Infheistíonn an Rialtas €70m chun Cuidiú le Táirgeoirí Bia i ndiaidh an Bhreatimeachta
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an Tánaiste agus an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, Leo Varadkar, TD, agus an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, TD, inniu go bhfaighidh 22 tionscadal sna hearnálacha feola agus déiríochta ar fud na tíre maoiniú a chuirfidh ar a gcumas forbairt agus éagsúlú a dhéanamh, tar éis don Bhreatain imeacht ón Aontas Eorpach.
Cuideoidh Scéim Infheistíochta Caipitil €70m an Rialtais do Phróiseáil agus Margaíocht Táirgí Talmhaíochta le feirmeoirí agus leo siúd atá ag obair i dtáirgeadh bia a dtáirgí a éagsúlú, margaí agus custaiméirí nua a mhealladh, rud a fhágfaidh go mbeidh a ngnó níos athléimní agus níos inbhuanaithe san fhadtéarma. Is é Fiontraíocht Éireann a riarfaidh an ciste.
Dúirt an Tánaiste Leo Varadkar:
“Is infheistíocht mhór í seo inár dtionscal agraibhia atá mar bhunchloch faoin tuath in Éirinn. Is éard atá i gceist leis ná cuidiú leis an tionscal forbairt agus éagsúlú a dhéanamh trí bhogadh suas an slabhra luacha agus rochtain a fháil ar mhargaí nua lena n-áirítear an Áise agus Meiriceá Thuaidh. Rachaidh sé chun leasa feirmeoirí agus an tionscail i gcoitinne.
“Táim thar a bheith bródúil go dtáirgeann muid an dóthain bia chun naoi n-oiread ár ndaonra a bheathú. Fostaíonn ár n-earnáil talmhaíochta beagnach 165,000 duine anseo. Ba mhaith linn a chinntiú go mbeidh na poist seo slán san fhadtéarma.
“Rachaidh an maoiniú €70m seo go díreach chuig táirgeoirí bia agus próiseálaithe sna hearnálacha feola agus déiríochta chun cabhrú leo éagsúlú agus custaiméirí nua a mhealladh tar éis an Bhreatimeachta. Cuideoidh sé leo ullmhú do thodhchaí ísealcharbóin freisin, i bhfianaise ár ngealltanas i leith na haeráide. Tá na 22 tionscadal rathúil ar fud na tíre.
“Chuir an Breatimeacht éiginnteacht mhór san earnáil agus is rabhadh é faoi na contúirtí a bhaineann le bheith ag brath an iomarca ar mhargadh áirithe. Ar an gcaoi chéanna, is dúshlán eile atá os comhair ár dtáirgeoirí bia an gá atá lenár n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus leibhéil táirgeachta a choinneáil. Caithfimid gníomh a dhéanamh anois a chuimsíonn teicneolaíocht nua, a chruthaíonn poist nua agus deiseanna gnó nua, a chosnaíonn pobail tuaithe agus a dhéanann iarracht arduithe ar an gcostas maireachtála a sheachaint. Tá sé mar aidhm ag an gCiste seo cabhrú le táirgeoirí bia an t-aistriú a dhéanamh."
Dúirt an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue:
“Tá an Rialtas seo tiomanta do thacaíocht a thabhairt dár n-earnáil agraibhia agus a chinntiú go ndéantar cáil na hÉireann maidir le táirgeadh bia ar ardchaighdeán, sábháilte agus inbhuanaithe a chothabháil agus a fheabhsú.
“Téann forbairt táirgí nua agus éagsúlú margaidh lámh ar láimh. Cuideoidh an infheistíocht €70m atá á fógairt againn inniu leis an earnáil, leathnófar margaí reatha agus méadófar díolachán táirgí breisluacha níos airde sa mhargadh domhanda rud a chinnteoidh ár seasamh mar áit thábhachtach maidir le bia inbhuanaithe.
“De réir mar a thagann margaí domhanda ar ais ó thionchar phaindéim Covid-19, beidh mé ag obair go dlúth le mo chomhghleacaí, an tAire Stáit Martin Heydon, TD, a bhfuil freagracht shonrach air as margaí nua a fhorbairt, chun a chinntiú gur féidir le honnmhaireoirí bia na hÉireann leas a bhaint as de na deiseanna i bpríomh-mhargaí idirnáisiúnta. Cuid thábhachtach de na hinfheistíochtaí straitéiseacha seo is ea buntáistí a thabhairt dóibh siúd go léir ar feadh an tslabhra soláthair, go háirithe feirmeoirí mar an príomhtháirgeoir criticiúil atá mar bhunchloch na hearnála easpórtála €14bn."
Dúirt Leo Clancy, POF, Fiontraíocht Éireann:
“Tá maoiniú €70m an lae inniu faoin Scéim Infheistíochta Caipitil do Phróiseáil agus Margaíocht Táirgí Talmhaíochta ag tacú le 22 tionscadal straitéiseach chun infheistíochtaí os cionn €266m a dhéanamh ar fud na hÉireann. Caithfidh ár n-earnáil agraibhia díriú níos mó ar inbhuanaitheacht, iomaíochas agus nuálaíocht chun margaí atá ann cheana agus margaí nua a fhás agus cuideoidh an maoiniú a fógraíodh inniu leis na haidhmeanna tábhachtacha seo a bhaint amach."
Nótaí don Eagarthóir
Tá an infheistíocht €70m seo mar chuid den Scéim €100m a fógraíodh den chéad uair an 28 Nollaig 2020. Tá súil le glao eile faoin scéim níos déanaí.
Liosta de na tionscadail rathúla
Liosta de na tionscadail rathúla
Liosta de na tionscadail rathúla