Iarratas ar Mhaolú Níotráití 2021
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara inniu gur féidir iarratais ar Mhaolú Níotráití 2021 a chur ar aghaidh chuig an Roinn anois trí úsáid a bhaint as tairseach ar líne na Roinne, www.agfood.ie Moltar d'fheirmeoirí dul i dteagmháil lena gcomhairleoir talmhaíochta lena fháil amach faoinar chóir dóibh leas a bhaint as an saoráid seo.
Tugann Maolú Níotráití deis d'fheirmeoirí dul i mbun feirmeoireachta ag rátaí níos airde stoic, faoi réir coinníollacha áirithe atá leagtha amach chun an timpeallacht a chosaint agus an Treoir maidir le Níotráití a chomhlíonadh. Tá Maolú Níotráití ag brath ar chaighdeáin cháilíocht an uisce a bhaint amach, agus leagtar amach na bearta seo chun cosaint a thabhairt do cháilíocht an uisce. Go deimhin, déanfar athbhreithniú iomlán ar na rialacháin Níotráití in 2021, lena n-áirítear an tsaoráid maolaithe. Is saoráid thábhachtach an Maolú d'fheirmeoirí a bhíonn i mbun dianfheirmeoireachta. Bhain beagnach 6,500 feirmeoir dianstoic leas as an maolú sa bhliain 2020.
Dúirt an tAire,
“Mholfainn d'fheirmeoirí dianstoic tabhairt faoin bpróiseas iarratais seo a luaithe agus is féidir agus an gá atá leis an maolú a phlé lena gcomhairleoir talmhaíochta."
Tá an córas ar líne dírithe ar an bpróiseas iarratais a shimpliú agus cuidiú le feirmeoirí pionóis a sheachaint. Is féidir le feirmeoirí na Rialacháin a chomhlíonadh freisin tríd a mbeostoc a bhainistiú, an dóthain aoileach/ leasú sciodair a chur den talamh nó talamh breise a fháil ar cíos.
Is é an 31 Márta 2021 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais. Meabhraítear d'fheirmeoirí a rinne iarratas ar mhaolú in 2020 nach mór dóibh a gcuid Cuntas Leasacháin don bhliain 2020 a chur isteach faoin 31 Márta 2021 freisin.
Is féidir le feirmeoirí nach bhfuil cláraithe le agfood.ie sin a dhéanamh trí logáil isteach ar www.agfood.ie agus trí chliceáil ar an gcnaipe 'Cláraigh'. Tá tuilleadh eolais le fáil ar láithreán gréasáin na Roinne ag an nasc seo a leanas: https://www.gov.ie/en/service/department-of-agriculture-and-foods-online-services/
Tá tuilleadh eolais, lena n-áirítear Téarmaí agus Coinníollacha, le fáil ar láithreán gréasáin na Roinne anseo: https://www.gov.ie/en/publication/c9563-rural-environment-sustainability-nitrates/#nitrates-derogation
Nótaí d'Eagarthóirí:
Maolú Níotráití
Faoin Maolú Níotráití féadann feirmeoirí an teorainn 170 kg d'aoileach in aghaidh an heicteáir mar atá leagtha síos sna Rialacháin Níotráití a shárú suas go 250 kg an heicteár, ach cloí le rialacha níos déine. Chun go mbeidh iarratas ar Mhaolú Níotráití bailí, ní mór cloí le téarmaí agus coinníollacha ar fad an mhaolaithe, iad seo a leanas san áireamh:
• Ní mór iarratas a dhéanamh chuig an Roinn gach bliain ar líne. Ní ghlacfar le hiarratais ar an bpost.
• A bheith i mbun feirmeoireachta ar ghabháltas a bhfuil 80% de faoi fhéar. Féaránaigh a bheith agat - ní cheadófar maolú ach amháin i ndáil le féaránaigh.
• Ní mór sciodar a scaradh ar sealúchais maolúcháin le trealamh astaíochtaí ísle amháin. Ní mór 50% de gach sciodar a tháirgtear ar fheirm a bheith scartha faoin 15 Meitheamh 2021.
• Ní bheidh cimín ná féarach garbh incháilithe don mhaolú 250 kg N/ha atá ceadaithe. Beidh teorainn go dtí an lamháltas ≤170 kg N/ha i gceist le háirimh i ndáil le leasacháin ceimiceáin ar chimíní/féarach garbh.
• Ní mór seamair a bheith tríd nuair atá féar á fhás.
• Ní mór tabhairt faoi thomhais agus taifeadadh féir nó freastal ar thraenáil maidir le bainistiú féaraigh.
• Ní mór tabhairt faoi thraenáil timpeallachta.
• Ní mór clár aolta a ghlacadh.
• Ní mór tabhairt faoi bheart bithéagsúlachta ón bplean pailneoirí Uile Éireann.
• Tá uasrátaí socraithe don chéatadán de gharbhphróitéin i gcion déiríochta.
• Ní mór stóráil leordhóthanach a bheith ar gach gabháltas atá ag teacht faoin maolú chun aoileach agus uisce salach a tháirgtear ar an ngabháltas a stóráil.
• Plean Leasacháin a bheith i bhfeidhm ar an ngabháltas faoin 1 Márta. Ba chóir an plean seo a chur ar aghaidh chuig an Roinn chomh maith le foirm iarratais murar chuir an feirmeoir plean leasacháin ar aghaidh chuig an Roinn sa bhliain 2018, 2019 nó 2020.
• Ní mór pleananna leasacháin a bheith bunaithe ar thorthaí anailíse ithreach tar éis an 15 Meán Fómhair 2017.
• Caithfidh iarratasóirí nua nach bhfuil torthaí anailíse ithreach acu glacadh le hInnéacs 3 don bhliain 2021 ach ní mór anailís ar shampla ithreach i ndáil le bliain bairr 2020 a bheith ar fáil agus an plean leasacháin a bheith leasaithe dá réir agus curtha ar aghaidh ar líne chuig an Roinn roimh an 31 Márta 2022.
• Ní mór cuntais leasacháin a bheith curtha ar aghaidh chuig an Roinn tráth nach déanaí ná an 31 Márta an bhliain ina dhiaidh sin.
• Ní ceadmhach d'iarratasóirí ar Mhaolú Níotráití aoileach a thabhairt isteach ar a ngabháltas.
• Is féidir eolas maidir le maolú, lena n-áirítear Téarmaí & Coinníollacha, a fháil ar láithreán gréasáin na Roinne www.gov.ie/en/publication/c9563-rural-environment-sustainability-nitrates/#nitrates-derogation
CRÍOCH