Gearrchúrsaí Gaeltachta nach lú ná 3 lá le bheith aitheanta mar eisceacht i mbliana chun tacú tuilleadh le hathoscailt na gColáistí Gaeilge
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha ag an Aire Stáit Gaeltachta agus Spóirt, Príomh-Aoire an Rialtais Jack Chambers T.D., go mbeidh a Roinn ag aithint gearrchúrsaí Gaeilge nach giorra ná 3 lá mar bheart eisceachtúil chun cabhrú tuilleadh le téarnamh chóras na gcoláistí Gaeilge.
De thoradh seo tabharfar aitheantas don bhliain seo amháin do chúrsaí Gaeilge nach giorra ná trí lá as a chéile – rud a chiallóidh go mbeidh an Roinn in ann deontais Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge a íoc le teaghlaigh cháilithe Ghaeltachta a chuireann lóistín ar fáil do lucht freastail na ngearrchúrsaí seo.
Dúirt an tAire Stáit Chambers:
“Cé go mbeidh na gnáthchúrsaí trí seachtaine i gcónaí mar chuid lárnach den chóras, tabharfaidh na gearrchúrsaí den chineál a bheidh á gceadú sa chás faoi leith seo deis bhreise le freastal ar chúrsa Gaeilge sa Ghaeltacht do scoláirí iarbhunscoile a chaill amach ar an deis sin le dhá bhliain anuas de bharr COVID-19. Cabhróidh an beartas seo chomh maith le téarnamh na hearnála atá dúnta le dhá bhliain anuas.
“Ba bhuille suntasach a bhí ann do gach éinne nach raibh coláistí in ann feidhmiú le tamall anuas de dheasca na paindéime. De thoradh an bhirt seo agus an méid a rinne an Roinn le dhá bliain anuas chun cabhrú leis an earnáil, táimid uile ag súil le hathoscailt chéimiúil na gcoláistí idir seo agus an samhradh agus daoine óga ó cheann ceann na tíre a fheiceáil ag filleadh ar na coláistí samhraidh.”
CRÍOCH
Leagtar amach sa PR a leanas an méid atá déanta cheana féin ag an Roinn chun cabhrú le teacht aniar chóras na gColáistí Samhraidh: Cúnamh faoi leith do Choláistí Samhraidh fógartha ag an Aire Martin agus ag an Aire Stáit Chambers
Íoctar deontas laethúil €11 in aghaidh an scoláire faoi Scéim na Roinne le c. 700 teaghlach cáilithe a chuireann lóistín ar fáil don bhreis agus 26,000 foghlaimeoir a dhéanann freastal ar na cúrsaí Gaeilge a aithnítear ó cheann ceann na Gaeltachta.