Labhraíonn an tAire McConalogue ag cruinniú tionscnaimh Thascfhórsa na hEarnála Bia Mara
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Labhair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D, inniu ag cruinniú tionscnaimh Thascfhórsa na hEarnála Bia Mara, a bhunaigh an tAire chun moltaí a dhéanamh leis an Aire maidir le bearta chun na tionchair a mhaolú a d’imir na laghduithe a tháinig ar an sciar den chuóta éisc, a eascraíonn as Comhaontú Trádála agus Comhair an AE/an RA, ar thionscal Iascaireachta na hÉireann agus ar na pobail chósta a bhraitheann ar iascaigh.
Ag labhairt leis an Tascfhórsa, dúirt an tAire McConalogue,
“Beidh ár n-earnáil iascaigh thíos caillteanas €43 milliún sa bhliain ar chuótaí éisc mar thoradh ar an gComhaontú Trádála agus Comhair, agus beidh éifeachtaí iarmhartacha aige i dtaobh tionscail tacaíochta muirí agus ár bpobal cósta. Tabharfaidh ár dtionscal iascaireachta na laghduithe ar chuóta i roinnt dár stoic is tábhachtaí faoi deara láithreach nuair a dheimhneofar cuótaí iomlána bliantúla an AE go gairid don bhliain 2021. Tá na tionchair a imreofar ar earnáil iascaireachta na hÉireann díréireach i gcomparáid le Ballstáit eile agus iarraim, arís eile, ar an gCoimisiún agus ar Bhallstáit eile réiteach níos cothroime a aimsiú ar na haistrithe cuóta chuig an RA.”
Dúirt an tAire McConalogue, freisin,
“Is féidir liom dearbhú a thabhairt don Tascfhórsa seo go n-oibreoidh an Rialtas lena chinntiú go dtacaítear leis an earnáil iascaigh, agus na pobail chósta a bhraitheann air, i rith na tréimhse atá amach romhainn. Cuirfidh obair an Tascfhórsa seo eolas ar fáil do thosaíochtaí cistithe do na blianta amach romhainn faoi Chlár Forbartha Bia Mara mo Roinne 2021-27 agus faoi Chúlchiste Coigeartaithe Brexit.”
Nótaí d’Eagarthóirí:
Téarmaí Tagartha Thascfhórsa na hEarnála Bia Mara
Déanann Aidan Cotter, abhcóide agus iar-POF an Bhoird Bia, cathaoirleacht ar Thascfhórsa na hEarnála Bia Mara. Cabhróidh grúpa stiúrtha leis an Uasal Cotter ina bhfuil Margaret Daly - Leas-POF an phróiseálaí bia mara Errigal Bay Ltd agus Mícheál Ó Cinnéide, ball den Bhord Achomhairc um Cheadúnaís Dobharshaothraithe agus iar-Stiúrthóir an GCC agus Fhoras na Mara.
Cathaoirleach – Aidan Cotter
An Grúpa Stiúrtha – Margaret Daly agus Mícheál Ó Cinnéide
Baill
• Eagraíocht Iascairí na gCealla Beaga
• Eagraíocht Táirgeoirí Éisc na hÉireann
• Eagraíocht Iascairí Dheisceart agus Iarthar na hÉireann
• Eagraíocht Iascairí Dheisceart agus Oirthear na hÉireann
• Eagraíocht Táirgeoirí Eagraíocht Acmhainní Mara agus Oileáin na hÉireann
• An Fóram Iascaigh Chladaigh Náisiúnta
• 4 príomh-Chomharchumann Iascairí (Baile Chaisleáin Bhéarra, Feabhail, Ceann Chlochair, Gaillimh agus Árainn)
• Cumann Próiseálaithe agus Easpórtálaithe Éisc na hÉireann
• Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann (brainse dobharshaothraithe)
• Grúpaí Áitiúla Gníomhaíochta Iascaigh (1 ionadaí de na 7 GÁGI)
• An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
• Bord Iascaigh Mhara (rúnaíocht)
• An Bord Bia
• Fiontraíocht Éireann
• Údarás na Gaeltachta
• Turasóireacht Éireann
• Údaráis Áitiúla Chósta (2)
• Líonra Forbartha Áitiúla na hÉireann
D’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach Moladh an 25 Nollaig 2020 do Rialachán an AE a bhunaíonn Cúlchiste Coigeartaithe Brexit (CCB). Is é cuspóir an CCB a bheartaítear tacaíocht a sholáthar chun an fód a sheasamh in aghaidh na ndrochiarmhairtí a d’eascair as aistarraingt na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach sna Ballstáit, sna réigiúin agus sna hearnálacha, go háirithe iad siúd is mó a imríonn an aistarraingt sin tionchar orthu, agus chun an tionchar gaolmhar a mhaolú a imrítear ar an gcomhtháthú geilleagrach, sóisialta agus críche. Tá idirbheartaíocht le déanamh sa Chomhairle agus i bParlaimint na hEorpa ar an dréacht-Rialachán agus d’fhéadfadh athrú teacht ar a fhorálacha. Beartaítear go mbeadh buiséad €5.37 billiún de phraghsanna reatha ag an CCB agus luaitear i dtogra an Choimisiúin go ndéanfaí thart ar €1 billiún a leithdháileadh ar Éirinn in 2021 mar réamh-mhaoiniú chun cabhrú le hÉirinn bearta cuí a chistiú in 2021 agus 2022 chun cabhrú leis na hearnálacha dár ngeilleagair ar mó a imríodh tionchar orthu. Caithfear breithniú a dhéanamh ar aon bhearta tacaíochta don earnáil bhia mara a bheartaítear faoi leithdháileadh CCB na hÉireann ar leibhéal náisiúnta i gcomhthéacs éilimh iomaíocha i limistéir eile dár ngeilleagar ar imir Brexit tionchar orthu. Tá tacaíochtaí a cuireadh i bhfeidhm faoin CCB faoi réir rialacha maidir le Cúnamh Stáit.
Baineadh comhaontú polaitiúil amach i mí na Nollag 2020, nuair a bhí idirbheartaíocht á déanamh ar an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (an CEMID), 2021-27 nua agus tá súil leis go n-achtófar Rialachán an AE in Aibreán 2021. Cuirfidh an CEMID comhchistiú AE ar fáil do chláir oibríochtúla Bhallstáit chun a n-earnálacha bia mara a fhorbairt. Tá €142 milliún le leithdháileadh ar Éirinn agus deimhneofar ansin méid fhoriomlán Chlár nua Forbartha Bia Mara na hÉireann 2021-27 bunaithe ar an méid comhchistithe a chuireann an Rialtas ar fáil. Cuirfidh an clár nua ar chumas an Aire scéimeanna tacaíochta éagsúla a chur i bhfeidhm do na hearnálacha iascaigh, dobharshaothraithe agus próiseála bia mara agus do phobail chósta. Tiocfaidh an clár nua in ionad Chlár CEMI 2014-20 na hÉireann atá i bhfeidhm faoi láthair, a bhfuil an chuid is mó dá chistí caite aige.
CRÍOCH