Fógraíonn na hAirí Stáit Martin Heydon agus Pippa Hackett rannpháirtíocht na hÉireann i líonra nua taighde agra-bhithéagsúlachta na hEorpa
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair Martin Heydon TD, an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, a bhfuil freagracht speisialta air as taighde agus nuálaíocht, agus an Seanadóir Pippa Hackett, an tAire Stáit a bhfuil freagracht speisialta uirthi as bithéagsúlacht agus úsáid talún, inniu rannpháirtíocht na hÉireann i dtionscnamh maoinithe nua Líonra um an Limistéar Taighde Eorpach (ERA-Net) ar bhithéagsúlacht talmhaíochta. Cuirfidh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara €1.5 milliún ar fáil chun tacú le rannpháirtíocht na hÉireann sa Líonra, agus cuirfidh Teagasc €288,000 ar fáil freisin mar thacaíocht, ibhfoirm trí Scoláireacht Walsh.
Dúirt an tAire Heydon
“tabharfaidh an Comhghlao Taighde nua seo taighdeoirí na hÉireann le chéile le comhghleacaithe Eorpacha agus idirnáisiúnta, chun eolas praiticiúil agus beartas-ábhartha a chur ar fáil ar an gcaoi ar féidir le héiceachórais talmhaíochta a fheabhsú, go háirithe iad siúd is mó atá i mbaol. Geallfaidh mo Roinn €1.5 milliún don Ghlao tábhachtach seo, ag tógáil ar infheistíocht shuntasach roimhe seo sa réimse seo, lena n-áirítear an Chomhpháirtíocht Fís Eorpach ar Bithéagsúlacht, BiodivERsA+, a raibh sé mar aidhm aige tacú le cosaint na bithéagsúlachta agus na n-éiceachóras ar fud na talún agus na farraige. Gné lárnach den Straitéis Fís don Bhia 2030 is ea bithéagsúlacht a athshlánú agus a fheabhsú. Tá infheistíocht i dtaighde sa réimse seo ríthábhachtach chun an tiomantas seo a chomhlíonadh.”
Tá sé mar aidhm ag an nglao taighde agraibhia imscrúdú a dhéanamh ar chineálacha cur chuige i leith feabhas a chur ar bhithéagsúlacht ar leibhéal tírdhreacha, agus ag an am céanna na deiseanna agus na constaicí maidir le héagsúlú a shainaithint ar féidir leo cabhrú chun cleachtais feirmeoireachta a athbheochan chun leasa feirmeoirí agus éiceachóras.
Dúirt an Seanadóir Pippa Hackett, an tAire Stáit um Bithéagsúlacht agus Talamhúsáid:
“Cuirim fáilte mhór roimh rannpháirtíocht na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara agus Teagasc sa ghlao nua taighde agraibhia Eorpach seo. Mar Aire le freagracht as bithéagsúlacht agus úsáid talún, leag mé béim go rialta ar an ról riachtanach atá ag feirmeoirí chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim na haeráide agus na bithéagsúlachta. Creidim go bhfuil an tacaíocht do thaighde sa réimse seo ina éascaitheoir criticiúil do na feirmeoirí sin chun cleachtais a chur i bhfeidhm a fheabhsóidh an réimse leathan gnáthóg agus éiceolaíochta ar a gcuid feirmeacha. I dteannta le mo chomhghleacaí an tAire Heydon, molaim go láidir do thaighdeoirí Éireannacha iarratas a dhéanamh ar an nGlao tábhachtach seo, a chosnóidh agus a fheabhsóidh ár n-éagsúlacht bhitheolaíoch ach a bheidh mar thoradh air freisin go bhforbrófar cleachtais inbhuanaithe agus éagsúla táirgthe talmhaíochta”.
Nótaí don Eagarthóir
• Tá tacaíocht airgeadais á cur ar fáil ag Research and Codex DAFM agus ag Clár Scoláireachta Walsh de chuid Teagasc Walsh Scholarship Programme .
• Tá sé mar aidhm ag Clár Taighde na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara (DAFM) taighde a mhaoiniú a thacaíonn le cleachtais agus beartais táirgthe talmhaíochta atá inbhuanaithe agus iomaíoch, agus a chuireann le geilleagar eolais agus cumas taighde a thógáil agus a chothabháil san earnáil agraibhia. Leithdháileann an Roinn roinnt maoinithe ón meicníocht seo chun tacú le rannpháirtíocht náisiúnta i nGlaonna taighde iomaíocha idirnáisiúnta atá ailínithe go straitéiseach. Cuidíonn rannpháirtíocht den sórt sin le saineolas agus sonraí a ghiaráil, agus forbraíonn sé scileanna agus líonraí.
• Tugtar faoi fhormhór na nGlaonna maoinithe taighde trasnáisiúnta a dtacaíonn an DAFM leo i gcomhar le Ballstáit eile den AE agus leis an gCoimisiún Eorpach. Bíonn tionscadail a n-éiríonn leo a thagann chun cinn tar éis dianphróiseas athbhreithnithe piaraí comhdhéanta de chomhpháirtithe taighde ó thrí Bhallstát ar a laghad agus gach ceann acu á mhaoiniú ag a n-eagraíocht náisiúnta maoinithe.
• Soláthraítear faisnéis mhionsonraithe ar scóip na nGlaonna, treoirlínte iarratais, critéir incháilitheachta agus maoiniú atá ar fáil tríd an Rúnaíocht Chomhpháirteach Ghníomhaíochta
• Is é FACCI JPI an Comhthionscnamh Clárúcháin maidir le Talmhaíocht, Slándáil Bia agus Athrú Aeráide a thugann 24 bhalltír le chéile. Is Gníomh Comhchiste de chuid ERA-Net é SusCrop a bhfuil sé d’aidhm aige an Limistéar Taighde Eorpach (ERA) a neartú i réimse Tháirgeadh Inbhuanaithe Barr.
• Chomhoibrigh FACCE JPI agus SusCrop araon chun an Comhghlao seo ar an Agra-bhithéagsúlacht a fhorbairt chun tacú leis an mbonn fianaise do lucht déanta agus cleachtóirí beartais talmhaíochta i réimse na bithéagsúlachta agus éagsúlacht barr i dtírdhreacha talmhaíochta ar fud na hEorpa. Tá sé mar aidhm ag an gComhghlao maoiniú, saineolas agus acmhainní a ghiaráil ó eagraíochtaí taighde náisiúnta agus réigiúnacha agus ó mhaoinitheoirí ar fud an Limistéir Taighde Eorpaigh chun tionscadail chomhoibritheacha maidir le agra-bhithéagsúlacht a sheachadadh ar scála
• Cuireann Clár Scoláireachta Walsh Teagasc acmhainn eolaíochta agus theicniúil earnáil agraibhia na hÉireann chun cinn chomh maith le comhoibriú níos dlúithe idir Teagasc agus institiúidí tríú leibhéal ar fud oileán na hÉireann, na hEorpa, na Stát Aontaithe agus an leathsféar theas. Clúdaíonn an clár gach gné den talmhaíocht, gairneoireacht, bia, eacnamaíocht agraibhia, forbairt tuaithe agus timpeallacht na tuaithe, chomh maith le hábhair shonracha a aithnítear le haghaidh maoiniú tosaíochta gach bliain.
CRÍOCH