Freagraíonn an tAire McConalogue d’aiseolas ó pháirtithe leasmhara ar phlean straitéiseach an CBT a bheartaítear
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tugann an tAire roghanna nua Éiciscéime chun cinn tar éis comhairliúcháin agus tugann sé cuntas ar Thograí Nuashonraithe do Bhearta Cholún 2
Dheimhnigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., inniu gur chuir sé leis an idirghabháil atá ar na bacáin faoi Phlean Straitéiseach CBT 2023-2027 na hÉireann.
Dúirt an tAire:
“D’éist mé go cúramach le feirmeoirí trí dhul i gcomhairle go díreach le heagraíochtaí feirme agus trí Choiste Comhairliúcháin an CBT chomh maith leis an turas náisiúnta a rinne mé le déanaí ar 27 marglann in 25 contae agus tá machnamh déanta anois agam ar an aiseolas seo.
“Áiríodh i seoladh an chomhairliúcháin phoiblí ar Thuarascáil Chomhshaoil an dréacht-Phlean Straitéisigh athruithe ar an gClár Éifeachtúlachta Carbóin Ba Diúil agus an Scéim Feabhsúcháin Caorach, agus áiríodh leis freisin Beart Corpraithe Tuí nua d’fheirmeoirí curaíochta agus Deontas Feirmeoireachta Comhoibrithí le hathnuachan ó ghlúin go glúin a spreagadh. Tá leasuithe á bhfógairt inniu agam freisin ar roghanna Éiciscéime a foilsíodh roimhe seo, chomh maith le roinnt cleachtais talmhaíochta atá le cur san áireamh mar roghanna, a mhéadóidh líon na gcleachtas siúd atá ar fáil faoin scéim ó cúig go 10.”
Ag leanúint ar aghaidh, dúirt an tAire:
“Beartaím glacadh le dearcthaí páirtithe leasmhara tar éis dháta deiridh an chomhairliúcháin phoiblí an 8 Nollaig. Mar gheall gur beag am atá fágtha leis an bPlean a chur i gcrích faoi dheireadh na bliana, táim ag freagairt anois d’iarrataí páirtithe leasmhara ar chleachtais bhreise Éiciscéime lena chéadú dóibh breithniú a dhéanamh ar na tograí seo idir an dá linn.”
Mheabhraigh an tAire go mbeidh ar fheirmeoirí tabhairt faoi dhá chleachtas Éiciscéime chun cáiliú d’íocaíocht iomlán, agus thagair sé don liosta reatha cúig chleachtas seo a leanas a foilsíodh cheana féin:
1. Spás don Dúlra – caithfidh ar a laghad 7% de ghabháltas feirmeora a bheith tiomnaithe don bhithéagsúlacht, gnáthóga nó gnéithe tírdhreacha, ag cur leis an riachtanas 4% do gach feirmeoir atá leagtha amach cheana féin faoi GAEC 8 mar chuid den Choinníollacht.
2. Táirgeadh Forleathan Beostoic – cuirfidh seo cleachtais thraidisiúnta feirmeoireachta talamh féaraigh chun cinn ar rátaí stocála ainmhithe. Le cáiliú, caithfidh an ráta stocála i rith na bliana roimhe sin a bheith ar a laghad (0.15 LU/an heicteár) agus ar luach uasta (1.5 LU/an heicteár, mar a bheartaítear).
3. Teorainn a chur ar Nítrigin Cheimiceach a Úsáid - cuirfidh seo úsáid íseal a bhaint as nítrigin cheimiceach chun cinn. Le cáiliú, caithfidh nach sáraíonn an feirmeoir leibhéal áirithe de nítrigin cheimiceach (beartaítear 73kg an heicteár) ar fud a ngabháltais i mbliain rannpháirtíochta na hÉiciscéime.
4. Crainn Dhúchasacha a Chur - cuirfidh seo cur crann dúchasach chun cinn. Le cáiliú, caithfidh an feirmeoir ar a laghad trí chrann an heicteár incháilithe a chur i mbliain rannpháirtíochta na hÉiciscéime.
5. Leatóir leasacháin faoi rialú Córais Suite dhomhanda (GPS) a úsáid - déanfaidh seo an úsáid a bhaintear as innealra beacht chun leasachán ceimiceach a leathadh a chur chun cinn, agus laghdóidh sin ionchur agus laghdóidh sé tionchar comhshaoil agus aeráide freisin.
