Leagann McConalogue béim ar an ngá atá le faomhadh tapa na bPleananna Straitéiseacha de chuid an CBT
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cruinneadh déthaobhach le reáchtáil idir an Aire agus Coimisinéir Wojciechowski
Leagfaidh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, béim arís inniu ar an ngá atá le faomhadh luath a dhéanamh ag naBallstáit maidir le Pleananna Straitéiseacha an CBT de chuid an Choimisiúin Eorpaigh.
Ag labhairt dó roimh chruinniú an lae inniu de Chomhairle na nAirí
Agrai-Iasc sa Bhruiséil, dúirt an tAire McConalogue:
“Teastaíonn an chinnteacht a baineann le faobhú Pleananna Straitéiseacha an CBT ó fheirmeoirí le go mbeidís in ann cinneadh pleanála fadtéarmach a dhéanamh maidir le gnó a gcuid feirme. Ag an am céanna, teastaíonn an dóthain ama ó na Ballstáit chun socruithe an riaracháin agus na gcóras TF a chur i bhfeidhm, agus chun na feirmeoirí a chur ar an eolas maidir le hábhar deiridh na bPleananna Straitéiseacha. Táimid ag obair cheana féin i gcoinne amlínte diana. Ba cheart go mbeadh faomhadh sciobtha mar thosaíocht againn anois, rud a éascóidh rannpháirtíocht thapa agus iomlán a dhéanamh le feirmeoirí. Ní féidir linn fanacht a thuilleadh.”
Thug an tAire McConalogue faoi deara an dul chun cinn atá déanta ar Phlean Straitéiseach CAP de chuid na hÉireann, agus chuir sé fáilte ar leith roimh an idirchaidreamh cuiditheach a tharla idir oifigigh a Roinne agus a gcomhghleacaithe sa Choimisiún i ndiaidh eisiúint litir bharúlacha an Choimisiúin ag deireadh mí Mhárta.
Ag tabhairt faoi deara freisin go dtapóidh sé an deis chun bualadh gearr a dhéanamh inniu leis an gCoimisinéir Wojciechowski chun an staid reatha a athbhreithniú, dúirt sé:
“Táim ag tnúth le seasamh reatha ar dhréachtphlean na hÉireann a phlé leis an gCoimisinéir Wojciechowski agus líon beag na gceisteanna atá fós gan réiteach a chur i gcrích. Más féidir leis an gCoimisiún agus linn féin a leitheíd a dhéanamh go tapa, ligfidh sé dúinn ár bPlean a chur isteach arís faoi dheireadh na míosa seo.”
Beidh tionchair ionradh na Rúise ar an Úcráin ar an earnáil agraibhia go láidir arís ar chlár oibre na Comhairle. Ag labhairt dó roimh díospóireacht na Comhairle, dúirt an tAire McConalogue:
“Tá an-imní orm i gcónaí faoin tionchar atá ag ionradh na Rúise ar an Úcráin ar mhargaí na talmhaíochta. Beidh droch-thorthaí tromchúiseacha i gcónaí ag easpa an ghráin ón Úcráin ar shlándáil dhomhanda an bhia, agus ar mhéid an ábhar bhia atá ar fáil. Bíonn iarmhairtí diúltacha ar leith ag ganntanas an ábhar bhia do gach earnáil an bheostoic. Tacaímid leis an obair thábhachtach atá ar bun maidir le lánaí na dlúthpháirtíochta, ar cheart dóibh rogha eile a chur ar fáil seachas úsáid a bhaint as calafoirt na Mara Duibhe, agus tacaímid go hiomlán le hiarrachtaí an Choimisiúin ar an bhfreagairt sa réimse seo a chomhordú.”
I measc na gceisteanna eile ar chlár oibre na Comhairle, tá léiríu ó Uachtaránacht nua na Seice maidir le tosaíochtaí dá cuid tionachta sé mhí, plé ar an rialachán nua an AE atá beartaithe maidir le húsáid inbhuanaithe na dtáirgí a mbaineann le cosaint na bplandaí, agus cainteanna faoi dhréacht-thuairimí an AE i leith treoirlínte straitéiseacha nua na dobharshaothraithe. Beidh malartú na dtuairimí ar siúl freisin maidir le hiompar na n-ainmhithe - lena linn a leagfaidh an tAire béim ar chaighdeáin leas na n-ainmhithe is airde a chuirtear i bhfeidhm ag Éirinn ag gach céim de shaol an ainmhí, lena n-áirítear le linn iompair - agus ar an rialachán nua atá beartaithe maidir le trádáil na dtáirgí a mbaineann leis an dífhoraoisiú.
Pléifidh an Chomhairle freisin an clár oibre atá beartaithe maidir le Comhaontú Sláintíochta agus Fíteashláintíochta (CSF) na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT), a comhaontaíodh ag Comhairle na nAirí sa Ghinéiv le déanaí. Chuige seo, chuaigh Éire i gcomhar leis an bhFrainc agus le deich mBallstát eile chun béim a leagan ar an ngá atá le ról na ceannaireachta a bheith ag an AE maidir leis an bhfreagairt ar dhúshláin reatha an SPS.