Leanúnachas don iascaireacht faighte ag McConalogue don chéad trí mhí den bhliain 2021
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá fáilte curtha inniu ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., roimh an gcomhaontú a baineadh amach ag Comhairle Airí Iascaigh an AE sa Bhruiséil aréir cuótaí a leagan amach do stoic éisc don chéad trí mhí den bhliain 2021.
Dúirt an tAire,
"Tá aghaidh tugtha ag earnáil iascaigh na hÉireann ar dhúshláin nach bhfacthas riamh cheana i rith na bliana 2020. Tá an neamhchinnteacht ann a bhaineann leis na tionchair dhiana a d'fhéadfadh a bheith i gceist leis an RA ag fágáil an AE, neamhchinnteacht atá ann ó 2016. Anuas air sin, gan dabht, bhí ar an earnáil déileáil leis an gcur isteach a rinneadh ar mhargaí bia mara na tíre de bharr Phaindéim COVID-19."
Dúirt an tAire freisin,
"Níl aon chomhaontú bainte amach go dtí seo leis an RA maidir leis an gcaidreamh a bheidh ann amach anseo, iascach san áireamh, agus níl aon chomhaontú bainte amach dá réir sin ar mar a dhéanfaimid ár stoic chomhroinnte a bhainistiú i gcomhar. Gan aon chomhaontú dá leithéid ann, tá socruithe de dhíth idir an dá linn chun leanúnachas iascaigh a chinntiú do fhlíteanna na hÉireann i dtús na hAthbhliana. Ba í an mhórcheist ná na socruithe sin a bheith curtha i bhfeidhm chun go mbeimid ábalta iascach na tíre a oscailt an 1 Eanáir. Chomh maith leis sin, tá socruithe faighte agam do líon beag iascaigh barrthábhachtacha ag glacadh san áireamh gur sa chéad ráithe den bhliain a tharlaíonn líon ard den iascaireacht. “
D'aontaigh Airí Iascaigh Gabháil Iomlán is Incheadaithe (TACanna) eatramhach agus cuótaí eatramhacha a leagan amach don chéad ráithe den bhliain 2021 bunaithe ar "thar-rolladh" 25% de leibhéil TAC 2020 don chuid is mó de na stoic. Tá tar-rolladh níos airde curtha i bhfeidhm ar stoic aistreánacha áirithe a ndéantar iascach orthu sa chéad cúpla mí den bhliain den chuid is mó agus lena mbaineann tábhacht ar leith leo d'Éirinn.
Dúirt an tAire McConalogue,
"Tacaím leis an gcur chuige ciallmhar seo trína gcinnteofar leanúnachas do thionscadal iascaigh na hÉireann gan dochar a dhéanamh do thoradh na n-idirbheartaíochtaí leanúnacha maidir le caidreamh na hÉireann leis an RA amach anseo. Bhí sé ríthábhachtach dom go mbeadh céatadán an tar-rollta leordhóthanach do na stoic sin a bhíonn muid ag iascach go traidisiúnta i dtús na bliana. Táim thar a bheith sásta gur baineadh sin amach maidir le tús an tséasúir nó stoic aistreánacha ronnaigh, faoitín gorm agus bolmáin."
Dúirt an tAire ansin,
"Thuig an Coimisinéir Sinkevičius nach mbeadh an cuóta a cuireadh ar fáil san iascach cloicheáin tábhachtach ar an mBanc Porcupine leordhóthanach chun tacú leis an iascach beartaithe. Thug an Coimisinéir gealltanas dul i mbun oibre liom le linn mhí Eanáir chun leasú a sholáthar trína mbeidh an t-iascach seo ábalta leanúint den ghnáthnós iascaigh a bhíonn ar bun aige. Saincheist ríthábhachtach a bhí anseo domsa agus cinnteofar leis go mbeidh iascairí na tíre ábalta plean a chur i dtoll a chéile ar an ngnáthbhealach maidir le tús na bliana."
Ghlac an tAire buíochas leis an gCoimisinéir as a chur chuige tairbheach i dtaobh na n-idirbheartaíochtaí
"D'éist an Coimisinéir Sinkevičius agus Uachtaránacht na Gearmáine leis a chuir mé in iúl maidir leis na fadhbanna a mbíonn ar iascairí na hÉireann aghaidh a thabhairt orthu le linn na n-amanna deacra seo. Cinnteofar leis an gcomhaontú a baineadh amach sa Chomhairle go mbainisteofar stoic éisc na tíre ar bhealach inbhuanaithe agus go mbeidh flíteanna na hÉireann ábalta leanúint den iascach san Athbhliain."
Reáchtálfar Comhairle bhreise chun na TACanna a thabhairt chun críche maidir leis an gcuid eile den bhliain 2021. Beidh sé sin ar siúl go luath san Athbhliain, i ndiaidh comhchomhairleoireachtaí leis an RA agus leis an Iorua i dtaobh stoic chomhroinnte.
CRÍOCH