Fógraíonn McConalogue scéim Ghrúpa Áitiúil Gníomhaíochta Iascaigh an Bhreatimeachta €25m chun gníomhaíocht fiontraíochta agus éagsúlú a chur chun cinn i bPobail Chósta
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue TD chun aitheasc oscailte a thabhairt ag Skipper Expo ‘22 i Luimneach inniu. Is é Skipper Expo ‘22 príomhthaispeántas iascaigh na hÉireann a mheallann líon mór taispeántóirí agus cuairteoirí ó gach cearn den domhan. Ag labhairt dó roimh an oscailt, d'fhógair an tAire McConalogue scéim nua um maolú ar an mBreatimeacht chun an Geilleagar Gorm a chur chun cinn agus chun í a sheachadadh trí na seacht nGrúpa Áitiúil Gníomhaíochta Iascaigh (FLAG). Comhlíonann an scéim moladh ón Report of the Seafood Task Force – Navigating Change. (Deireadh Fómhair 2021).
Ag fógairt na Scéime dó, dúirt an tAire McConalogue:
“Tá áthas orm cur i bhfeidhm molta eile ón Tascfhórsa um Bia Mara a fhógairt inniu, a ceapadh chun cabhrú le pobail chósta tionchair an Bhreatimeachta a shárú agus a ngeilleagair áitiúla a fhás agus a éagsúlú trí fhás an Gheilleagair Ghoirm i gcoitinne a chur chun cinn. Beidh buiséad €25 milliún ag Scéim Forbartha Fiontraíochta Breatimeachta don Gheilleagar Gorm do na blianta 2022 agus 2023, arna maoiniú faoi Chúlchiste Coigeartaithe an AE don Bhreatimeacht. Cuirfidh an scéim deontais suas le €200,000 ar fáil do thionscnaimh fiontraíochta ag micrifhiontair agus fiontair bheaga atá ag feidhmiú sa Gheilleagar Gorm, laistigh de 10 gciliméadar de shainchúram cósta na seacht nGrúpa Forbartha Pobail Áitiúil. Cuirfidh gníomhaíocht fiontraíochta a spreagadh sa gheilleagar gorm spreagadh i ndiaidh an Bhreatimeachta ar fáil do gheilleagair ár bpobail chósta. Tacóidh an scéim le tionscadail infheistíochta caipitil agus meantóireacht ghnó agus forbairt acmhainne ag fiontair atá ag gabháil don Gheilleagar Gorm agus freisin uas-sciliú agus oiliúint chun tacú le daoine aonair cur leis na scileanna agus leis an eolas atá acu cheana féin chun scileanna comhlántacha nua a fhorbairt a chuirfidh ar a gcumas leas a bhaint as deiseanna eacnamaíocha sa gheilleagar gorm”.
Dúirt an tAire McConalogue freisin:
“Tá áthas orm freisin a fhógairt go bhfuil moladh breise ón Tascfhórsa Bia Mara, Scéim Margaíochta Chladaigh an Bhreatimeachta, á chur i bhfeidhm, atá deartha chun cabhrú leis an earnáil iascaigh cladaigh tionchar an Bhreatimeachta a mhaolú trí luach a mhéadú sna margaí atá ann cheana féin agus margaí nua. Mar chuid den scéim seo, tá plean margaíochta Bhord Bia le haghaidh 2022 faofa agam do tháirgí iascaigh chladaigh agus díreoidh sé seo ar thacú le díolacháin agus cur chun cinn speiceas cladaigh amhail portán, gliomach, cuachma, scadán/ronnach cois cladaigh agus colmóir agus mangach ar mhargaí intíre agus onnmhairithe araon. D'fhorbair Bord Bia an plean i gcomhairle le páirtithe leasmhara tionscail agus leis na príomh-onnmhaireoirí agus príomhphróiseálaithe cois cladaigh. Beidh buiséad €615,000 ag an bplean margaíochta 2022”.
