Glao ar Thograí Taighde seolta ag an Aire Heydon faoi Chlár Iomaíoch Taighde nuashonraithe na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, sheol an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a bhfuil freagracht air as Taighde agus Forbairt, Martin Heydon, T.D., Glao ar Thograí Taighde faoi chlár iomaíocht taighde nuashonraithe a Roinne. Is é seo an chéad ghlao faoi chur chuige athchóirithe ar mhaoiniú taighde, faoina lorgaítear tionscadail i bpríomhréimsí téamacha, lena n-áirítear an aeráid agus an bhithéagsúlacht; sláinte agus táirgeadh inbhuanaithe ainmhithe agus plandaí; digitiú talmhaíochta agus an bithgheilleagar; agus táirgeadh agus próiseáil bia atá slán agus sláintiúil.
Agus an Glao nua sin á sheoladh aige, dúirt an tAire,
“Tá taighde agus nuálaíocht ríthábhachtach le go dtiocfaidh rath ar an earnáil talmhaíochta agus le go dtabharfaidh sí freagra éifeachtach ar phríomh dhúshláin uileghabhálacha ár linne. Faoin gclár taighde seo, cuirfear tacaíocht mhaoinithe ar fáil do na taighdeoirí is fearr atá againn chun réitigh a fhorbairt dár bhfeirmeoirí, dár bhforaoiseoirí agus don tionscal bia i réimsí amhail iomaíochas, inbhuanaitheacht agus nuálaíocht.”
Tugann an Glao nua seo léiriú iomlán ar na príomhspreagthóirí straitéiseacha náisiúnta (an Straitéis Agraibhia 2030 atá le foilsiú) agus idirnáisiúnta (Feirm go Forc an AE, straitéisí um Bithéagsúlacht agus Geilleagar Ciorclach faoin gComhaontú Glas don Eoraip), agus tá sé ceaptha deiseanna taighde solúbtha agus sofhreagrúla a chur ar fáil i raon leathan disciplíní trí bhíthin chur chuige ‘córasbhunaithe’.
Dúirt an tAire leis,
“Is gealltanas suntasach é an glao seo ar thaighde maidir leis na huirlisí agus na réitigh a theastaíonn ó fheirmeoirí agus ón tionscal a chur ar fáil dóibh chun na huaillmhianta inár dTreochlár Ag-climatise nua, a foilsíodh le déanaí, agus an sprioc atá ann maidir le córas bia neodrach ó thaobh na haeráide de a bhaint amach faoin mbliain 2050. Is é an chéad ghlao é faoin leithdháileadh buiséid níos fearr a d’aimsigh mé i mBuiséad 2021, arbh fhiú €18 milliún é faoi láthair.’’
Cruthófar agus scaipfear eolas trí bhíthin an Ghlao chun tacú le hathléimneacht, ní hamháin maidir lenár gcóras agraibhia agus na dúshláin atá os a chomhair, ach maidir leis an ról atá aige ó thaobh cur leis an mbithéagsúlacht, seirbhísí éiceachórais a chur ar fáil, bia cothaitheach, folláin a sholáthar, agus rannchuidiú le bithgheilleagar ciorclach inbhuanaithe freisin. Éascófar rannpháirtíocht páirtithe leasmhara ó thaobh an taighde a chruthú agus a chur i gcrích, agus cuirfear malartú eolais chun cinn, rud a bheidh chun tairbhe an tionscail, an bheartais agus rannpháirtíocht saoránach.
Dúirt an tAire Heydon,
‘‘tógann nádúr téamach an Ghlao seo ar an rath mór a bhain dámhachtainí taighde na Roinne amach le déanaí. Chomh maith leis sin, ach cabhrú le cumas agus acmhainneacht taighde agraibhia agus taighde gaolmhar bithbhunaithe a chothú in eagraíochtaí Éireannacha a dhéanann taighde, beidh taighdeoirí na hÉireann ábalta, faoin nGlao, dul san iomaíocht le haghaidh deiseanna maoinithe Taighde agus Nuálaíochta AE, agus iad a bhaint amach, faoin gclár nua Fís Eorpach.’’
Is tábhachtach go ndeachaigh an Roinn Talmhaíochta, Comhshaoil agus Gnóthaí Tuaithe i dTuaisceart Éireann i bpáirt leis an Roinn, mar chuid den chomhoibriú leanúnach Thuaidh-Theas ar thaighde agus nuálaíocht agraibhia, chun maoiniú a chur ar fáil le go mbeidh trí eagraíocht a dhéanann taighde ábalta a bheith rannpháirteach sa Ghlao seo.
Nótaí don Eagarthóir:
An 28 Feabhra 2021 ar 13:00 an spriocdháta d’iarratais ar thograí. Tá an cháipéisíocht ar fad maidir leis an nGlao seo le fáil ag www.gov.ie/en/collection/9bd2a-research-and-codex/#news
Ní mór d’iarratasóirí iarratas a dhéanamh ar líne trí bhíthin Thairseach Thaighde Ar Líne na Roinne ag dafm.flexigrant.com/
Go dtí seo, d’oibrigh an Roinn trí chlár iomaíoch taighde maoinithe ar leithligh um ‘earra poiblí’, a chuimsigh talmhaíocht, bia agus foraoiseacht. Seo tuairisc ghearr orthu:
1. An Beart um Thaighde Institiúideach ar Bhia (Bia) ar aidhm leis teicneolaíochtaí a fhorbairt a bheidh mar bhonn taca le hearnáil déantúsaíochta agus margaíochta bia a bheidh iomaíoch, nuálach agus inbhuanaithe, agus a fhéadfar leas a bhaint as cuid di trí bhíthin tuilleadh clár tacaíochta poiblí atá dírithe ar an tionscal.
