Ionstraim Reachtúil um Chleachtais Éagóracha Trádála sínithe ag an Aire McConalogue
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Shínigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, TD, Ionstraim Reachtúil Uimh. 198 de 2021 inniu ina leagtar amach na Rialacháin chun éifeacht i ndlí na hÉireann a thabhairt do Threoir AE 2019/633 maidir le Cleachtais Éagóracha Trádála i caidrimh gnólacht le gnólacht sa slabhra soláthair talmhaíochta agus bia.
Tabharfar Rialacháin 2021 an Aontais Eorpaigh (Cleachtais Éagóracha Trádála sa slabhra soláthair talmhaíochta agus bia) ar na Rialacháin agus tiocfaidh siad i bhfeidhm ón 1 Iúil 2021. Tá feidhm ag na Rialacháin maidir le comhaontuithe i leith soláthar táirgí talmhaíochta agus bia. Cuimsíonn sé seo táirgí neamhbhia áirithe. Tá 16 Chleachtas Éagóracha Trádála (UTPanna) clúdaithe sna Rialacháin, tá cosc ar 10 gcinn díobh i ngach cás, agus tá sé UTP, a bhfuil cosc orthu mura gcomhaontaíonn na páirtithe iad ar bhealach soiléir agus gan débhrí roimh ré.
Caithfidh comhaontuithe soláthair nua (ó bhéal agus i scríbhinn) ceanglais na Rialachán a chomhlíonadh faoin 1 Iúil 2021; caithfear conarthaí (ó bhéal agus i scríbhinn), a cuireadh i gcrích iad roimh inniu (28 Aibreán), a chur i bhfeidhm laistigh de 12 mhí ón dáta sin. Níl feidhm ag na Rialacháin maidir le comhaontuithe idir soláthraithe agus tomhaltóirí.
Dúirt an tAire McConalogue,
“Tá an-áthas orm an Treoir UTP a thrasuí i ndlí na hÉireann inniu. Ceann de phríomhphrionsabail Threoir UTP is ea feirmeoirí, eagraíochtaí feirmeoirí agus soláthraithe eile táirgí talmhaíochta agus bia atá níos laige a chosaint ar cheannaitheoirí níos láidre. Cabhróidh na Rialacháin seo cosaint sin a thabhairt agus is céim shuntasach iad chun dul chun cinn a dhéanamh i dtreo cothrom na Féinne a thabhairt dár dtáirgeoirí talmhaíochta."
Tagann sé seo i ndiaidh seoladh comhairliúcháin phoiblí níos luaithe an tseachtain seo maidir le hoifig nua a bhunú de réir ghealltanas Chlár an Rialtais Ombudsman Náisiúnta Bia a bhunú, beart a éilíonn reachtaíocht phríomha.
Dúirt an tAire McConalogue,
“Ar feitheamh thoradh an chomhairliúcháin phoiblí maidir le hoifig nua a bhunú faoi reachtaíocht phríomha, foráiltear leis na Rialacháin seo, mar bheart eatramhach, go mbunófar an tÚdarás Forfheidhmithe a theastaíonn chun an Treoir a fhorfheidhmiú i mo Roinn. Beidh na cumhachtaí reachtúla riachtanacha ag an Údarás chun gearáin a imscrúdú, imscrúduithe a dhéanamh ar a thionscnamh féin agus imeachtaí dlí a thionscnamh mar gheall ar sháruithe ar na Cleachtais Éagóracha Trádála (UTPanna) atá toirmiscthe faoin Treoir. Rachaidh mo Roinn i mbun plé le páirtithe leasmhara sna míonna amach romhainn chun cabhrú lena dtuiscint ar na rialacha nua. Táim tiomanta d’oifig a bhunú a thabharfaidh trédhearcacht a bhfuil géarghá léi dár n-earnáil a chabhróidh lenár bhfeirmeoirí agus lenár bpríomhtháirgeoirí sa deireadh."
