Iarrann an tAire McConalogue ar an AE éileamh aontaobhach gan choinne neamh-inbhuanaithe na hIorua a dhiúltú go daingean ar mhéadú 55% ar a sciar den stoc ronnach
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Dúirt an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., gur fhógair an Iorua ar maidin go mbronnfadh sí méadú 55% uirthi féin ar a sciar den Stoc Ronnach in 2021. I dtaobh tonnáiste, ciallaíonn seo méadú ó 191,843 tonna go 298,299 tonna – méadú 106,456 tonna don bhliain 2021. Lorgaíonn cinneadh na hIorua an sciar atá aici den Stoc Ronnach a mhéadú aníos ó 22.5% go 35%.
Rinneadh ronnach a bhainistiú faoi Chomhaontú Stáit Chósta na Náisiún Aontaithe ina raibh baint ag an AE, an Iorua agus Oileáin Fharó don tréimhse ó 2014 go 2020. Dhiúltaigh an Íoslainn páirt a ghlacadh sa chomhaontú bainistíochta agus chuir na trí pháirtí sciar den stoc ar leataobh dó. In 2021, i ndiaidh Brexit agus imeacht an RA ón AE, níorbh fhéidir leis na páirtithe nua atá bainteach Comhaontú Stáit Chósta maidir le Ronnach nua a chur i bhfeidhm.
Dúirt an tAire McConalogue, “Cuireann an dearbhú seo a rinne an Iorua a hiascach ar ronnach a mhéadú go hollmhór bagairt dhíreach ar inbhuanaitheacht an iascaigh ronnach agus ar thodhchaí thionscal iascaireachta peiligí na hÉireann. Níl aon údar leis an aistriú aontaobhach gan choinne neamh-inbhuanaithe seo. Ábhar breise díomá é mar gheall go mbaineann sé de na socruithe ríthábhachtacha chun comhbhainistíocht a dhéanamh ar ronnach ag Stáit Chósta faoi struchtúr na Náisiún Aontaithe. Mar gheall go leagtar amach sa chomhairle eolaíochta an leibhéal inbhuanaithe iascaireachta ronnach gach bliain, déanfaidh an Iorua ró-iascaireacht ar ronnach nó caithfidh páirtithe eile sciar níos lú a ghlacadh. Níl ceachtar rogha inghlactha.”
Faoi Chomhaontú Trádála agus Comhair an AE/an RA, bhí laghdú 26% le teacht ar ár gcuóta ronnach laistigh den AE faoin mbliain 2026, agus cuireadh 60% den laghdú seo i bhfeidhm in 2021. Is é ronnach an t-iascach is tábhachtaí in Éirinn go fóill agus bronnadh cuóta 60,849 tonna air don bhliain 2021 ar a bhfuil luach thart ar €80 milliún agus buntacaíonn sé leis an tionscal Éireannach próiseála éisc pheiligigh is tábhachtaí san Iarthuaisceart. Is í Éire an sealbhóir cuóta Ronnach is mó san AE.
Luaigh an tAire McConalogue go soiléir; “Iarraim ar Choimisinéir Sinkevičius an AE an gníomh aontaobhach seo ag an Iorua chun sciar i bhfad níos airde den stoc ronnach a éileamh a dhiúltú go hiomlán. Táim ag scríobh chuige láithreach le hiarraidh air freagairt gan mhoill don ghníomh gríosaitheach agus neamhfhreagrach seo. Iarrfaidh mé air cuntas a thabhairt ar cén gníomhartha a rachaidh an Coimisiún Eorpach ina mbun chun loingis thábhachtacha ronnach an AE agus an tionscal próiseála ronnach a chosaint. Tá sé ríthábhachtach go dtéann Coimisinéir an AE faoi bhearta práinneacha chun cur in aghaidh ghníomh neamhfhreagrach seo na hIorua. Caithfidh an Iorua a thuiscint nach mbaineann comhpháirtithe freagracha tairbhe as a leithéid de ghníomh do-ghlactha.”
Dúirt an tAire McConalogue freisin, “Ghlac ár n-iascairí ronnach le ciorrú do-ghlactha cheana féin ar a sciar den stoc ronnach faoi Chomhaontú Trádála agus Comhair an AE/an RA. Táim ag oibriú leo chun gach réiteach féideartha a fhiosrú chun go ndéanfar an t-ualach a roinnt níos cothroime laistigh den AE. Táim an-bhuartha go gcruthóidh an gníomh seo a rinne an Iorua éiginnteacht bhreise don tionscal ronnach, atá ag iarraidh dul in oiriúint cheana féin chun cuótaí a laghdú i ndiaidh Brexit.”
Nóta d’Eagarthóirí:
Iasc imirceach atá dáilte go fairsing atá sa stoc ronnach a dtagtar air in go leor de scairbh thoir thuaidh an Atlantaigh ó dheisceart na hÉireann agus Bá na Bioscáine go dtí lastuaidh den Iorua. Snámhann sé go tapa agus cruthaíonn sé scoileanna dlútha nuair a bhíonn sé ag dul ar imirce óna láithreacha sceathraí ó dheas agus laistiar d’Éirinn go dtí uiscí thuaidh chun beathú.
CRÍOCH