2. Ciste Tacaíochta Taighde (Talmhaíocht) ar aidhm leis tacú le cleachtais agus beartais inbhuanaithe agus iomaíocha um tháirgeadh talmhaíochta, agus rannchuidiú le geilleagar eolais agus cumas taighde a chruthú agus a chothabháil sa phríomh-earnáil talmhaíochta.
3. Clár Iomaíoch Taighde Foraoiseachta le haghaidh Forbartha (Foraoiseacht) ar aidhm leis bonn eolaíoch a fhorbairt agus tacaíocht do thionscal foraoiseachta inbhuanaithe, iomaíoch, nuálach agus dírithe ar an margadh.
Faoi Chlár Iomaíoch Taighde nuashonraithe na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara, cuirtear na trí chlár sin thuas in aon chlár ‘earra poiblí’ amháin, a bhfuil na cuspóirí céanna aige. Tugtar aghaidh sa chlár nuashonraithe ar mholtaí a rinneadh san Athbhreithniú ar Chaiteachas a d’fhoilsigh an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe le déanaí ar chláir iomaíocha taighde na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara, chomh maith leis an Tuarascáil Ardleibhéil ar nuálaíocht don chóras bia a rinneadh mar ghníomh faoi Food Wise 2025. Déanfar é a leathadh amach trí bhíthin shraith chúig shnáithe – téamach, dírithe ar bheartas, dírithe ar thionscal, for-rochtain idirnáisiúnta agus tacaíocht le comhordú – gach ceann díobh curtha in oiriúint do riachtanais na ndaoine sin a bhfuil sé ceaptha freastal orthu. Is iad na cúig shnáithe:
An Snáithe um Thaighde Téamach : Cuimseofar faoin snáithe seo, a seoladh inniu agus a seolfar go tréimhsiúil sa todhchaí, taighde turgnamhach faoi chúig chur chuige ar na dúshláin a bhaineann le Taighde, Forbairt agus Nuálaíocht (RDI) atá leathan, téamach, cothrománach agus dírithe ar mhisean. Cuirfear ‘gníomhairí incháilithe eile’ san áireamh den chéad uair. An aidhm atá leis sin, gníomhaíochtaí ‘idirghabhálaithe nuálaíochta’ a chur san áireamh chun tacú le hEagraíochtaí a Dhéanann Taighde (RPO) le gníomhaíochtaí níos leithne an tionscadail maidir le haistriú/scaipeadh eolais ag páirtithe leasmhara agus rannpháirtíocht ilghníomhaithe sna tionscadail a spreagadh. Leanfar den chómhaoiniú le gníomhaireachtaí eile mar ghné den chlár seo.
An Snáithe um For-rochtain Idirnáisiúnta : Ach rannpháirtíocht i nglaonna iomaíocha ábhartha arna n-oibriú go trasnáisiúnta nó go hidirnáisiúnta a éascú, cuirfear ar chumas taighdeoirí in Eagraíochtaí a Dhéanann Taighde Éireannacha leas a bhaint as saineolas, sonraí agus bonneagar eile nach bhfuil fáil éasca air in Éirinn agus cabhrófar le hiad a leabú i gcuibhreannais il-tíortha atá i suíomh níos fearr chun dul san iomaíocht i nGlaonna móra nach bhfuil maoinithe ag Státchistí.
An Snáithe um Staidéir Straitéiseacha : Tá an snáithe seo ceaptha modh maoinithe níos solúbtha a chur ar fáil, modh a bheidh ábalta dul i ngleic le saincheisteanna beartais, go príomha, ar bhealach níos tapúla fad a n-éilítear cruinneas eolaíochta fós. Beartaítear an chéad Ghlao faoin gclár seo a rith ar bhonn píolótach go luath an bhliain seo chugainn agus, má éiríonn leis, é a leathadh amach trí bhíthin Ghlaonna Oscailte níos lú agus níos minice, iad bunaithe ar ábhair shonracha arna sainaithint ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara chun dul i ngleic le riachtanais straitéiseacha/beartais ghearrthéarmacha nó mheántéarmacha.
An Snáithe um Dhíriú ar Thionscal : Dhá thionscnamh dírithe ar an tionscal a bheidh anseo:
• Research Plus, ar aidhm leis tionscadail de chuid na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara atá tugtha chun críche, nó beagnach tugtha chun críche, a thabhairt chuig pointe ina gcáileoidh siad do mhaoiniú faoi chláir arna bhfeidhmiú ag eagraíochtaí eile, go háirithe Clár Tráchtálaithe de chuid Fiontraíocht Éireann.
• Ardán Nuálaíochta, lena n-éascófar taighde comhoibríoch 5-bliana, ar Leibhéal Réidhe Teicneolaíochta (TRL) níos airde, faoi stiúir an tionscail, le hEagraíochtaí a Dhéanann Taighde. Beidh maoiniú sainordaitheach 30% ón tionscal i gceist leis.
Gníomhaíochtaí Comhordaithe agus Tacaíochta: Bainfear úsáid as an snáithe seo ar bhonn leanúnach chun maoiniú a sholáthar do ghníomhaíochtaí coimhdeacha éagsúla ábhartha a bhaineann le taighde arna dhéanamh ag taighdeoirí RPO-bhunaithe arna maoiniú ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, de réir mar a mheasfar a bheidh cuí.
CRÍOCH