Jo O'Hara ceaptha ag an Aire chun comhairle a thabhairt maidir le Tuarascáil Mackinnon a chur i bhfeidhm
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha ag an Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett inniu go bhfuil Jo O'Hara Uasal ceaptha chun comhairle a thabhairt di maidir le Tuarascáil Mackinnon a chur i bhfeidhm. Choimisiúnaigh an Roinn an tuarascáil seo chun athbhreithniú a dhéanamh ar na próisis agus na nósanna imeachta i ndáil le ceadúnú foraoisithe agus leagain crann in Éirinn. Bhí Jo O’Hara ina Coimisinéir Foraoiseachta sa Bhreatain, ina Príomhfhoraoiseoir in Albain agus ina Príomhfheidhmeannach ar Fhoraoiseacht Alban (Coilltearachd na h-Alba) Tá sí ag obair ina sainchomhairleoir príobháideach sa Ríocht Aontaithe i láthair na huaire.
Dúirt an tAire Hackett,
"Coimisiúnaíodh Tuarascáil Mackinnon chun athbhreithniú a dhéanamh ar ár bpróisis agus nósanna imeachta chun a chinntiú go bhfuilimid, le chéile, socraithe suas ar bhealach atá oiriúnach chun na spriocanna uaillmhianacha ar mhaithe leis an earnáil foraoiseachta in Éirinn a bhaint amach. Tá feidhmiú na tuarascála ina príomhghníomhaíocht foraoiseachta i gClár an Rialtais agus táim thar a bheith sásta go bhfuil Jo O'Hara ag obair linn chun comhairle a thabhairt maidir leis an bpróiseas sin. Casadh Jo orm le déanaí agus chuaigh a cuid díocais maidir le foraoiseacht agus coillearnach a chruthú go mór i gcion orm. Tá tuiscint aici ar an réimse leathan imní atá orainn anseo in Éirinn maidir le foraoiseacht. Tá an-chuid taithí ag Jo ón t-am a chaith sí in Albain mar gheall gurbh í a bhí i gceannas ar thuarascáil Mackinnon na hAlban a chur i bhfeidhm."
Dúirt an tAire chomh maith,
"tá sprioc uaillmhianach tugtha againn do Joe O'Hara, is é sin tuairisc a thabhairt dúinn faoi dheireadh mhí Feabhra agus a comhairle a thabhairt ar na bearta a cheart a dhéanamh chun na 'bealaí chun cinn' a aithnítear i dTuarascáil Mackinnon a sheachadadh go rathúil. Is mór í an acmhainneacht a baineann leis an bhforaoiseacht chun maitheas a dhéanamh don aeráid, don bhithéagsúlacht agus don gheilleagar tuaithe agus cuideoidh cur i bhfeidhm an athbhreithnithe seo a chinntiú go mbeifear in ann, leis an gcóras ceadúnaithe, uaillmhian beartais amach anseo a sheachadadh chomh maith le cuidiú le saincheisteanna reatha a réiteach. Gan dabht ní mór ionracas an chórais reatha ceadúnaithe a chothabháil chomh maith agus a chinntiú go leanfar den chomhlíonadh maidir le hoibleagáidí timpeallachta na hÉireann go léir."
Dúirt an tAire,
“Mholfainn do pháirtithe leasmhara ar fad am a chur i leataobh chun Tuarascáil Mackinnon a léamh arís mar go bhfuil roinnt moltaí tábhachtacha inti nár mhór dúinn ar fad machnamh a dhéanamh ina leith. Mholfainn do pháirtí leasmhar ar bith ar suim leo dul i mbun rannpháirtíochta le Jo O'Hara maidir lena cuid oibre sin a dhéanamh. Tá Grúpa Beartais Foraoiseachta bunaithe agam, ina gcuimsítear réimse leathan páirtithe leasmhara, a mbeidh baint ghníomhach acu sa phróiseas seo. Beidh a chéad chruinniú ag an ngrúpa an tseachtain seo chugainn. Is é seo an grúpa a chuideoidh le heolas a dhéanamh do bheartas foraoiseachta in Éirinn agus tá sé tábhachtach go mbeadh an deis acu dul i mbun rannpháirtíochta le Jo O'Hara chomh luath is a chuireann sí tús lena ceapachán."
Dúirt Jo O'Hara nuair a cheapadh í,
"Tá ríméad orm gur cheap an tAire mé chun cúnamh a thabhairt leis an obair ríthábhachtach seo. Tá ról tábhachtach ag foraoiseacht inbhuanaithe i dtaobh na hacmhainne móra a bhaineann le talamh na hÉireann maidir le geilleagar táirgiúil, íseal-charbóin agus geilleagar lena mbaineann saibhreas nádúir a thabhairt chun fíre, agus táim sásta a bheith ábalta mo chuidse taithí i gcórais tacúla a fhorbairt agus sna próisis chun sin a bhaint amach a roinnt. Táim ag súil le dul i mbun rannpháirtíochta leis na páirtithe leasmhara in Éirinn chun sprioc uaillmhianach an Aire i dtaobh comhairle a thabhairt maidir le plean feidhmithe faoi dheireadh mhí Feabhra a bhaint amach."
Is iad a leanas Téarmaí Tagartha obair Jo O'Hara:
a. Comhairle a thabhairt don Aire maidir le Plean Feidhmithe bunaithe ar an thuarascáil Mackinnon, chun bearta intomhaiste agus insoláthartha a leagan amach chomh maith le hamlíne a leagan amach ar mhaith len iad a bhaint amach;
b. Dul i mbun rannpháirtíochta leis na páirtithe leasmhara cuí maidir leis an bPlean seo a fhorbairt;
c. A moltaí maidir leis an bPlean Feidhmithe a chur faoi bhráid an Aire agus faoi bhráid an Ghrúpa Beartais Foraoiseachta faoi dheireadh mhí Feabhra, 2021.
Tá an Tuarascáil Mackinnon foilsithe ar: Review of the Appeal Process for Afforestation In Ireland - McKinnon 2019
Is í Jo O'Hara Iar-phríomhfheidhmeannach Foraoiseachta Choimisiún Foraoiseachta na hAlban agus is sainchomhairleoir í i láthair na huaire chomh maith le bheith ina Stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin. Bhí Jo O’Hara ina Coimisinéir Foraoiseachta sa Bhreatain, Príomhfhoraoiseoir in Albain agus ina Príomhfheidhmeannach ar Fhoraoiseacht Alban (Coilltearachd na h-Alba). Tá sí ag obair ina sainchomhairleoir príobháideach sa Ríocht Aontaithe i láthair na huaire. Tá sí cáilithe i ngairim na foraoiseachta agus úsáide talún agus tá breis is 30 bliain taithí aici i róil oibriúcháin agus beartais. Rinne sí maoirseacht ar straitéis nua foraoiseachta a fhorbairt agus a thabhairt isteach le linn a gcuid ama le Coimisiún Foraoiseachta na hAlban agus le Foraoiseacht Alban (Coilltearachd na h-Alba) agus ar mhéadú suntasach ar choillearnacha de gach saghas agus de gach scála a chruthú.
CRÍOCH