Tús le cur le Réamhíocaíochtaí €138 milliún faoi Scéim GLAS 2020 an tseachtain seo fógartha ag an Aire McConalogue
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair Charlie McConalogue T.D., an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara inniu go gcuirfear tús an tseachtain seo le réamhíocaíochtaí 2020 faoin Scéim Ghlas, Íseal-Charbóin, Agra-chomhshaoil (GLAS), sin coicís níos túisce ná mar a bhí beartaithe. Roinnfear €138 milliún ar bheagnach 40,000 cuntas banc de chuid fheirmeoirí GLAS an tseachtain seo.
Is éard a bhí le rá ag an Aire,
"Tá áthas orm a dheimhniú go n-eiseofar réamhíocaíochtaí, ar fiú breis is €138 milliún iad an tseachtain seo, ar bheagnach 40,000 feirmeoir atá rannpháirteach i scéim GLAS. Bainfidh feirmeoirí ar fud na tíre tairbhe as na híocaíochtaí sin, go háirithe anois mar gheall ar an mbliain dhúshlánach seo a bhí againn. Tá na réamhíocaíochtaí seo, ag ráta 85% den íocaíocht iomlán bhliantúil, tábhachtach d'fhonn tacú le feirmeoirí príomhghníomhartha timpeallachta a bhaint amach. Tá siad tábhachtach chomh maith don gheilleagar tuaithe níos leithne."
Dúirt an tAire chomh maith,
"Dúirt mé cheana gur tosaíocht mhór do mo Roinn íocaíochtaí scéime a eisiúint chuig feirmeoirí ar bhealach éifeachtúil. Tá mé thar a bheith sásta go bhfuil tús á gcur leis na híocaíochtaí seo coicís roimh an sprioc a bhí leagtha síos againn do lár mhí na Samhna agus go mbeidh íocaíochtaí á ndéanamh le líon níos airde rannpháirtithe i mbliana le hais anuraidh. Ar an iomlán, i gcomórtas leis an tráth seo anuraidh, táimid ag íoc €4 mhilliún níos mó le 3% níos mó rannpháirtithe scéime agus is iontach an toradh é sin i bhfianaise shrianta Covid-19."
"Nuair a chuirtear íocaíochtaí faoi Scéim na Limistéar faoi Shrianta Nádúrtha 2020 (ANC), a cuireadh tús leo i Meán Fómhair, agus na réamhíocaíochtaí BPS a cuireadh tús leo ar an dáta ab luaithe agus arbh fhéidir ar an 16 Deireadh Fómhair, in éineacht leis na Réamhíocaíochtaí faoi scéim GLAS ar fad le chéile, ciallaíonn sin go bhfuil íocaíochtaí breis is €1.12 billiún déanta le feirmeoirí na hÉireann ó Mheán Fómhair."
Mar fhocal scoir dúirt an tAire,
"Is é an deascéala do rannpháirtithe GLAS ná go bhfuil cinnteacht acu go mbeidh siad in ann a bheith páirteach an chéad bhliain eile sa scéim más maith leo mar gur éirigh linn an leithroinnt maoiniúcháin a fháil sa bhuiséad. Tá mé sásta gur éirigh linn sin a dhéanamh agus gur seachnaíodh fadhbanna a tharla cheana nuair nach raibh an chinnteacht sin ag rannpháirtithe agus iad ag aistriú ó RDP amháin go ceann eile.
Nótaí d'eagarthóirí:
D'fhonn cuidiú le feirmeoirí atá ag iarraidh teagmháil a dhéanamh leis an Roinn faoina gcuid íocaíochtaí GLAS, tá uaireanta oscailte níos faide curtha le Líne Chabhrach GLAS agus beidh an líne oscailte ó Luan go hAoine agus ar maidin Dé Sathairn an 7 Samhain agus an 14 Samhain go dtí 1.30pm.
Is féidir glaoch ar Líne Chabhrach GLAS ar 076 1064451.
Is féidir le feirmeoirí fiosruithe ar bith atá acu a chur ar aghaidh ar ríomhphost chuig GLAS@agriculture.gov.ie .
Fanfaidh sraitheanna rialta íocaíochtaí i bhfeidhm sna seachtainí amach romhainn chun íocaíochtaí a dhéanamh de réir mar a bheidh cásanna GLAS á gceadú i leith íocaíochta. Ba chóir d'aon rannpháirtithe GLAS nach bhfuil cáipéisíocht curtha ar aghaidh go fóill acu lena n-áirítear LESS nó Foirmeacha maidir le Pórtha Neamhchoitianta nó iad sin a rinne teagmháil le mo Roinn le fiosruithe faoina rannpháirtíocht i nGLAS nó a n-iarratas BPS freagra a thabhairt chomh luath agus is féidir chun íocaíochtaí luath a éascú.
CRÍOCH