Glacadh le gach iarratasóir incháilithe don Scéim um Fheirmeoireacht Orgánach
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Stáit um Úsáid Talún agus Bithéagsúlacht sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett, inniu go mbeidh thart ar 700 feirmeoir orgánach nua rannpháirteach sa Scéim um Fheirmeoireacht Orgánach an bhliain seo chugainn, faoi réir go gcomhlíonfaidh siad riachtanais uile na scéime. Aithníonn straitéis agraibhia na hÉireann, Fís don Bhia 2030, earraí orgánacha mar fhíordheis éagsúlaithe d’fheirmeoirí na hÉireann agus leanann an fheirmeoireacht orgánach de líon suntasach daoine a mhealladh ar fad.
Dúirt an tAire Hackett an méid seo a leanas:
“Tá infheistíocht leanúnach san earnáil orgánach in Éirinn, atá tar éis fás go tapa le ceithre bliana anuas. Tá rátaí stocála ag go leor feirmeoirí in Éirinn, inar féidir leo a ndóthain féir a fhás gan leasachán costasach a cheannach, agus mar sin tá ciall ghnó ag baint le hathrú go feirmeoireacht orgánach chomh maith le buntáistí comhshaoil. Laghdaítear an gá atá le leasacháin cheimiceacha chostasacha agus tiúcháin iompórtáilte mar gheall ar bháinseacha ilspeiceas agus sadhlas seimre deirge a fhás. Tá deiseanna ollmhóra ann freisin d’fheirmeoirí orgánacha barra arúla a fhás chun freastal ar an éileamh ar bheatha bheostoic orgánach agus ar choirce de ghrád bia, ar tháinig méadú faoi dhó air le blianta beaga anuas. Bíonn leibhéal ard scileanna agus tuisceana ag teastáil ó fheirmeoireacht orgánach ar an gcaoi a n-oibríonn ithir shláintiúil, agus tá feirmeoirí na hÉireann breá ábalta tabhairt faoin dúshlán seo.”
Ní mór d’Fheirmeoirí Orgánacha a bheith cláraithe le comhlacht deimhnithe orgánach, freastal ar chúrsa oiliúna 25 uair an chloig ina gcéad bhliain ag feirmeoireacht go horgánach, foirm iarratais BISS a chur isteach go bliantúil agus cloí le caighdeáin orgánacha. I mí Mheán Fómhair na bliana seo, seoladh Straitéis Náisiúnta nua i leith Bia Orgánach, agus ar cheann de na príomhchuspóirí atá aici tá luach táirgí orgánacha na hÉireann a mhéadú faoi thrí, go €750 milliún, faoi 2030.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Hackett:
“Le roinnt blianta anuas tá fás thar cuimse feicthe againn ar fheirmeoireacht orgánach in Éirinn. Tá infheistíocht shuntasach déanta ag an rialtas i margaíocht, taighde agus tacaíocht chomhairleach. Tá dhá oiread feirmeoirí óga agus baineanna againn i gcomparáid leo siúd a úsáideann ionchuir cheimiceacha. Tráth a bhfuil ceisteanna faoi athnuachan ó ghlúin go glúin ar fheirmeacha ar fud an AE ba cheart go gcuirfeadh sé sin teachtaireacht shoiléir chuig feirmeoirí na hÉireann faoi na deiseanna atá ann dóibh amach anseo. Tá Teagasc ag leanúint le taighde an bhliain seo chugainn a leagfaidh amach treoirphleananna do tháirgeadh mairteola agus uaineola orgánach, agus leanfaidh Bord Bia ag oscailt margaí do tháirgí orgánacha na hÉireann. Dóibh siúd nár aistrigh ar fad ach a d’fhéadfadh a bheith ag smaoineamh air, spreagfainn iad chun freastal ar cheann den iliomad siúlóidí feirme orgánaí a bheidh ar siúl an bhliain seo chugainn agus féachaint dóibh féin a bhfuil á chailleadh acu. Ba mhaith liom fáilte a chur roimh ár bhfeirmeoirí orgánacha nua agus a chinntiú do na feirmeoirí orgánacha go léir gurb é an tosaíocht atá againn ná a chinntiú go n-éireoidh leis an earnáil de réir mar a leanann sí ag fás.”
*CRÍOCH *
Tá sprioc i bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide de chuid na hÉireann go ndéanfaí feirmeoireacht orgánach ar 10% den achar talún faoi 2030. Ciallaíonn an tráinse is déanaí seo den Scéim um Fheirmeoireacht Orgánach go mbeidh an t-achar talún anois thart ar 248,000 heicteár (5.5%) le breis agus 5,600 feirmeoir.
Is é an aidhm an sprioc seo a bhaint amach trí thacú le hathrú feirmeoirí go feirmeoireacht orgánach tríd an Scéim um Fheirmeoireacht Orgánach, trí thacaíocht chomhairleach fheabhsaithe agus trí fhógraíocht mhéadaithe, mar aon le héileamh an mhargaidh a fhorbairt.
Is beart agra-chomhshaoil í an Scéim um Fheirmeoireacht Orgánach faoi Phlean Straitéiseach CBT na Roinne atá cómhaoinithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus an AE. Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh chuig