Foilsíonn McConalogue Plean Gníomhaíochta Talmhaíochta, Bia agus Mara 2021
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhoilsigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, an Roinn Talmhaíochta, Ráiteas Straitéise Talmhaíochta, Bia agus Mara (2021-2024) inniu in éineacht le Plean Gníomhaíochta do 2021, a thugann breac-chuntas ar 75 gníomh chun earnáil agraibhia, foraoiseachta agus bia mara inbhuanaithe, nuálaíoch agus iomaíoch a fhorbairt tuilleadh.
Tógfaidh an Plean Gníomhaíochta do 2021 ar obair shuntasach atá ar bun cheana féin ag na hAirí McConalogue, Hackett agus Heydon agus an Roinn, lena n-áirítear:
1. Leanúint ar aghaidh ag soláthar tacaíochtaí fíorthábhachtacha d’fheirmeoirí, d'iascairí agus d'fhoraoiseoirí atá ríthábhachtach do gheilleagar agus pobail chothrom tuaithe agus chósta.
2. Straitéis nua 10 mbliana a thabhairt chun críche agus a fhoilsiú don earnáil agraibhia - ag seachadadh príomhthiomantas an Chláir Rialtais, a d’éiligh treoirphlean uaillmhianach don tionscal sna blianta amach romhainn, agus ár n-oibleagáidí maidir leis an aeráid agus leis an gcomhshaoil á gcur san áireamh.
3. Plean Straitéiseach CBT na hÉireann a Fhorbairt.
4. Scéimeanna idirthréimhseacha nua a dhearadh, a fhorbairt agus a thosú do 2021 lena n-áirítear Tionscadal Píolótach bunaithe ar thorthaí Agra-Chomhshaoil a thugann luach saothair d’fheirmeoirí as iarracht thiomnaithe comhshaoil trí íocaíochtaí a nascadh le cáilíocht na dtorthaí comhshaoil arna seachadadh.
5. An chéad Straitéis uileghabhálach um Leas Ainmhithe in Éirinn a chur i bhfeidhm.
6. Ag obair chun tionscnaimh agus beartais a fhorbairt chun tacú le hioncam feirme agus iascaireachta.
Ag fáiltiú dó roimh fhoilsiú an Ráitis Straitéise agus an Phlean Ghníomhaíochta nua, dúirt an tAire McConalogue,
“Is é an príomhthosaíocht domsa mar Aire ná cosaint ioncaim agus forbairt inbhuanaithe na hearnála . Tá go leor dúshlán os comhair ár bhfeirmeoirí, ár n-iascairí agus ár dtáirgeoirí bia agus iad ag leanúint ar aghaidh ag soláthar an bhia, an éisc, an adhmaid ar ardchaighdeán. Tá ár bpríomhtháirgeoirí thar barr ag tacú le raon seirbhísí éiceachórais, agus ról lárnach acu i gclaochlú ár ngeilleagair agus ár sochaí i dtreo todhchaí inbhuanaithe fadtéarmaí. Cuirfimid ardán beartais ar fáil a chosnaíonn ioncaim, a chinntíonn go bhfuil ár dtairiscint bia sábháilte agus den chaighdeán is airde agus go bhfuil ár dtionscal inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de."
Leagtar amach sa Ráiteas Straitéise cúig Sprioc Straitéiseacha don Roinn a mbeidh gníomhaíochtaí mar thaca leo chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, cáilíocht uisce agus aeir a fheabhsú agus meath na bithéagsúlachta a aisiompú chun éifeacht a thabhairt do thiomantas an Chláir don Rialtas gníomhaíocht aeráide a bheith i gcroílár straitéisí na Roinne. Is iad seo a leanas na cúig sprioc:
1. Sláinte an phobail, ainmhithe agus plandaí agus leas ainmhithe a chur chun cinn agus a chosaint chun leasa na dtomhaltóirí, na dtáirgeoirí, an gheilleagair agus na sochaí i gcoitinne;
2. Ioncam agus tacaíochtaí spriocdhírithe a sholáthar do theaghlaigh feirme agus do dhaoine eile san earnáil agraibhia chun tacú leis an ngeilleagar tuaithe agus inbhuanaitheacht chomhshaoil a bharrfheabhsú;
3. An creat beartais is fearr a sholáthar d’fhorbairt inbhuanaithe na hearnála agraibhia;
4. Earnáil bia mara inbhuanaithe, iomaíoch agus nuálach a sholáthar, arna stiúradh ag fórsa saothair oilte, ag seachadadh táirgí breisluacha de réir éileamh na dtomhaltóirí; agus
5. Inniúlacht agus cumas straitéiseach, oibríochtúil, rialála agus teicniúil a chothabháil agus a fhorbairt chun seirbhísí den scoth a sholáthar dár gcustaiméirí.
Dúirt an Seanadóir Pippa Hackett, an tAire Stáit a bhfuil freagracht speisialta uirthi as Talamhúsáid agus Bithéagsúlacht,
“Fáiltím roimh fhoilsiú an Ráitis Straitéise agus Phlean Ghníomhaíochta seo. Tugann siad breac-chuntas soiléir dúinn ar a bhfuil riachtanach chun gníomhaíocht ar son na haeráide agus na bithéagsúlachta, agus na bealaí trína ndéanaimid iad a chomhtháthú i ngach gné d’obair na Roinne a chur chun cinn. Ó thalamhúsáid atá neamhdhíobhálach don dúlra, go dtí astaíochtaí a laghdú agus bithéagsúlacht ár dtalamh feirme a fheabhsú - tá na gníomhartha seo agus gníomhartha eile ríthábhachtach do shláinte leanúnach ár sochaí, ár ngeilleagair, ár speicis agus ár bplainéad."
Dúirt Martin Heydon TD, an tAire Stáit le freagracht as Taighde agus Forbairt, Sábháilteacht Feirme agus Forbairt Margaí Nua,
“Soláthraíonn an Ráiteas Straitéise seo bunús gonta agus inrochtana chun ár n-uaillmhian d'fhonn tacú le hinfheistíocht straitéiseach i dtaighde agus i bhforbairt a chur chun cinn; rochtain nua ar an margadh a aithint, a chaibidliú agus a fhorbairt; agus torthaí sláinte, sábháilteachta agus folláine ar fheirmeacha na hÉireann a fheabhsú. "
Nótaí don Eagarthóir:
Tá an Plean Gníomhaíochta na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara 2021 agus Ráiteas Straitéise na Roinne, 2021-2024 ar fáil ag gov.ie - Ráiteas Straitéise 2021 - 2024 (www.gov.ie)
CRÍOCH