuil an scéim seo mar chuid de shraith beart chun tacú leis an earnáil:
Teacht ar airgeadas
Luaigh an tAire McConalogue gur chas é féin agus an tAire Stáit Martin Heydon le déanaí leis na príomhbhainc agus an SBCI go sonrach le plé a dhéanamh ar an ngéarchéim, agus gurbh iad na príomhtheachtaireachtaí a tháinig chun cinn gur cheart d’fheirmeoirí atá thíos le deacrachtaí sreabhaidh airgid idirchaidreamh a dhéanamh leis na bainc a luaithe agus is féidir chun plé a dhéanamh ar roghanna agus go bhfuil na bainc tiomanta i gcónaí do thacú lena gcustaiméirí sa tréimhse amach romhainn. Is féidir le Scéim Iasachta Tionchair an Bhreatimeachta agus Scéim Ráthaíochta Creidmheasa COVID-19, a maoiníonn an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara an dá cheann díobh i gcomhar leis an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, a úsáid le haghaidh caipiteal oibre agus cuimsítear gnéithe iontu a chabhróidh le riachtanais reatha airgeadais feirmeoirí muc.
Cur chun Cinn
Rinne an Bord Bia a iarrachtaí a dhlúthú chun feoil mhuice Éireannach atá dearbhaithe ó thaobh cáilíochta a chur chun cinn sna margaí intíre agus easpórtála agus tá fheachtais fógraíochta thiomnaithe teilifíse, raidió agus sna meáin náisiúnta chlóite ar na bacáin i Ráithe 1 2022. Cuireann an Bord Bia dhá chlár AE ar bun ina leithdháiltear cistiú mór i dtreo gníomhaíocht um chur chun cinn feoil mhuice. Tá na cláir seo ar bun faoi láthair sa tSín, Meicsiceo, an Chóiré Theas, Vítneam agus ar na hOileáin Fhilipíneacha.
Comhairleach
Neartaigh Teagasc a thacaíochtaí tiomnaithe leanúnacha comhairleacha a chuireann sé ar fáil d’fheirmeoirí muc agus tá idirchaidreamh gníomhach á dhéanamh aige le feirmeoirí muc leis na roghanna féideartha atá ar fáil dóibh a fhiosrú.
Rannpháirteachas le páirtithe leasmhara
Cuireann an Cruinniú Comhchéime Muc, ar a ndéanann an tAire Martin Heydon, TD, cathaoirleacht, fóram ar fáil le haghaidh rannpháirteachas straitéiseach sna dúshláin agus na deiseanna atá roimh an earnáil sa tréimhse amach romhainn, agus na gníomhartha straitéiseacha, ach go háirithe, a sainaithníodh don earnáil i straitéis Fís don Bhia 2030.
Sonraí faoin scéim
Dáilfear an ciste €7 milliún trí íocaíocht bhunráta €20,000, ar a mhéid, in aghaidh an fheirmeora muc tráchtála aonair a chuireann breis agus 200 muc sa bhliain ar aghaidh lena marú. Beidh sonraí breise faoi théarmaí agus coinníollacha ar fáil go luath. Ba cheart d’iarratasóirí teagmháil a dhéanamh le pigscheme@agriculture.gov.ie láithreach chun a sonraí teagmhála a sholáthar, agus chun teacht ar eolas breise faoi conas iarratas a dhéanamh.
Nótaí don Eagarthóir:
Baineann tábhacht ollmhór leis an earnáil mhuc maidir leis an ngeilleagar tuaithe agus náisiúnta. Is í an tríú hearnáil bheostoic i ndiaidh na n-earnálacha déiríochta agus mairteola. Is ionann é agus 6.3% de luach aschuir na hearnála agraibhia agus ghin sí easpórtálacha ar luach €930 milliún in 2021. Tacaíonn an earnáil le thart ar 8,000 post.
CRÍOCH