Maoiniú ceadaithe do 100% d’iarratais rathúla ar thráinse 21 TAMS fógartha an Aire McConalogue
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D. inniu go bhfuil tús curtha le faomhadh gach iarratais cháilithe a fuarthas faoi thráinse 21 den scéim TAMS. Tá tús curtha le litreacha a eisiúint chuig feirmeoirí faofa.
Ag trácht dó air seo dúirt an tAire:
“Is scéim thar a bheith rathúil agus fóinteach fós é TAMS agus tá an-áthas orm a dheimhniú go bhfuil 100% d’iarratais cháilithe déanta faoi thráinse 21faofa, rud nach rabhamar inn ann a dhéanamh faoi thráinsí roimhe seo mar gheall ar shrianta buiséadacha ach ba thosaíocht thábhachtach dom gach feirmeoir a fhaomhadh an uair seo. Tugann sé cinnteacht mhór d’fheirmeoirí maidir le bheith in ann uasghráduithe tábhachtacha a chur i bhfeidhm ar a bhfeirmeacha. "
Leanann an Roinn de €1.3 milliún ar an meán a íoc in aghaidh na seachtaine ar infheistíochtaí TAMS II agus tá díreach os cionn €25 milliún san iomlán íoctha anois le haghaidh infheistíochtaí a cuireadh i gcrích in 2021. Tá íocaíochtaí os cionn €290 milliún eisithe anois i dtaca le breis is 20,700 iarratas faofa le haghaidh infheistíochtaí curtha i gcrích ó cuireadh tús le TAMS II in 2015.
Ag trácht dó ar na híocaíochtaí dúirt an tAire
“Tá an-áthas orm a fheiceáil go leanann an Roinn de €1.3m ar an meán a íoc in aghaidh na seachtaine as infheistíochtaí TAMS II atá curtha i gcrích. Le breis agus 40,000 faomhadh eisithe óna sheoladh, tá go leor nach bhfuil íoctha fós le feirmeoirí agus mholfainn go ndéanfaidís an obair infheistíochta a chur i gcrích agus iarratas a dhéanamh ar an íocaíocht a luaithe agus is féidir chun eisiúint pras na n-íocaíochtaí a éascú ”.
Dúnfar an Tráinse TAMS II reatha an 23 Iúil 2021. Osclófar tráinsí breise TAMS ll 2021 an 23 Iúil 2021 agus an 5 Samhain 2021.
Nóta d'Eagarthóirí:
Tá tuilleadh sonraí maidir le bearta TAMS II le fáil ar láithreán gréasáin na Roinne ag:
CRÍOCH