Fógraítear toradh ar phróiseas soláthair d‘athbhreithniú ar Bhord Údarás na Gaeltachta
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu (an 19 Iúil 2022), d'fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Catherine Martin agus Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeltacht agus don Spórt, Jack Chambers toradh ar phróiseás féinsoláthair a Roinne chun tabhairt faoi athbhreithniú ar Bhord Údarás na Gaeltachta.
Tá sé i gceist go mbeidh an comhlacht comhairleoireachta BDO, i gcomhar leis an Dr Bríd Quinn ag tabhairt faoin athbhreithniú agus cuirfear toradh na hoibre ar fáil san fhómhar.
Dúirt an tAire Martin inniu:
"Tugadh gealltanas sa Chlár Rialtais go ndéanfaí athbhreithniú ar ar an bpróiseas roghnúcháin agus toghcháin i ndáil le Bord Údarás na Gaeltachta. Tá mé sásta gur aimsigh an Roinn foireann anois le tabhairt faoin athbhreithniú, agus go mbeidh moltaí ar fáil amach anseo."
Dúirt an tAire Chambers inniu:
"Fáilteoimid go mór roimh thús a chur leis an athbhreithniú seo. Is é aidhm an phróisis ná a chinntiú go bhfuil fáil ag an Údarás ar an saineolas agus na scileanna ábhartha atá riachtanach d'fheidhmiú an bhoird. Is ar mhaithe an Údaráis mar chomhlacht stáit agus phobail a bhfreastalaíonn sé air a dhéantar a leithéid."
Is tar éis phróiseas roghnúcháin/ainmniúcháin a cheaptar comhaltaí an bhoird faoi láthair. Thoghadh an pobal tromlach na gcomhaltaí ar an mBord go dtí 2012, nuair a laghdaíodh líon na gcomhaltaí ó 20 go 12 mar atá anois, faoi réir na bhforálacha ábhartha d’Acht na Gaeltachta 2012.
Faoin socrú reatha, tá an bord comhdhéanta de chúigear comhalta a ainmníonn na hÚdaráis Áitiúla ábhartha a bhfuil ceantar Gaeltachta faoina gcúram acu, chomh maith le seachtar comhalta eile a roghnaítear bunaithe ar chomórtas poiblí a eagraítear faoi scáth na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí. Is é an tAire a cheapann Cathaoirleach an Bhoird.
Ceapadh Bord reatha Údarás na Gaeltachta i mí Eanáir 2018 agus tiocfaidh deireadh lena shaolré i mí Eanáir 2023.
Eagraíodh dhá chomórtas faoi leith faoi stiúir an Oifig um Sholáthar an Rialtais chun sainchomhairleoireacht a aimsiú don athbhreithniú ar Bhord Údarás na Gaeltachta. Eagraíodh iad i mí Iúil 2021 agus i mí na Nollaig 2021. Theip ar na hiarrachtaí faoi leith sin nuair nach ndearna aon chomhlacht tairiscint ar an gcúram.
Chun an t-athbhreithniú a bhrú ar aghaidh agus ag tógáil san áireamh gur theip ar an bpróiseas soláthair, thug an Roinn faoi phróiseas féinsoláthair chun an t-athbhreithniú seo a chur chun cinn. Tugadh faoi rudaí a dhéanamh ar bhonn féinsoláthair ar chomhairle an Oifig um Sholáthar Rialtais.
Go dtí mí Dheireadh Fómhair 2018, bhí an Dr Quinn ina Léachtóir le Riarachán Poiblí in Ollscoil Luimnigh, ag speisialú i rialachas áitiúil, beartais réigiúnacha agus chríche an Aontais Eorpaigh (AE), rialachas uileleibhéil agus athchóiriú riaracháin.
Tá sí páirteach le fada i ngníomhaíochtaí forbartha áitiúla agus réigiúnacha agus i meastóireacht, agus í mar bhall Éireannach de Ghrúpa Saineolaithe Neamhspleácha Chomhairle na hEorpa. Tá obair chomhairleach déanta aici in Éirinn, san Eoraip agus sa Tansáin agus ghlac sí páirt i raon tionscadal taighde de chuid an AE; bhí sí páirteach i dtionscadal faoi Ghairmiúlacht agus Tionchar Sóisialta Eolaíocht Pholaitiúil na hEorpa, agus i mbun comhleoireachta le Cumann Rialtas Áitiúil na hÉireann.