Scrúdófar leanúint leis an dá scéim i ndiaidh 2023 mar chuid d'fhorbairt an Chláir Forbartha Bia Mara atá le teacht, mar a mhol an Tascfhórsa.
CRÍOCH
Nótaí d'Eagarthóirí
I mí an Mhárta 2021, bhunaigh an tAire McConalogue Tascfhórsa na hEarnála Bia Mara chun scrúdú a dhéanamh ar na himpleachtaí do thionscal iascaireachta na hÉireann agus do phobail chósta atá ag brath go háirithe air mar gheall ar Chomhaontú Trádála agus Comhair an Bhreatimeachta, a comhaontaíodh idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe. Cuireadh de chúram ar an Tascfhórsa, faoi chathaoirleacht Aiden Cotter, tionscnaimh a mholadh a d'fhéadfaí a ghlacadh chun tacaíochtaí a chur ar fáil d'fhorbairt agus d'athstruchtúrú, chun flít iascaireachta inbhuanaithe agus brabúsach a chinntiú agus chun deiseanna a aithint do phoist agus do ghníomhaíocht eacnamaíoch i bpobail chósta atá ag brath ar iascaireacht.
Fuair an tAire McConalogue Report of the Seafood Task Force – Navigating Change an 11 Deireadh Fómhair 2021. Mhol an tuarascáil 16 scéim tacaíochta ar chostas measta iomlán de €423 milliún. Tá scrúdú práinneach á dhéanamh ar na moltaí seo ó pháirtithe leasmhara ar fud an Rialtais, go háirithe maidir leis na cistí atá ar fáil, incháilitheacht na mbeart molta le haghaidh cistithe faoi Chúlchiste Coigeartaithe Breatimeachta an AE agus maidir le rialacha Cúnaimh Stáit agus an Cód Caiteachais Phoiblí. Tá an próiseas seo go maith chun cinn.
Moladh ón Tascfhórsa maidir leis an scéim FLAG
Dúradh in Alt 16.11 de thuarascáil an Tascfhórsa: “Molann an Tascfhórsa go gcuirfí maoiniú suntasach ar fáil chun tacú le pobail atá ag brath ar iascaigh agus dobharshaothrú a bhfuil tionchar ag an mBreatimeacht orthu. Díreoidh an maoiniú ar thionscnaimh fiontraíochta chun forbairt gheilleagrach fíor a chur chun cinn, rud a chuirfidh ar chumas oibreoirí agus a bpobal athstruchtúrú, athchumrú, athoiliúint agus éagsúlú a dhéanamh tar éis an Bhreatimeachta. Tá maoiniú €35 milliún beartaithe chun tacú leis na tionscnaimh agus tiocfaidh sé ó BAR agus ón EMFAF araon agus beidh BAR ar fáil le hinfheistiú láithreach mar gheall ar na spriocdhátaí atá leagtha síos ón bhfoinse sin. Tá €10 milliún breise beartaithe chun tacú le tionscnaimh CLLD a bhfuil ceangal díreach acu agus baint acu le hearnáil an iascaigh chladaigh”.
Cúlra thionscnamh FLAG
Bunaithe in 2013, tugann tionscnamh FLAG cumhacht do phobail chósta straitéis forbartha áitiúil a bhunú dá réigiún agus tionscadail a roghnú le haghaidh maoinithe is fearr a chuireann le baint amach na straitéise sin. Tá ionadaithe pobail sna FLAGanna, go háirithe ionadaithe ó earnálacha an bhia mhara agus na mara, agus ó ghníomhaithe áitiúla eile. Díríonn na Grúpaí Áitiúla Gníomhaíochta Iascaigh go sonrach ar mhaoiniú forbartha d'iascaigh agus do dhobharshaothrú laistigh de 10km den fharraige timpeall an chósta ar fad. Tá struchtúr ar marthain faoi láthair ag na seacht FLAG faoi Chlár Chiste Eorpach Iascaigh Mhuirí na hÉireann, agus tá straitéis reatha ag gach bord FLAG atá dírithe ar CLLD ina gceantair ar leith. Ceadaíonn na straitéisí agus na struchtúir reatha seo scéim Cúlchiste Coigeartaithe Breatimeachta (BAR) spriocdhírithe a chur i bhfeidhm.
