Gairm Oscailte ar Thograí le haghaidh Maoiniú Tacaíochta Coillearnaí fógartha ag an Aire Hackett le haghaidh 2021/2022
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu d’fhógair an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett gairm phoiblí ar thionscadail nuálacha a thacaíonn le agus a tharraingíonn aird ar na buntáistí timpeallachta, sóisialta agus geilleagracha a bhaineann le coillearnacha, foraoisí agus táirgí adhmaid. Beidh maoiniú á leithdháileadh ag a Roinn trí chomórtas oscailte a reáchtálfar faoin gCiste Tacaíochta Coillearnaí. Tá maoiniú de €1 mhilliún euro ar fáil faoin gCiste agus tá na tionscadail le cur i gcrích faoi dheireadh 2022.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Stáit Hackett nuair a bhí an Ghairm á fógairt aici,
“Tá tionscadail agus tograí á lorg againn a dhéileálann le gach gné den earnáil coillearnaí agus foraoiseachta, agus a tharraingíonn aird ar na buntáistí ar fad a bhaineann leo, idir buntáistí don gheilleagar, don tsláinte agus don timpeallacht. Reáchtáladh gairm den chineál céanna in 2019, agus fuaireamar roinnt iarratas den chéad scoth ó scoileanna, eagraíochtaí neamhrialtasacha, comhlachtaí feirme agus Grúpaí Pobail. Ba bhreá liom spéis den chineál céanna a mhúscailt sa ghairm seo agus cur lenár dtuiscint ar na buntáistí ilfheidhmiúla a bhaineann lenár gcoillearnacha.”
Seo a leanas na ceithre théama atá sainaitheanta le haghaidh na n-iarratas, a nglacfar leo ó aon ghrúpa nó duine aonair:
1. Tacaigh le agus tarraing aird ar bhuntáistí geilleagracha na gcoillearnacha.
2. Tacaigh le agus tarraing aird ar bhuntáistí na gcoillearnacha, dírigh ar fheirmeoirí, agus / nó rannpháirtíocht an phobail agus / nó cúrsaí folláine go ginearálta.
3. Tacaigh le agus tarraing aird ar tháirgí táirgiúla foraoiseachta agus adhmaid, i gcomhthéacs an athraithe aeráide agus an bhithgheilleagair.
4. Tacaigh le agus tarraing aird ar bhainistíocht inbhuanaithe foraoisí i measc úinéirí foraoisí (dírithe ar eagraíochtaí atá gníomhach sa réimse seo cheana féin agus a bhfuil cláir bunaithe acu faoi láthair).
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire freisin,
“Tá leibhéal réasúnta íseal clúdach coillearnaí againn in Éirinn i gcomparáid le tíortha Eorpacha eile, rud a chiallaíonn go bhfuil deis iontach ann forbairt a dhéanamh agus i bhfad níos mó crann a chur chun cur ar ár gcumas féin agus ar chumas na nglúnta a thiocfaidh inár ndiaidh tairbhe a bhaint as na buntáistí a bhaineann le coillearnacha. Gné thábhachtach amháin den tionscnamh seo é feirmeoirí a spreagadh chun a machnamh a dhéanamh ar gach cineál coillearnaí a chur, agus gné thábhachtach eile é téama ar leithligh atá dírithe ar bhuntáistí geilleagracha foraoisí. Tá mé ag súil go mór le heolas a fháil faoi na tionscadail nuálacha, dírithe ar na téamaí éagsúla ar fad, a tharraingeoidh aird ar conas is féidir linn, mar shochaí, tairbhe a bhaint as cruthú agus bainistiú inbhuanaithe coillearnaí.”
Nótaí do na hEagarthóirí:
• Tá an Doiciméad Sonraíochta le fáil ar www.gov.ie/en/publication/642e6-forestry/
• Is féidir iarratais a sheoladh trí ríomhphost chuig ForestrySupportFunding@agriculture.gov.ie , de réir na foirme iarratais
• Ní ghlacfar le haon iarratas i ndiaidh 5pm, Dé Luain, an 24 Bealtaine 2021.
CRÍOCH