Fógraíonn McConalogue aitheantas do Chumann Náisiúnta Iascairí Cois Cladaigh (NIFA) mar Eagraíocht Táirgeoirí Bia Mara
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., aitheantas inniu do Chumann Náisiúnta Iascairí Cois Cladaigh (NIFA) mar Eagraíocht Táirgeoirí an AE.
Ag fógairt aitheantas an NIFA mar Eagraíocht Táirgeoirí, dúirt an tAire McConalogue,
“Inár gClár don Rialtas, gheallamar tacaíocht a thabhairt don chabhlach iascaigh cois cladaigh chun cumas margaíochta agus chur chun cinn níos fearr a ghiniúint trí bhunú Eagraíocht Táirgeoirí a éascú do na hárthaí iascaireachta beaga seo, rud a chuireann deiseanna breise ar fáil do na pobail oileánda agus cósta atá bainteach leis an earnáil cois cladaigh.
I 2021, d’aithin mo Roinn Eagraíocht Acmhainní Muirí Oileáin na hÉireann (IIMRO) mar Eagraíocht Táirgeoirí a dhíríonn ar ár n-oileáin amach ón gcósta. Tá an-áthas orm a fhógairt go bhfuil an próiseas tugtha chun críche ag mo Roinn anois chun aitheantas foirmiúil a thabhairt do Chumann Náisiúnta Iascairí Cois Cladaigh (NIFA) mar eagraíocht táirgeoirí Bia Mara de chuid an AE. Is cuid ríthábhachtach dár ngeilleagair agus dár bpobail chósta í an earnáil iascaireachta cois cladaigh agus táim tiomanta tacú leis an earnáil seo agus lenár dteaghlaigh iascaireachta cois cladaigh.”
Is comhlachtaí atá aitheanta go hoifigiúil iad eagraíochtaí Táirgeoirí Bia Mara, arna mbunú ag grúpaí de tháirgeoirí iascaigh nó dobharshaothraithe chun gníomhaíocht a mball a bhainistiú.
Féadfaidh eagraíochtaí táigeoirí ról tábhachtach a bheith acu sa mhargadh, chun feabhas a chur leis na coinníollacha faoina gcuirtear táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a mball ar an margadh, chun torthaí eacnamaíochta a fheabhsú dá mbaill, chun an margadh a chobhsú, chun gabhálacha nach bhfuil ag teastáil a sheachaint agus a laghdú a mhéid is féidir, chun cuidiú le deireadh a chur le hiascaireacht mhídhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialaithe agus gníomhaíochtaí a mball príomhtháirgeoirí a chomhordú go ginearálta.
Forálann Rialachán 1379/2013 maidir le Comheagraíocht an Mhargaidh do Tháirgí Iascaireachta agus Dobharshaothraithe (Rialachán CEM) creat dlíthiúil AE chun Eagraíochtaí Táirgeoirí Bia Mara a aithint. Ní mór do ghrúpa iarratas a dhéanamh ar aitheantas mar Eagraíocht Táirgeoirí chuig an údarás inniúil náisiúnta ábhartha. Tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara aitheanta don ról mar údarás inniúil náisiúnta chun críche an rialacháin seo.
Le haghaidh tuilleadh sonraí, féach le do thoil CMO & Producer Organisations.