Leithdháileadh €335 milliún don earnáil bia mara agus do phobail chósta don bhliain 2023 curtha ar fáil ag an Aire McConalogue
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheachaid an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., inniu an soláthar Buiséid is airde riamh don earnáil bia mara agus do phobail chósta do 2023 de €335 milliún. Is ionann an leithdháileadh agus méadú 62% ar mhaoiniú ó 2022. Clúdaíonn sé seo iascaigh, dobharshaothrú, próiseáil bia mara, forbairt cuain iascaigh, taighde agus caomhnú mara.
Dúirt an tAire McConalogue
“Is ionann an fógra €335 milliún don earnáil bia mara agus do phobail chósta agus an soláthar buiséid bliantúil is mó riamh don earnáil. Le bliain anuas tá raon scéimeanna fógartha agam ar fiú €225 milliún iad, arna maoiniú faoi Chúlchiste Coigeartaithe an Bhreatimeachta, atá deartha chun tacú leis an earnáil bia mara agus le pobail chósta tionchar an Bhreatimeachta a shárú. Beidh na scéimeanna seo ar siúl don chuid eile den bhliain seo agus do 2023 agus cinnteoidh an soláthar buiséid atá á dhéanamh ag an Rialtas inniu go mbeifear in ann na scéimeanna sin a sheachadadh go hiomlán.
Léiríonn na scéimeanna moltaí an Tascfhórsa Bia Mara, a bhunaigh mé, agus atá deartha chun a chinntiú go leanfaidh an earnáil bia mara agus pobail chósta d'fhás eacnamaíoch agus poist inbhuanaithe a chruthú i bpobail chósta tar éis an Bhreatimeachta. Tar éis dom éisteacht le hionadaithe iascaireachta, agus ar iarratas uathu, bhunaigh mé an dara scéim ceangailte arbh fhiú €12m í don bhliain seo chun cabhrú leis na brúnna breosla muirí atá ar iascairí a mhaolú. Áireofar sa Bhuiséad seo tacaíochtaí maidir le costais fuinnimh do phróiseálaithe bia mara.”
Is iad seo a leanas na scéimeanna atá curtha i bhfeidhm de bhun mholtaí an Tascfhórsa:
Scheme | Amount |
Ceangal Sealadach 2021 | €10m |
Scéim Choigeartaithe Samhail Gnó Iascaigh Chladaigh | €3.7m |
Scéim Margaíochta Cladaigh | €1m |
Coigeartú ar Scéim Bonneagair Mhuirí na nÚdarás Áitiúil | €35m |
Scéim Forbartha Fiontraíochta maidir leis an nGeilleagar Gorm | €25m |
Scéim Tacaíochta um Próiseáil Caipitil Bia Mara | €45m |
Scéim Shealadach Ceangailte 2022 | €24m |
Scéim um Aistriú Comharchumainn an Bhreatimeachta | €1m |
Scéim um Fhás Dobharshaothraithe Inbhuanaithe an Bhreatimeachta | €20m |
Scéim um Dhíchoimisiúnú Deonach an Bhreatimeachta [oscailte 12 9 22] | €60m |
Iomlán na bhfógraí faoin Scéim Tascfhórsa um Bia Mara go dtí seo | €224.7m |
Ina theannta sin, dúirt an tAire
“Táim ag leanúint ar aghaidh ag obair ar na moltaí atá fágtha ón Tascfhórsa um Bia Mara a chur chun cinn. Tá na scéimeanna seo á n-ullmhú faoi láthair agus beidh mé ag iarraidh iad a chur ar aghaidh chuig ceadú Cúnaimh Stáit an AE sa tréimhse amach romhainn.”
Tá maoiniú an Aontais faoin gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (EMFAF) don tréimhse 2021 -2027 á chur chun cinn ar leithligh. Is cumasóir í an tacaíocht seo d’iascach inbhuanaithe agus do chaomhnú acmhainní bitheolaíocha mara, do shlándáil bia trí tháirgí bia mara a sholáthar, d'fhás geilleagair ghorm inbhuanaithe agus d'fharraigí agus d'aigéin atá sláintiúil, sábháilte, slán, glan agus bainistithe go hinbhuanaithe.
Dúirt an tAire McConalogue
“Fuair mé faomhadh an Rialtais le déanaí do Chlár Oibríochta €258 milliún na hÉireann don earnáil bia mara don tréimhse 2021 go 2027. Tá an clár seo sa bhreis ar na scéimeanna ar fiú €225 milliún iad atá fógartha agam de bhun mholtaí an Tascfhórsa um Bia Mara. Cumasóidh fógra buiséid an lae inniu do 2023 cur chun feidhme mholtaí an Tascfhórsa um Bia Mara agus an Chláir Oibríochta nua EMFAF le linn 2023."
Cabhróidh roinnt tionscnamh cothrománach níos leithne a fógraíodh i mbuiséad an Rialtais leis an earnáil bia mara agus le pobail chósta sa bhliain amach romhainn. Dúirt an tAire
“Agus mé ag plé leis an tionscal le roinnt seachtainí anuas, tá mé ar an eolas faoi na brúnna fuinnimh agus breosla atá roimh iascairí, oibreoirí dobharshaothraithe agus próiseálaithe. Táim muiníneach go gcuideoidh bearta ar nós na scéime ceangailte breise, a d'iarr an tionscal chun tionchar an Bhreatimeachta agus brúnna breosla a mhaolú, le hiascairí agus tacóidh na scéimeanna tacaíochtaí fuinnimh a d’fhógair an Rialtas inniu le próiseálaithe."