Dúirt an tAire Stáit Seanadóir Pippa Hackett,
“Creidim go rachaidh síniú na Rialachán seo a chuirfidh ar ár chumas an Treoir UTP a fhorfheidhmiú, agus go rachaidh bunú an NFO as seo amach chun leasa na n-earnálacha go léir, lena n-áirítear an earnáil gairneoireachta, agus cabhróidh sé leis na coinníollacha chun caidrimh soláthair atá cóir agus éifeachtach sa mhargadh a chruthú. "
Dúirt an tAire Stáit Martin Heydon TD,
“Fáiltím roimh an gcéim seo maidir le cothroim na Féinne a chinntiú sa slabhra soláthair bia - is chun leasa gach duine sa chóras bia é muinín agus trédhearcacht a chruthú ar feadh an tslabhra soláthair, go háirithe d'fheirmeoirí agus do tháirgeoirí bia. D'fhéadfadh an trédhearcacht seo a bheith ina buntáiste iomaíoch dúinn as seo amach de réir mar a fhásaimid na margaí atá ann cheana agus de réir mar a fhaighimid rochtain ar mhargaí nua do tháirgí Éireannacha. "
Is féidir na Rialacháin a fháil ag gov.ie - Unfair Trading Practices (UTP) Enforcement Authority (www.gov.ie)
Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Údarás Forfheidhmithe UTP nua ag [email UTP@agricultuUTP@agriculture.gov.ie re.gov.ie ]
Nóta don Eagarthóir:
Pléann Treoir UTP (Treoir (AE) Uimh. 2019/633 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019) atá trasuite anois i ndlí na hÉireann le cleachtais éagóracha trádála i gcaidrimh ghnólacht-le-gnólacht sa slabhra soláthair talmhaíochta agus bia .
Féachann Treoir UTP le soláthraithe níos laige a chosaint ar chleachtais éagóracha trádála ag ceannaitheoirí níos láidre sa slabhra soláthair talmhaíochta agus bia.
• baineann an Treoir le caidrimh ghnólacht-le-gnólacht sa slabhra soláthair talmhaíochta agus bia
• cuireann an Treoir toirmeasc ar 10 gcleachtas éagóracha trádála (dá ngairtear UTPanna ‘dubha’ de ghnáth)
1. Íocaíochtaí níos déanaí ná 30 lá as táirgí meatacha talmhaíochta agus bia
2. Íocaíocht níos déanaí ná 60 lá as táirgí talmhaíochta agus bia eile
3. Cealuithe gearrfhógra táirgí meatacha talmhaíochta agus bia
4. Athruithe conartha aontaobhacha ag an gceannaitheoir
5. Íocaíochtaí nach mbaineann le hidirbheart ar leith
6. An riosca caillteanais agus meatha aistrithe chuig an soláthraí
7. Diúltú dearbhú i scríbhinn a thabhairt maidir le comhaontú soláthair ag an gceannaitheoir, in ainneoin iarratas ón soláthraí
8. Mí-úsáid rúin cheirde ag an gceannaitheoir
9. Frithbheart tráchtála ag an gceannaitheoir
10. Na costais a bhaineann le gearáin ó chustaiméirí a imscrúdú a aistriú chuig an soláthraí
• cuireann an Treoir toirmeasc ar 6 chleachtas éagóracha trádála mura gcomhaontaítear iad idir an dá pháirtí roimh ré faoi réir coinníollacha áirithe (dá ngairtear UTPanna ‘liath’ de ghnáth)
1. Táirgí neamhdhíolta a thabhairt ar ais
2. Íocaíocht ag an soláthraí as stocáil, taispeáint agus liostú
3. Íocaíocht ag an soláthraí as as prómóisean
4. Íocaíocht ag an soláthraí as margaíocht
5. Íocaíocht ag an soláthraí as fógraíocht
6. Íocaíocht ag an soláthraí as foireann an cheannaitheora, as feistiú áitribh
• Déantar foráil sa Treoir maidir le hÚdarás Forfheidhmithe a bhunú, a bheidh na cumachtaí seo a leanas aige
o Cumhacht gníomhú ar ghearán nó gníomhú ar a tioscnsmh féin
o Cumhacht chun imscrúdú a dhéanamh
o Cumhacht chun sárú a fhoirceannadh
o Cumhacht cinntí a fhoilsiú
Sainmhínítear soláthraí mar tháirgeoir talmhaíochta nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach, lena n-áirítear eagraíochtaí táirgeoirí, eagraíochtaí soláthraithe agus comhlachais eagraíochtaí den sórt sin a dhíolann táirgí talmhaíochta agus bia.
Sainmhínítear ceannaitheoir mar aon duine nádúrtha nó dlítheanach nó aon údarás poiblí a cheannaíonn táirgí talmhaíochta agus bia.
Ní dhéantar foráil sna Rialacháin maidir le socruithe idir soláthraithe agus tomhaltóirí.
Is iad na táirgí talmhaíochta agus bia a chumhdaítear leis na Rialacháin ná táirgí atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh chomh maith le táirgí nach bhfuil liostaithe san Iarscríbhinn sin, ach a phróiseáiltear lena n-úsáid mar bhia ag úsáid táirgí atá liostaithe san Iarscríbhinn sin. Áirítear leis seo táirgí agraibhia agus táirgí talmhaíochta áirithe neamhbhia. Is féidir nasc go dtí hIarscríbhinn 1 a fháil anseo
Críoch