Scéim Forbartha Fiontraíochta Breatimeachta maidir leis an nGeilleagar Gorm
Chun críocha na scéime, ciallaíonn an Geilleagar Gorm tionscail agus earnálacha atá gaolmhar leis na haigéin, na farraigí agus na cóstaí, cibé acu a bhfuil siad bunaithe go díreach sa mhuirthimpeallacht nó ar thalamh. Ní mór d'iarratais a bheith i gceann de na hearnálacha seo a leanas den gheilleagar gorm:
• Gníomhaíochtaí Beaga Neamhthtáchtála Cuain/Cé
• Tógáil agus Deisiú Bád
• Turasóireacht Chósta
• Fóillíochta agus Spóirt Mara
• Bia Mara
• Tionscnaimh Fuinnimh In-athnuaite a thacaíonn leis an nGeilleagar Gorm
Cuimseoidh an scéim trí chineál tionscadail:
1. Infheistíocht Chaipitiúil
Tionscadail infheistíochta caipitil ó eintitis atá ag feidhmiú sa gheilleagar gorm nó atá ag iarraidh dul isteach ann agus a chuireann tionscnaimh fiontraíochta chun cinn amhail breisluach nó méadú a chur le deiseanna fostaíochta i limistéir chósta. Tacaíocht uasta €200,000, faoi réir rialacha de minimis nuair is infheidhme. Ráta tacaíochta 50%.
2. Meantóireacht Ghnó agus Forbairt Acmhainní
Rannpháirtíocht i meantóireacht ghnó aitheanta agus i bhforbairt acmhainne nó i gcóitseáil aitheanta ag BIM nó ag Oifigí Fiontair Áitiúla, le huaschostais incháilithe €10,000 nó 50% den chostas, cibé acu is ísle.
3. Uasoiliúint agus Oiliúint
50% de na costais a bhaineann le hoiliúint fhoirmiúil chreidiúnaithe a chuirfidh ar chumas rannpháirtithe fostaíocht a lorg, breisoiliúint a fháil nó gairm a fhorbairt sa gheilleagar gorm. Tabharfar tosaíocht do mhaoiniú d'iar-chriú, iar-scipéirí agus iar-úinéirí na soithí iascaireachta díchoimisiúnaithe.
D'fhéadfadh tionscadail ó iascairí mionscála cósta cáiliú le haghaidh tacaíochta suas le 80%.
Cinnteoidh boird FLAG go dtabharfar tús áite do 20% dá mbuiséad scéime i dtreo tionscadal a bhfuil baint dhíreach acu leis an earnáil iascaigh cois cladaigh agus a bhfuil baint acu léi.
D'fhéadfadh cáilíocht le haghaidh tacaíocht deontais a bheith faoi réir rialacha de minimis. Beidh ar iarratasóirí sonraí a sholáthar faoin gcabhair de minimis a fuarthas roimhe seo.
Ní bheidh tionscadail a faomhadh le haghaidh tacaíochta deontais don chaiteachas céanna faoi dheontas ó BIM nó trí dheontas ó Ghníomhaireacht Stáit eile incháilithe le haghaidh tacaíochta. Ní cháileoidh tionscadail atá incháilithe do mhaoiniú faoi Scéim BIM oscailte eile ach oiread.
Feidhmeoidh Scéim Forbartha Fiontraíochta Breatimeachta don Gheilleagar Gorm faoi Rialachán ginearálta De Minimis (1407/2013) agus faoi Rialachán de minimis an iascaigh (717/2014) agus faoi Rialachán Blocdhíolúine an Iascaigh (1388/2014).
Beidh tuilleadh sonraí faoin Scéim ar fáil ó https://bim.ie/fisheries/funding/
CRÍOCH