Glao ar fiú €1 milliún é do thograí do thionscadail nuálacha maidir le sláinte, sábháilteacht agus folláine ar an bhfeirm seolta ag an Aire Heydon
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha ag an Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ar a bhfuil freagracht do Shábháilteacht ar Fheirmeacha Martin Heydon T.D., inniu go bhfuil glao ar fiú €1 milliún é do thograí do thionscadail nuálacha maidir le sláinte, sábháilteacht agus folláine ar an bhfeirm á sheoladh faoi Chomhpháirtíocht Nuálaíochta na hEorpa (EIP).
Dúirt an tAire Heydon,
"Is ionann timpistí ina maraítear daoine ar fheirmeacha agus nach mór 50% de na timpistí ina maraítear daoine ar an láthair oibre ar fad, cé gur ionann líon na bhfeirmeacha agus 6% den lucht saothair. I mo cháil dom mar an chéad Aire Rialtais ar a bhfuil freagracht do Shábháilteacht ar Fheirmeacha táim ag iarraidh go mbeidh sábháilteacht ag croílár ár gcuid feirmeacha agus táim ag iarraidh go mbeidh feirmeoirí lárnach sa tslí ina ndéanaimid sin. Is é sin an t-údar go bhfuil an-áthas orm agam glao a sheoladh faoi Chomhpháirtíocht Nuálaíochta na hEorpa (EIPanna) a bhaineann go sonrach le sláinte, sábháilteacht agus folláine ar fheirmeacha. Déanfar €1m a sholáthar leis an nglao seo chun bealaí nua agus nuálacha a scrúdú ar mhaithe le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin Sábháilteachta ar an bhFeirm san earnáil. Tá an tsamhail EIP bunaithe ar pháirtithe leasmhara san earnáil í féin a theacht le chéile mar ghrúpa agus triail a bhaint as smaointe agus as cuir chuige nua agus nuálacha. Táim cinnte go mbeidh tairbhe shuntasach le baint as an tsamhail EIP í féin i réimse sláinte, sábháilteachta agus folláine na bhfeirmeoirí."
Tá Céim 1 de ghlao EIP do thograí maidir le Sláinte, Sábháilteachta agus Folláine ar an bhFeirm á seoladh anois, agus is é Dé hAoine an 29 Eanáir 2021 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais. Is gá foirm iarratais ghearr a chomhlánú do Chéim 1 ina leagtar amach príomhghnéithe an tionscadail bheartaithe. Is féidir na foirmeacha agus nótaí treorach ar fad a fháil ar https://www.gov.ie/en/service/18a855-european-innovation-partnership-scheme/
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Heydon, "Táimid anois ag iarraidh ar pháirtithe leasmhara a theacht le chéile agus na smaointe atá acu i dtaobh mar is féidir linn saincheisteanna a bhaineann le sláinte, sábháilteacht agus folláine ar an bhfeirm a fhorbairt. Tionscnaimh iontach atá sa ghlao EIP seo do mholtaí, a chuideoidh linn cuir chuige nuálacha a chur i bhfeidhm sa réimse ríthábhachtach seo."
Nóta d'Eagarthóirí:
Tá an tionscnaimh EIP cómhaoinithe ag Coimisiún an Aontais Eorpaigh mar chuid de Chlár Forbartha Tuaithe na hÉireann. Is éard a bhaineann leis go bunúsach ná réimse páirtithe leasmhara (feirmeoirí, comhairleoirí, taighdeoirí, NGOnna etc) a theacht le chéile i ngrúpaí a dtugtar 'Grúpaí Oibríochta' orthu chun triail a bhaint as réitigh nuálacha atá forbartha ag an nGrúpa é fhéin. Tá réimse leathan Grúpaí Oibríocha EIP ann cheana faoi RDP na hÉireann, ach is é seo an chéad ghlao do mholtaí atá dírithe go sonrach ar shláinte, ar shábháilteacht agus ar fholláine ar an bhfeirm.
I gCéim 1, iarrtar ar Ghrúpaí achoimre a thabhairt ar shonraí maidir lena dtograí agus a gcur chuige. Is í seo an chéim atá á seoladh anois, agus an 29 Eanáir 2021 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais. Déanfaidh sainchoiste na moltaí gearra seo a mheas agus cuirfear na moltaí a roghnófar i gCéim 1 ar aghaidh chuig Céim 2.
Déanfar na chéad tograí a fhorbairt go mór i gCéim 2 agus ní mór plean sonraithe tionscadail a chur ar aghaidh do gach moladh sa chéim seo - is faoi thionscnaimh EIP a dhéantar forbairt na bpleananna sin a mhaoiniú. Déanfaidh sainchoiste na pleananna sonraithe tionscadail sin a mheas chomh maith agus cuirfear na tionscadail a n-éireoidh leo i bhfeidhm go hiomlán. Is faoi thionscnaimh EIP a dhéantar na tionscadail a chur i bhfeidhm a mhaoiniú chomh maith.
Is féidir na nótaí treorach agus na foirmeacha iarratais do pháirtithe leasmhara a fháil ar https://www.gov.ie/en/service/18a855-european-innovation-partnership-scheme/
CRÍOCH