Thug an tAire le fios go bhfuil na leasuithe seo a leanas á mbeartú anois ar na roghanna seo:
3. Teorainn a chur ar Nítrigin Cheimiceach a Úsáid - tá an cleachtas seo á fhairsingiú chun luaíocht a bhronnadh freisin ar fheirmeoirí a dhéanann feirmeoireacht idir measartha agus dian a chuireann teorainn ar an nítrigin cheimiceach a úsáideann siad anuas go dtí leibhéal níos ísle bunaithe ar a ráta stocála sa bhliain féilire roimhe sin. Leagtar amach sonraí breise sa tábla seo a leanas:
Ráta stocála talamh féaraigh in 2022 (cileagraim de nítrigin orgánach an heicteár)* An méid is mó nítrigin cheimiceach a cheadófar a leathadh in 2023*
(kg an heicteár)
<90 (73)
91-130 (89)
131-170 (165)
171-210 (240)
>210 (214)
Bronnfar a dteorainn nítrigine ceimicí ar gach feirmeoir i mbliain iarratas na hÉiciscéime bunaithe ar a ráta stocála sa bhliain roimhe sin.
Nuair is mian le feirmeoir a raibh stoc 100 kg de nítrigin orgánach in aghaidh an heicteáir in 2022, mar shampla, tabhairt faoin gcleachtas Éiciscéime seo in 2023, caithfidh siad a chinntiú nach leathann siad breis agus 89 kg de nítrigin cheimiceach in aghaidh an heicteáir in 2023.
Seiceálfar leibhéil chomhlíonta don bhliain 2023 trí úsáid a bhaint as Clár Leasachán na Roinne i Ráithe 4 2023.
4. Crainn Dhúchasacha a Chur - is féidir le feirmeoir anois a roghnú stráice fál sceach a chur in ionad trí chrann in aghaidh an heicteáir incháilithe. Nuair a roghnaíonn an feirmeoir fál sceach a chur, bainfidh an tiomantas sin le fad méadar amháin in aghaidh an heicteáir incháilithe ina ionad sin, in ionad trí chrann in aghaidh an heicteáir incháilithe.
5. Leatóir leasacháin faoi rialú Córais Suite dhomhanda (GPS) a úsáid - tá an cleachtas seo á fhairsingiú freisin, le spraeirí faoi rialú GPS a chur san áireamh nuair a úsáidtear iad le leasachán leachtach agus/nó táirgí cosanta plandaí a leathadh.
Thug an tAire le fios freisin go bhfuil na leasuithe breise seo a leanas ar chleachtais Éiciscéime á mbeartú anois:
1a Spás don Dúlra - nuair a chuireann feirmeoir 10% nó níos mó dá g(h)abháltas ar leataobh mar “Spás don Dúlra”, measfar go bhfuil dhá ghníomh á ndéanamh aige/aici, agus cáileoidh sé/sí d’íocaíocht iomlán na hÉiciscéime.
4a Crainn Dhúchasacha a Chur - Nuair a roghnaíonn feirmeoir dhá oiread an ghealltanais a chur, is é sin, sé chrann in aghaidh an heicteáir incháilithe nó dhá mhéadar d’fhál sceach in aghaidh an heicteáir incháilithe, cuirfear seo chun cinn mar dhá chleachtas agus cáileoidh sé feirmeoir don íocaíocht iomlán Éiciscéime.
6. Sampláil Ithreach agus, sa chás gur cuí, Aoladh ar na heicteáir incháilithe go léir - atá dírithe ar fheabhas a chur ar thorthúlacht ithreach. Is féidir é seo a roghnú gach trí bliana ar aon dul le treoir Teagasc maidir leis na heatraimh chuí idir samplaí ithreach a ghlacadh.
7. Éagsúlú Breisithe Barr - nuair a bhíonn riachtanas éagsúlachta barr ag feirmeoir, caithfidh sé/sí barr sosa a chur (pónairí/piseanna, ráib síl ola nó coirce) mar a dara nó a tríú barr. Nuair a bhíonn riachtanas 2 bharr ag feirmeoir, caithfidh ar a laghad 25% den achar curaíochta a bheith i gceist leis an mbarr sosa. Nuair a bhíonn riachtanas 3 bharr ag feirmeoir, caithfidh ar a laghad 25% den achar curaíochta a bheith i gceist leis an mbarr sosa freisin.
