Labhraíonn an tAire McConalogue ag seimineár an Bhainc Dhomhanda
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chríochnaidh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., an chéad chéim de mhisean trádála Mheiriceá Thuaidh inniu. Labhair an tAire le cúpla lá anuas ag imreoirí ardphróifíle Fhiontraíocht Éireann in Chicago; agus sheol sé imeacht um chur chun cinn biotáillí ‘Spirit of Ireland’ de chuid an Bhoird Bhia in Columbus Ohio, sular tionóladh cruinniú le príomhimreoirí Rialtas SAM i mbeartas talmhaíochta in Washington DC.
D’oscail an tAire McConalogue inniu (Déardaoin) seimineár a chomhóstáil Ambasáid na hÉireann agus an Banc Domhanda in DC, maidir le: “Córais Bhia Inbhuanaithe: An daonra domhanda a chothú; Spriocanna aeráide a bhaint amach; agus Freagairt don chomhthéacs nua a eascraíonn as géarchéim na hÚcráine”.
Rinne an tAire McConalogue scagadh ar ghéarchéim na hÚcráine, agus luaigh sé arís eile go gcuireann Rialtas na hÉireann go hiomlán in aghaidh ionradh neamhdhleathach na Rúise ar an Úcráin; léirigh sé go bhfuil Éire i ndlúthpháirtíocht le muintir na hÚcráine; agus léirigh sé tacaíocht leis na smachtbhannaí is láidre agus is láidre in aghaidh na Rúise.
Maidir le Córais Bhia Inbhuanaithe, dúirt an tAire McConalogue:
“D’imir géarchéim na hÚcráine tionchar ar shlabhraí soláthair bia domhanda ar roinnt mhaith bealaí; a chruthaíonn rioscaí suntasacha i dtaobh slándáil bhia agus suaitheadh margaidh. D’fhéadfadh roinnt daoine an argóint a dhéanamh gur cheart go gciallódh seo gur cheart dúinn tús áite a thabhairt do shlándáil an tslabhra soláthair, ar chostas na timpeallachta, más gá. Dar liomsa, áfach, nach mór do pholaiteoirí agus an lucht déanta beartas oibriú le chéile anois níos mó ná a rinneadh riamh roimhe seo lucht déanta beartas go bhfuil bia sábháilte, sláintiúil agus cothaitheach againn dár ndaonra domhanda atá ag dul i bhfairsinge, agus ár bpláinéad comhroinnte á chosaint againn i gcomhthráth. Baineann ríthábhacht iomlán le gníomhú ar son na haeráide, an bhithéagsúlacht agus cosaint an chomhshaoil maidir lenár slándáil bhia amach anseo.”
“Bhí Éire ina ceannródaí le fada maidir le bia inbhuanaithe a tháirgeadh – idir ár bhfeirmeoirí agus iascairí tiomnaithe agus ár bpróiseálaithe ceannródaíocha agus nuálacha, táimid tiomanta do shármhaitheas i mbia sábháilte a bhaint amach. Forbraíodh straitéis ‘Fís don Bhia 2030’ trí phróiseas faoi stiúir páirtithe leasmhara, agus trí úsáid a bhaint as cur chuige córais bhia, a aithníonn na hidircheangail idir beartais do bhia, sláinte, an timpeallacht agus an aeráid.”
Dúirt an tAire McConalogue:
“Tá Éire is go hiomlán tiomanta do chinntiú gur cheart go n-eascródh athrú dearfach ar ár gcórais bhia dhomhanda as Cruinniú Mullaigh Córais Bhia na NA a thit amach an bhliain seo caite. Táimid ag oibriú le comhpháirtithe na Náisiún Aontaithe lena chinntiú go gcuirtear tacaíochtaí i bhfeidhm do thíortha sa domhan atá i mbun forbartha le lena gconairí féin a cheapadh agus a chur i bhfeidhm.”
