Fógraíonn McConalogue Grúpa Athbhreithnithe an Chomhbheartais Iascaigh
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., inniu gur bunaíodh Grúpa Athbhreithnithe Beartais an Chomhbheartais Iascaigh, ar a ndéanann an tUasal John Malone, iar-Ard-Rúnaí na Roinne Talmhaíochta cathaoirleacht. Cabhróidh coiste stiúrtha leis an Uasal Malone ina bhfuil an tUasal Mícheál Ó Cinnéide, iar-Stiúrthóir Fhoras na Mara agus na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil agus an tUasal Donal Maguire, iar-Stiúrthóir BIM.
Is éard a bhainfidh leis an nGrúpa ná ionadaithe páirtithe leasmhara, Eagraíochtaí Táirgeoirí, an Fóram Náisiúnta Iascaigh Cladaigh, an tionscal Dobharshaothraithe, Comharchumainn, agus an tionscal próiseála Bia Mara. Áireofar leis ionadaithe d’eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil. Is é a chuspóir scrúdú a dhéanamh ar na saincheisteanna a thagann chun solais d’Éirinn i gcomhthéacs an Athbhreithnithe ar an gComhbheartas Iascaigh (an CBI), comhairle a chur ar an Aire maidir le tosaíochtaí don idirbheartaíocht agus na straitéisí a shainaithint is dóchúla a imreoidh tionchar ar thoradh an athbhreithnithe.
Iarrfaidh an tAire ar an nGrúpa, agus a mholtaí á ndéanamh aige maidir leis an Athbhreithniú ar an CBI, díriú ar thacú le sláinte shóisialta agus gheilleagrach ár bpobal cósta a bhraitheann ar iascaigh, forbairt gheilleagrach inár n-earnáil bhia mhara, inbhuanaitheacht fhadtéarmach na stoc éisc agus cosaint gnáthóg agus na timpeallachta muirí a uasmhéadú.
Dúirt an tAire McConalaogue:
“Beartaím anois cuireadh a thabhairt d’fhóram príomhpháirtithe leasmhara tuarascáil a chur le chéile le heolas a sholáthar do shuíomh na hÉireann i gcaitheamh an athbhreithnithe ar an CBI. Beidh an fóram seo in ann leas a bhaint as an saineolas i mo Roinn féin, Foras na Mara agus BIM, leis an tacaíocht riachtanach bheartais, eolaíochta agus theicniúil a sholáthar. Táim an-sásta gur chomhaontaigh John Malone le cathaoirleacht a dhéanamh ar an ngrúpa seo agus tabharfaidh Mícheál Ó Cinnéide agus Donal Maguire tacaíocht gan stró ar fáil dó ar an gCoiste Stiúrtha. D’iarr mé ar BIM an Rúnaíocht a sholáthar don Ghrúpa agus le hidirchaidreamh a dhéanamh le Michael Keatinge, Leas-POF BIM ar scor agus saineolaí in anailís ar iascaigh, chun gníomhú mar rapóirtéir agus tuarascáil an Ghrúpa á dréachtú.”
Mhínigh an tAire McConalogue
“Tháinig dúshláin roimh an earnáil bhia mara le déanaí, agus ba é an Breatimeacht ba mhó ba chúis leis leo. Dhírigh obair an Tascfhórsa Bia Mara – Athrú a Stiúradh (Navigating Change) - atá dírithe ar impleachtaí an Bhreatimeachta agus 16 scéim tacaíochta ar leith a mholtar ar chostas iomlán measta €423 milliún. Tá cur i bhfeidhm na moltaí siúd á gcur chun cinn agam ar bhealach struchtúrach. Cuireadh scéim dheonach ceangail éisc ghil i bhfeidhm cheana féin agus tá Scéim Coigeartaithe don Bhreatimeacht don earnáil iascaigh cladaigh ar bun freisin agus tá scéimeanna eile á gcur i gcrích. Shainaithin Tuarascáil an Tascfhórsa deiseanna freisin le cabhrú leis an ualach éagothrom atá á roinnt i gcomhaontú an AE/an RA, a raibh ualach éagothrom agus éagórach aistrithe cuóta éisc go dtí an RA á iompar ag Éirinn dá bharr. Tá gach deis á fiosrú agam ar leibhéal an AE le dul i ngleic leis na saincheisteanna. Is tráthúil anois díriú ar Chomhbheartas Iascaigh an AE agus le cás agus tosaíochtaí na hÉireann a ullmhú don athbhreithniú a dhéanfar ar an AE, le cúnamh ón nGrúpa Athbhreithnithe seo.”
