Fógraíonn an tAire McConalogue síneadh le conarthaí CGSM don bhliain 2022
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Thug an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., sonraí breise inniu faoi conas is féidir le feirmeoirí ar rannpháirtithe iad i gClár Géanómaíochta agus Sonraí Mairteola 2021 Clár Géanómaíochta agus Sonraí Mairteola (CGSM) leanúint de bheith páirteach in CGSM don bhliain 2022.
Ag trácht dó ar a ráiteas tar éis Bhuiséad 2022 faoi leanúint de scéimeanna ríthábhachtacha feirme a chur ar fáil, dúirt an tAire,
“Táim tiomanta do thacú leis an earnáil laonna diúil mar gheall go mbaineann ríthábhacht leis maidir leis an rath trí chéile a bheidh ar ár dtionscal agraibhia. Bhí gliondar croí orm a bheith in ann cistiú a fháil i mBuiséad 2022, lena chinntiú go bhféadfaimis leanúint de scéimeanna ríthábhachtacha feirme a chur ar fáil, cosúil leis an CGSM.”
“D’eisigh mo Roinn litreacha d’fheirmeoirí ar rannpháirtithe iad i scéim idirthréimhseacha CGSM 2021, a chuireann ar an eolas iad ar an rogha atá ar fáil chun conarthaí a shíneadh níos mó ar feadh tréimhse bhreise bhliana isteach in 2022. Cuireadh tús leis an bpróiseas iarratais an 18 Samhain agus fanfaidh sé ar oscailt a fhaide le 5pm an 20 Nollaig 2021.
“Rinne mo Roinn iarracht an próiseas le rannpháirtíocht a shíneadh a dhéanamh chomh neamhchasta agus is féidir, agus tá dhá rogha ar fáil chun iarratais a sheoladh ar aghaidh.
• Is féidir an t-iarratas chun síneadh a dhéanamh a sheoladh ar aghaidh trí logáil ar agfood.ie, a cuireadh i bhfeidhm Déardaoin, an 18 Samhain 2021. Is féidir leis an rannpháirtí féin nó gníomhaire údaraithe a ghníomhóidh thar a c(h)eann an t-iarratas a sheoladh ar aghaidh a fhaide le 5pm an 20 Nollaig 2021.
NÓ
• Trí theachtaireacht téacs – mura ndéanann rannpháirtí reatha san CGSM 2021 nó gníomhaire a oibríonn thar a c(h)eann iarratas ar agfood.ie roimh Dé Céadaoin, an 8 Nollaig 2021, gheobhaidh an rannpháirtí, má tá siad cláraithe le teachtaireachtaí téacs a fháil ó mo Roinn, teachtaireachtaí téacs Dé hAoine, an 10 Nollaig 2021, a fhiafróidh díobh an mian leo a rannpháirtíocht san CGSM a shíneadh le bliain amháin.
Is iad na roghanna atá ar fáil le freagra a thabhairt ‘DAFM Y’ (a chuireann in iúl ‘Yes’, is mian liom mo chonradh CGSM a shíneadh isteach in 2022) nó ‘DAFM N’ (a chuireann in iúl ‘No’, ní mian liom mo chonradh CGSM a shíneadh isteach in 2022). Tabharfar seachtó a dó (72) uair an chloig don rannpháirtí nó don ghníomhaire ón uair a sheoltar an teachtaireacht téacs (SMS) nach mór dóibh freagra a thabhairt laistigh de. Eiseofar teachtaireacht téacs deimhnithe mar fhreagairt má d’éirigh leis an Roinn freagairt a fháil.
Tabhair faoi deara, le do thoil, má thugtar an freagra ‘DAFM Y’, go nglacann rannpháirtithe le Téarmaí agus Coinníollacha nuashonraithe (‘Tanna agus Canna’) na scéime, a bhfuil cóip iomlán díobh ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne. Eiseofar teachtaireacht téacs bhreise Dé Máirt, an 14 Nollaig 2010 dóibh siúd nár thug freagra go fóill agus seolfar teachtaireacht téacs eile ina dhiaidh sin Dé hAoine, an 17 Nollaig 2021. Is é an spriocdháta chun na hiarratais go léir a sheoladh ar aghaidh 5pm Dé Luain, an 20 Nollaig 2021.
Má bhíonn aon cheisteanna maidir le hiarratais a sheoladh ar aghaidh, déan teagmháil, le do thoil, le 0761 064423 nó beefschemes@agriculture.gov.ie”
Spreag an tAire, mar fhocal scoir, gach rannpháirtí in CGSM 2021 a chinntiú go ndéanann siad iarratas cibé acu ar líne trí agfood nó freagra a thabhairt tríd an tSeirbhís Gearrtheachtaireachtaí a bhfuil siad cláraithe leis le teachtaireachtaí téacs a fháil ón Roinn.
“Is é 2022 an bhliain dheireanach den CGSM sula gcuirfear tús leis an Scéim Éifeachtúlachta Carbón Laonna Diúil in 2023, mar chuid den chéad CBT eile. Gheobhaidh rannpháirtithe €150 do na chéad 10 mba agus €120 ar gach ba eile ina dhiaidh sin faoin scéim seo.”