Fógraíonn na hAirí McConalogue agus Hackett an oscailt de Staidéar píolótach ar an gComhshaol Feirme de luach €5m
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue T.D., agus ag an Aire Stáit a bhfuil freagracht uirthi as Úsáid Talún agus Bithéagsúlacht, Seanadóir Pippa Hackett go bhfuil an Staidéar Píolótach ar an gComhshaol Feirme (FES) oscailte anois le haghaidh iarratas.
Tríd an Staidéar Píolótach ar an gComhshaol Feirme de luach €5m, tabharfar deis luachmhar d’fheirmeoirí níos mó a fhoghlaim faoi ghnáthóga talamh feirme agus do na gnáthóga agus an bhithéagsúlacht a choimeádtar ar a gcuid talún a thaifeadadh, a mhapáil agus a mheasúnú. Beidh deis ag feirmeoirí tuiscint a fháil ar an luach a chuireann an dúlra ar fáil ar a bhfeirm. Oibreoidh na suirbhéanna ar ghnáthóga feirme chun creat a bhunú chun bunachar sonraí de shonraí bonnlíne gnáthóige agus bithéagsúlachta a ghiniúint agus bonnlíne chun díriú ar bheartas, scéimeanna agus bearta agra-chomhshaoil sa todhchaí.
Ní mór iarratais a chur isteach trí thairseach iarratais ar líne na Roinne www.agfood.ie. . Tá an conradh bronnta ar Chumann na gComhairleoirí Talmhaíochta (ACA) chun oiliúint a chur ar chomhairleoirí feirme maidir le suirbhéireacht agus mapáil FES. Beidh siad freagrach as thart ar 6,000 suirbhé ar ghnáthóga feirme a bhainistiú agus a chur i bhfeidhm. Cuirfidh Comhairleoir Feirme oilte gach suirbhé ar ghnáthóg feirme agus bithéagsúlacht i gcrích le rannpháirtíocht an fheirmeora rannpháirteach. Tabharfaidh an leibhéal nua sonraí bithéagsúlachta seo feasacht níos fearr d’fheirmeoirí rannpháirteacha ar an acmhainneacht bhithéagsúlachta ar a gcuid tailte.
Beidh FES ar oscailt d’fheirmeoirí ar fud na tíre agus tá liosta iomlán na gcritéar incháilitheachta le fáil i dTéarmaí agus Coinníollacha FES. Is infheistíocht thábhachtach nuálaíoch de €5m don bhithéagsúlacht é an FES, arna mhaoiniú mar chuid d’idirthréimhse an Chomhbheartais Talmhaíochta (CBT).
Ag oscailt an Bhirt, dúirt an tAire McConalogue,
“Tá lúcháir orm an beart fíorthábhachtach seo de luach €5m a oscailt a bheidh ina chéim shuntasach chun cur lenár n-eolas agus ár dtuiscint ar bhithéagsúlacht ar fheirmeacha mar aon le saibhreas sonraí eolaíocha. Is beart spreagúil é seo agus creidim go bhfuil sé mar bhunchloch le haghaidh acmhainneacht úrnua neamhshaothraithe do thalmhaíocht na hÉireann. Tá sé ríthábhachtach amach anseo go mbeadh eolas bonnlíne againn ar na hacmhainní bithéagsúlachta atá againn ar ár bhfeirmeacha. Chun dul i ngleic le dúshláin na todhchaí, ní mór dúinn ar dtús a bheith ar an eolas faoi acmhainneacht an lae inniu agus tá an FES lárnach don ré nua seo atá romhainn. Cuirim fáilte roimh an gcomhoibriú idir mo Roinnse agus Cumann na gComhairleoirí Talmhaíochta (ACA) ar an obair atá déanta go dtí seo. Guím séasúr rathúil agus torthúil suirbhéireachta ar an ACA agus ar a chomhairleoirí feirme thar míonna an tsamhraidh.”
