Foilsíonn an tAire Sláinte Poiblí agus Folláine treoir do ghrúpaí tacaíochta drugaí agus alcóil, agus do chláir chóireála
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá treoir nua do ghrúpaí tacaíochta drugaí agus alcóil, agus do chláir chóireála agus do sheirbhísí cóireála andúile eile, foilsithe inniu ag an Aire Stáit atá freagrach as Sláinte Poiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí, Frank Feighan TD. Ar aon dul le ‘Teacht Aniar agus Téarnamh 2020-2021: Plean chun Maireachtáil le COVID-19’, forbraíodh an treoir nua seo chun a chinntiú gur féidir leis na grúpaí seo dul i mbun a gcuid oibre go sábháilte, fiú ag leibhéal 3 agus 4 de chreat an rialtais.
Dúirt an tAire Feighan:
"Tá an tionchar suntasach ón bpaindéim COVID-19 fós le brath in Éirinn agus go domhanda. Tríd an gcomhairle sláinte poiblí a leanúint, is féidir linn scaipeadh an COVID-19 a laghdú inár bpobail agus tacú le seirbhísí sláinte ríthábhachtacha nach mbaineann le COVID a sholáthar. Mar Aire, aithním go hiomlán an ról fíorthábhachtach atá ag grúpaí tacaíochta drugaí agus alcóil, agus ag cláir chóireála maidir leis an dochar a laghdú a thagann ó shubstaintí a mhí-úsáid, agus tacú leis an athshlánú agus leis an téarnamh. Cabhraíonn siad le daoine teacht chucu féin agus gan gabháil ar ais ar na pátrúin dhíobhálacha a bhaineann le mí-úsáid subsatintí. Cruthaíonn na srianta ar an gcaidreamh sóisialta, na riachtanais maidir le féin-aonrú agus an t-athstruchtúrú atá a dhéanamh ar sheirbhísí, deacrachtaí ar leith dóibh siúd atá ag fáil seirbhísí agus tacaíochtaí drugaí agus alcóil.
"Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don mhéid atá déanta ag grúpaí tacaíochta agus ag soláthróirí seirbhíse agus an treoir nua seo á cur le chéile. Tá an sprioc céanna againn go léir go n-atosóidh na grúpaí tacaíochta téarnaimh go sábháilte. Mar sin féin, nó mór d’obair na ngrúpaí agus na gclár seo teacht le creat an Rialtais maidir le bearta sriantacha mar fhreagairt ar an COVID-19. Tá mórán daoine a bhfuil fadhb acu le drugaí agus le halcól i mbaol sláinte níos airde ó COVID-19. Tá sé ríthábhachtach go glcoífidh seirbhísí drugaí agus alcóil go docht le comhairle sláinte poiblí."
CRÍOCH
Tá an Roinn Sláinte ag obair le tascfhórsaí drugaí agus alcóil, le comhlachtaí maoirseachta earnála agus le seirbhísí andúile FSS chun tacú le grúpaí tacaíochta agus le cláir chóireála chun an treoir nua seo a chur i bhfeidhm agus chun cúiseanna imní a aithint. Is treoir eatramhach í an treoir seo agus déanfar athbhreithniú agus nuashonrú leanúnach uirthi ag brath ar chomhairle sláinte poiblí, ar chinntí an Rialtais maidir le bearta sriantacha agus ar shaincheisteanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn.
Baineann an treoir leis na seirbhísí drugaí agus alcóil a leanas agus le seirbhísí tacaíochta andúile eile, ar nós an andúil sa chearrbhachas:
1. Grúpaí tacaíochta agus téarnaimh do dhaoine agus do theaghlaigh a mhaireann le handúil i ndrugaí agus san alcól (an andúil sa chearrbhachas san áireamh), ar nós grúpaí féinchuidithe, piarthacaíocht, tacaíocht teaghlaigh/tuismitheora.
2. Tionscadail phobail a chuireann seirbhísí agus tacaíochtaí ar fáil do dhaoine a úsáideann drugaí, ar nós cláir athshlánúcháin ó dhrugaí Fostaíochta Pobail, dochar a laghdú/oiliúint abhcóideachta.
3. Cláir Chóireála (neamhchónaitheach) do dhaoine le handúil i ndrugaí agus san alcól, ar nós comhairleoireacht, cobhsúchán, pobail theiripeacha, iarchúram.
Seo hiad príomhphointí na treorach:
1. Moltar cruinnithe a reáchtáil agus cláir a sheachadadh ar líne nó taobh amuigh már féidir, gan baint den leas atá ann do rannpháirtithe.
2. Má chinntear cruinniú grúpa/cláir aghaidh ar aghaidh a óstáil, moltar do na heagraithe measúnú riosca a dhéanamh chun sláinte, folláine agus sábháilteacht na rannpháirtithe a chinntiú.
3. Ba chóir na háiseanna a úsáidtear chun grúpaí tacaíochta agus cláir chóireála a óstáil a úsáid don chúis sin amháin, más féidir, agus gan iad a roinnt le húsáideoirí eile.
4. Is é uaslíon na rannpháirtithe ag leibhéal 3 a mholtar ná 15 duine (ceannairí san áireamh), le scaradh sóisialta de 2 méadar.
5. Ba chóir go mairfeadh na seisiúin ghrúpaí thacaíochta agus na cláir 115 nóiméad ar a mhéad (1 uair agus 45 nóiméad)
6. Ba chóir do dhaoine atá i mbaol níos airde ó COVID-19, nó atá i ndlúth-theagmháil lena leithéid de dhaoine, páirt a ghlacadh i gcruinnithe atá ar líne amháin.
Tá an treoir le fáil ag: www.gov.ie/en/policy-information/17d32f-drugs-and-alcohol-policy.