8. Báinseach Ilspeiceas a chur - ar 6% de na heicteáir incháilithe, ar a laghad, sa bhliain a roghnaíonn an feirmeoir an cleachtas seo talmhaíochta mar cheann den dá ghníomh Éiciscéime atá aige/aici.
Dúirt an tAire, chomh maith: “Ní hamháin go ndéanfaidh cur san áireamh na gcleachtas nua seo níos mó roghanna a sholáthar d’fheirmeoirí páirt a ghlacadh san Éiciscéim, ach cuirfidh sé freisin le haghaidh a thabhairt ar chuspóirí na Scéime maidir le haeráid, timpeallacht, cáilíocht an uisce agus bithéagsúlacht.”
Maidir leis na hathruithe eile a rinneadh mar chuid den chomhairliúchán poiblí a sheoladh níos luaithe an mhí seo, dheimhnigh an tAire go bhfuil an méid seo a leanas déanta aige:
• an cur chuige a athrú i leith an Chláir Éifeachtúlachta Carbóin Ba Diúil, tríd an srian a bheartaítear a bhaint, a chuireann cosc ar aon mhéadú ar mhéid tréad na rannpháirtithe;
• an riachtanas cáilitheachta a bheartaítear a bhaint do thairbhithe na Scéime Feabhsúcháin Caorach go mbeidh siad ina rannpháirtithe i Scéim Dearbhaithe Uan Inbhuanaithe an Bhoird Bhia;
• tacaíocht luathchéime d’eagraíochtaí táirgeora a fhairsingiú chun earnálacha eile a chumhdach, gránaigh, prátaí agus an earnáil fóntas san áireamh.
• cothromaíocht inscne a fheabhsú agus tacú le feirmeoirí baineanna cáilithe trí rátaí tacaíochta infheistíochta níos airde faoin mbeart Infheistíochta Caipitil ar an bhFeirm agus trí thacaíocht spriocdhírithe maidir le hAistriú Eolais;
• dhá idirghabháil nua a chur leis i bhfoirm (i) Beart Corpraithe Tuí le feirmeoirí curaíochta a spreagadh an méid carbón orgánach san ithir a mhéadú, agus (ii) Deontas Feirmeoireachta Comhoibrithí le tacaíocht chomhthreomhar a sholáthar d’fheirmeoirí breacaosta agus pleanáil comharbais níos luaithe a spreagadh.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire: “Tá saintréith déanta agam d’éisteacht le agus idirchaidreamh a dhéanamh le feirmeoirí i rith mo chuid ama mar Aire agus chuaigh mé i gcomhairle go fairsing le feirmeoirí maidir le Plean Straitéiseach an CBT mar gheall go mbaineann an oiread sin ríthábhachta leis i measc an oiread sin teaghlaigh feirme fud fad na tíre. Táim muiníneach go bhfreagraíonn na hathruithe seo go héifeachtach d’aiseolas ó pháirtithe leasmhara, agus go gcinnteoidh tograí na hÉiciscéime go mbeidh aon fheirmeoir gníomhach, gan aird ar shaghas nó ar mhéid na feirme, ar mian leo páirt a ghlacadh san Éiciscéim ó 2023 ar aghaidh, in ann a dhéanamh.”
Nótaí d’Eagarthóirí
Tá Éiciscéimeanna á mbeartú den chéad uair mar chuid den chéad Chomhbheartas Talmhaíochta (an CBT) eile agus cisteofar iad trí 25% de leithdháileadh Íocaíochtaí Díreacha na hÉireann a imfhálú. Is í aidhm Éiciscéim na hÉireann luaíocht a bhronnadh ar fheirmeoirí as tabhairt faoi ghníomhartha a théann chun tairbhe na haeráide, an chomhshaoil, cháilíocht an uisce agus na bithéagsúlachta.
Riarfaidh Rannán Íocaíochtaí Díreacha na Roinne i bPort Laoise an scéim gach bliain, agus déanfaidh feirmeoirí iarratas bliantúil. Níl aon riachtanas éigeantach ann go seolfaidh comhairleoir iarratas feirmeora ar an Éiciscéim ar aghaidh. Gheobhaidh feirmeoirí íocaíocht iomlán Éiciscéime nuair a gheallann siad do dhá cheann de na cleachtais agus nuair a sholáthraíonn siad iad ar thalamh thalmhaíochta incháilithe, seachas sna cásanna siúd a dtugtar cuntas orthu ina ndéanfar íocaíocht iomlán ar chleachtas aonair.