Chuir an tAire Stáit, Pippa Hackett fáilte roimh oscailt FES freisin. Dúirt an tAire Hackett
“Is deis luachmhar é oscailt an Staidéir ar an gComhshaol Feirme chun bunachar sonraí a bhunú a bhfuil géarghá leis maidir le heolas bithéagsúlachta ar thalamh feirme. Ligfidh an FES d’fheirmeoirí dul i dteagmháil le comhairleoirí feirme chun tuiscint níos fearr a fháil ar ghnáthóga agus luach bithéagsúlachta a gcuid talún féin, agus chun a mbainistíocht feirme a oiriúnú dá réir. Mholfainn go láidir d’fheirmeoir ar bith a bhfuil suim aige san fheirmeoireacht agus a bhfuil an dúlra ar intinn aige páirt a ghlacadh ann.”
Ba cheart d’fheirmeoirí ar mian leo iarratas a dhéanamh ar an Staidéar ar an gComhshaol Feirme iarratas a dhéanamh tríd www.agfood.ie faoin dáta deiridh den 27 Bealtaine 2022.
Cuirfidh an beart píolótach FES fardal ar fáil don fheirmeoir de ghnáthóga, de bhithéagsúlacht agus de fhaisnéis chomhshaoil eile maidir lena f(h)eirm féin. Cuirfear an t-eolas seo i láthair an fheirmeora mar chuid den eilimint aistrithe eolais chun oideachas a chur ar an bhfeirmeoir agus é a chumasú chun feirmeoireacht a dhéanamh ar bhealach atá íogair don dúlra ar a fheirm aonair. Mar aitheantas ar a gcuid ama, gheobhaidh an feirmeoir rannpháirteach €200 tar éis don chomhairleoir a gcuid torthaí FES a uaslódáil go rathúil.
Beidh uasoiliúint de chomhairleoirí feirme ina phríomhghné de sholáthar FES. Leis an gclár oiliúna comhshaoil do chomhairleoirí, cinnteofar go dtógfar acmhainn don leibhéal níos airde d’uaillmhian comhshaoil a theastaíonn i scéimeanna agra-chomhshaoil eile. Gheobhaidh comhairleoirí oiliúint maidir le gnáthóga agus bithéagsúlacht chomh maith le scileanna TF agus mapála nuashonraithe a bheidh inaistrithe chuig scéimeanna eile.
Cuirfidh an FES Píolótach tús leis an bpróiseas chun bunachar sonraí bonnlíne gnáthóige agus bithéagsúlachta feirme a thógáil agus beidh sé mar bhonn eolais do chur i bhfeidhm náisiúnta FES amach anseo. Cabhróidh na paraiméadair chomhshaoil arna measúnú faoi FES le díriú ar chleachtais/bearta bainistíochta agus comhairle chun tacú le beartas náisiúnta agus AE amhail an Comhbheartas Talmhaíochta (CBT), Plean Gnímh don Aeráid, Feirm go Forc, an Chreat-Treoir Uisce & an Treoir um Níotráití, chomh maith leis an Straitéis Bhithéagsúlachta.
Déanfaidh Cumann na gComhairleoirí Talmhaíochta (ACA) i gcomhar leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara an FES Píolótach a bhainistiú agus a sheachadadh.
Riarfaidh an Roinn an próiseas iarratais d’fheirmeoirí agus na ceanglais Rangaithe agus Roghnúcháin don chlár píolótach tríd an acmhainn ar líne AgFood.ie. Déanfaidh an ACA comhordú agus bainistiú ar oiliúint na gcomhairleoirí agus déanfaidh sé maoirseacht ar na próisis um shuirbhé allamuigh agus tiomsú sonraí.
Cuirfear tús le Suirbhéanna Feirme go déanach sa dara ráithe de 2022. Tar éis suirbhéanna a thabhairt chun críche agus tiomsú sonraí a bheith curtha i gcrích, táthar ag súil go gcuirfear torthaí agus aschuir an tsuirbhé phíolótaigh i láthair na Roinne i Ráithe 4 de 2022.