“Déanann Origin Green - a gcreidim gurb é chéad chlár inbhuanaitheachta náisiúnta an domhain - lorg coise ár dtáirgthe feirmeoireachta agus bia a thomhas cheana féin, agus cuireann sé comhairle phraiticiúil ar fáil maidir le conas inbhuanaitheacht a fheabhsú. Leagtar uaillmhian fhadtéarmach amach anois in Fís don Bhia go ndéanfar forbairt bhreise ar Origin Green”.
“Tá cor cinniúnach bainte amach anois againn mar tháirgeoirí domhanda bia – is féidir linn agus ní mór dúinn níos mó a dhéanamh le daonra atá i mbun fairsingiú a bheathú; agus é sin a dhéanamh go sábháilte agus go hinbhuanaithe. Agus coimhlint agus cogadh ag réabadh, tá orainn oibriú as lámh a chéile lena chinntiú go leanann an trádáil dhomhanda de bheith ar oscailt, agus go leanann slabhraí soláthair de bheith ag oibriú, chun gur féidir dul i ngleic le tionchair na slándála bia ar na daoine is leochailí.”
Labhair Tom Arnold, a rinne cathaoirleacht ar phróiseas Fís don Bhia 2030, ag an seimineár freisin agus is é Toscaire Speisialta na hÉireann maidir le Córais Bhia, agus labhair Tara McCarthy, POF, an Bord Bia ann freisin.
Dúirt Tom Arnold:
“Bíonn impleachtaí ag tiomantas na hÉireann do bheith ina ceannaire i gcórais bhia inbhuanaithe i dtaobh ár mbeartais intíre agus eachtraigh. Caithfimid aghaidh a thabhairt, ar bhonn intíre, ar Fís don Bhia 2030: ní mór dúinn dul i gcomhpháirtíocht inár mbeartas eachtrach le tíortha i mbéal forbartha, go háirithe san Afraic, agus iad ag tabhairt aghaidhe ar chórais bhia inbhuanaithe a bhaint amach”.
Dúirt POF an Bhoird Bhia, Tara McCarthy:
“Is í inbhuanaitheacht ‘an snáithe glas’ atá le sonrú fud fad straitéis nua trí bliana an Bhoird Bhia, ar aon dul leis na huaillmhianta beartais níos fairsinge a leagtar amach in Fís don Bhia 2030. Cuirfidh ‘an snáithe glas’ seo le fairsingiú suntasach ar bhorradh luacha easpórtálacha bia agus dí na hÉireann ar fud an domhain agus neartóidh sé tacaíochtaí agus caighdeáin na hÉireann i gcomhthráth leis an ardleibhéal uaillmhéine a léiriú a theastaíonn le dúshláin chomhshaoil agus éilimh mhargaidh araon a shásamh.
“Faoi mar a tugadh chun solais in Fís don Bhia 2030, bhí páirt lárnach ag Origin Green i monatóireacht a dhéanamh ar fheabhsúcháin agus iad a chur chun cinn maidir le hinbhuanaitheacht chomhshaoil agus é seo a thaispeáint do chustaiméirí trádála agus tomhaltóirí, sa bhaile agus thar lear araon. Ní haon amhras ach gur suntasach iad na dúshláin dhomhanda atá amach romhainn, ach cuireann Origin Green bonn láidir ónar féidir Éire agus bia agus deoch na hÉireann a shuíomh mar cheannaire domhanda i gcórais bhia inbhuanaithe.”
Leanfaidh an tAire Stáit Martin Heydon, TD, leis an gcéad chéim eile de mhisean trádála seo Mheiriceá Thuaidh, agus déanfaidh sé an t-idirchaidreamh in Texas a stiúradh (inniu Déardaoin) agus tabharfaidh sé aghaidh ina dhiaidh sin ar Mheicsiceo.
Fotheidil Ghrianghraf
Grianghraif den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, iad an dá ghrianghraf; agus é ag labhairt ag an gcomhsheimineár leis an mBanc Domhanda ar maidin