Meabhraíonn an tAire Creed Spriocdháta an 17 Bealtaine d’Fheirmeoirí chun Iarratais ar an Scéim Buníocaíochta (an SBÍ) a bheith seolta ar ais
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Mheabhraigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., d’fheirmeoirí inniu gurb é an spriocdháta chun a n-iarratais a sheoladh ar aghaidh ar an Scéim Buníocaíochta 2021 (an SBÍ) meán oíche Dé Luain, an 17 Bealtaine. Seo an spriocdháta freisin chun iarratais ar na rudaí seo a leanas a bheith seolta ar ais:
• Aistriú Teidlíochtaí
• Feirmeoirí Óga/an Cúlchiste Náisiúnta
• An Beart Corpraithe Tuí (an BCT)
• Scéim na Limistéar faoi Shrianta Nádúrtha, agus
• An Scéim Cúnaimh Próitéine.
Bhí an Roinn ag cabhrú le feirmeoirí a n-iarratais a dhéanamh le roinnt seachtainí anuas trína seirbhísí deasc chabhrach gutháin. Is í uimhir ghutháin sheirbhís na deisce cabhrach 0761 06 44 20, agus beidh línte ar oscailt ar feadh na n-uaireanta breise seo a leanas sa tréimhse a fhad leis an spriocdháta d’iarratais:
• Idir 9.15 am agus 9.00 pm ó Dé Luain, an 10 Bealtaine go dtí Dé hAoine, an 14 Bealtaine
• Dé Sathairn, an 15 agus Dé Domhnaigh, an 16 Bealtaine ó 9.30 am go 5.00 pm
• Idir 9.15 am agus 12 meán oíche Dé Luain, an 17 Bealtaine.
Dúirt an tAire,
“Príomhthacaíocht d’fheirmeoirí í an tacaíocht airgeadais a sholáthraítear faoi scéimeanna. Spreagaim na feirmeoirí go léir a n-iarratais a sheoladh ar ais a luaithe agus is féidir roimh spriocdháta an 17 Bealtaine. Má theastaíonn treoir ó aon fheirmeoir maidir lena n-iarratas a dhéanamh, ba cheart dóibh glaoch ar Dheasc Chabhrach na Roinne, atá ar oscailt agus ar fáil agus beidh ball foirne ábalta cabhrú leo.”
Maidir leis an mBeart Corpraithe Tuí nua, ach go háirithe, dúirt an tAire freisin,
“Tacaíocht thábhachtach é an beart nua €10 milliún seo d’fheirmeoirí curaíochta agus spreagfainn feirmeoirí incháilithe iarratas a dhéanamh faoi spriocdháta an 17 Bealtaine.”
Nóta d’Eagarthóirí:
Chun cúnamh a fháil le clárú le haghaidh www.agfood.ie , féadfaidh feirmeoirí teagmháil a dhéanamh le Deasc Chabhrach Clárúcháin AgFood trí ghlaoch ar 0761 064424 mar an gcéad chéim chun iarratas ar líne a dhéanamh. Féadfaidh siad teagmháil a dhéanamh, chomh maith, leis an uimhir ghutháin seo má theastaíonn cúnamh uathu chun sainchomhairleoir talmhaíochta nó comhairleoir de chuid Teagasc a chlárú chun iarratas a dhéanamh thar a gceann. Ba cheart d’iarratasóirí a thabhairt faoi deara nach mór dóibh clárú le haghaidh www.agfood.ie mar an gcéad chéim sular féidir leo a n-iarratais a dhéanamh. Ba cheart dóibh siúd nár chláraigh go fóill é seo a dhéanamh a luaithe agus is féidir.
Chun teacht ar chúnamh maidir le hiarratais a dhéanamh ar líne, féadfaidh feirmeoirí teagmháil a dhéanamh leis an Deasc Chabhrach Íocaíochtaí Díreacha trí ghlaoch ar 0761 064420.
CRÍOCH