McConalogue ag cosaint iascairí na hÉireann in idirbheartaíochtaí deacra cuóta
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fháiltigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, inniu roimh an dul chun cinn a rinneadh maidir le Príomhchuótaí Éisc d'Éirinn ag Comhairle Iascaigh an AE a thosaigh maidin Dé Domhnaigh. Tá cuótaí sealadacha éisc á gcomhaontú ag an gComhairle lena chur ar chumas iascairí an AE feidhmiú ón gcéad lá d'Eanáir ar aghaidh. Ag an am céanna, tá obair dhian á déanamh go fóill chun margadh a thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe ina mbunófaí cuótaí bliana iomlána do 2023 ar an gcuid is mó de na stoic spéise d'iascairí na hÉireann, atá á mbainistiú i gcomhpháirt leis an Ríocht Aontaithe.
Dúirt an tAire McConalogue:
"Tá idirbheartaíochtaí an AE leis an Ríocht Aontaithe maidir le cuótaí a shocrú do 2023 ag céim níos déanaí agus bhain mé úsáid as na deiseanna ag an gComhairle Iascaigh oibriú le comhAirí. Lean mé freisin leis an bplé a bhí agam leis an gCoimisinéir Sinkevičiusto lena chinntiú go gcosnófar tosaíochtaí na hÉireann. Is é an cuspóir a bhí agam ná cuótaí a shocrú bunaithe ar chomhairle eolaíoch agus stoic ídithe agus a bhfuil ró-iascaireacht déanta orthu a atógáil. Go ginearálta, ba mhaith liom go mbeadh rochtain ag ár n-iascairí ar an uasleibhéal cuóta is féidir iascaireacht a dhéanamh air go hinbhuanaithe, agus nádúr casta na n-iascach measctha á chur san áireamh. Ós rud é go bhfuil an idirbheartaíocht beagnach críochnaithe, táim sásta go ndéanfaidh an comhaontú an cuspóir seo a bhaint amach. Tá comhairle dhearfach againn maidir le roinnt dár stoic chriticiúla tráchtála lena n-áirítear Fíogach Gobach, Nephrops, Anglait an Mhuir Cheiltigh, Colmóir agus Scoilteán agus Cadóg an Iarthuaiscirt agus Faoitín. Tá mé sásta, tar éis na hoibre atá déanta le cúpla lá anuas, go mbeidh muid ag seachadadh cuótaí a leanann na méaduithe atá molta ag an eolaíocht. Tacaím freisin le ciorruithe i gcás ina bhfuil gá leo chun laghdú a dhéanamh ar an mbrú iascaireachta ar stoic agus ar theorainneacha srianta gabhála do stoic ídithe.”
Ghlac an Chomhairle Iascaigh cuótaí sealadacha don chéad trí mhí de 2023 mar nach bhfuil comhaontú an AE/na Ríochta Aontaithe tugtha chun críche. Tacóidh na cuótaí sin leis an iascaireacht ag tús na bliana. Dúirt an tAire: “Nílim ag súil go mbeidh na cuótaí sealadacha seo ag teastáil uainn ach is cosaint iad chun cinnteacht a thabhairt dár n-iascairí.”
Dúirt an tAire freisin:
“Cuireadh an idirbheartaíocht leis an Iorua ar fionraí. Bhí tionchar diúltach ar atmaisféar na n-idirbheartaíochtaí seo ar leibhéal na hEorpa ag pléití iascaigh na hIorua leis an Rúis le déanaí. Is í an phríomhcheist atá ag déanamh imní dom ná go n-íocann na Ballstáit a bhaineann tairbhe as comhaontú leis an Iorua a gcion cothrom féin in aistrithe cuótaí. Tá mé ag obair chun aistriú Faoitín Gorm a theorannú agus é a choinneáil ag níos mó ná 4% den Ghabháil Iomlán Incheadaithe Faoitín Gorm (TAC) domhanda. Chomh maith leis sin, táim ag obair go dlúth leis an gCoimisinéir Sinkevičius chun rochtain do chabhlach na hIorua ar chrios na hÉireann a shrianadh agus go háirithe an limistéar laistigh de 50 míle ó chósta na hÉireann. Táim ag súil go n-athosclófar na hidirbheartaíochtaí go luath agus táim sásta go dtuigtear go soiléir príomhábhair imní na hÉireann agus go gcosnófar iad."