Foráiltear i Rialachán an Chomhbheartais Iascaigh (RCB) (Rialachán AE 380/2013) go dtuairisceoidh an Coimisiún Eorpach le Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar fheidhmiú an CBI faoi dheireadh 2022. Sheol an Coimisiún Eorpach ceistneoir ar líne mar chuid dá chomhairliúchán poiblí ar ullmhú na tuarascála seo. Luaigh an Coimisiún go mbeartaíonn sé a phróiseas comhairliúcháin a dhúnadh le himeacht páirtithe leasmhara roimh shamhradh 2022. D’iarr an tAire ar an nGrúpa Athbhreithnithe a obair a chríochnú faoi Mheitheamh lena chinntiú go leagtar amach tosaíochtaí na hÉireann go soiléir agus go ndéantar iad a ionchur isteach i bpróiseas foirmiúil an Choimisiúin. Dúirt an tAire go bhfuil cuirí á n-eisiúint aige do na heagraíochtaí ábhartha Páirtithe Leasmhara d’ainmniúcháin leis an nGrúpa agus go bhfuil aige go dtosóidh an Grúpa an obair a luaithe a bhíonn na hainmniúcháin go léir leis an nGrúpa i bhfeidhm.
Nóta d’Eagarthóirí:
Ballraíocht, téarmaí tagartha an Ghrúpa ar Athbhreithniú an Chomhbheartais Iascaigh
Cathaoirleach - John Malone; Group Stiúrtha- Mícheál Ó Cinnéide, Donal Maguire; Rapóirtéir – Mícheál Keatinge
Comhaltaí an Ghrúpa:
Ionadaithe Iascaireachta agus Dobharshaothraithe - Ionadaí amháin ó:
Eagraíocht Táirgeoirí Éisc Dheisceart agus Oirthear na hÉireann; Eagraíocht Táirgeoirí Éisc Dheisceart agus Iarthar na hÉireann; Eagraíocht Iascairí na gCealla Beaga; Eagraíocht Táirgeoirí Éisc na hÉireann; Eagraíocht Acmhainní Muirí Oileáin na hÉireann; an Fóram Náisiúnta Iascaigh Chladaigh; Cumann Próiseálaithe agus Easpórtálaithe Éisc na hÉireann; Dobharshaothrú FAÉ.
Comharchumainn: 2 ionadaí
Eagraíochtaí Neamhrialtasacha Comhshaoil: 2 ionadaí
Téarmaí tagartha
Is é cuspóir an Ghrúpa Athbhreithnithe scrúdú a dhéanamh ar shaincheisteanna a thagann chun solais d’Éirinn san athbhreithniú ar an gComhbheartas Iascaigh, comhairle a chur ar an Aire maidir le tosaíochtaí don idirbheartaíocht; agus straitéisí a shainaithint is mó is dóchúla a bhainfidh athrú amach. Cuirfidh an Grúpa comhairle ar fáil freisin maidir leis na deiseanna a chur chun cinn, laistigh den athbhreithniú ar an CBI, a sainaithníodh i dtuarascáil an Tascfhórsa Bia Mara – Athrú a Stiúradh le paireacht na scaire den chuóta a bhaint amach arís eile tar éis chomhaontú an AE/an RA ina n-iompraíonn Éire ualach éagothrom agus éagórach d’aistrithe cuóta éisc an AE go dtí an RA.
Cabhróidh saineolaithe ón Roinn agus ó Fhoras na Mara agus BIM leis an nGrúpa leis an mbeartas, comhairle agus tacaíocht eolaíochta agus theicniúil riachtanach a sholáthar.
Iarrann an tAire ar an nGrúpa moltaí a dhéanamh a bhaineann leis an Athbhreithniú ar an gComhbheartas Iascaigh a thacaíonn le sláinte shóisialta agus gheilleagrach ár bpobal a bhraitheann bhraitheann ar iascaigh, forbairt gheilleagrach inár n-earnáil bhia mhara, agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach stoic éisc á soláthar agus cosaint gnáthóg agus na timpeallachta muirí á uasmhéadú i gcomhthráth.
CRÍOCH