Meabhraíonn an tAire Heydon do gach duine glacadh leis an Sábháilteacht Feirme
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, d’fháiltigh an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara le Freagracht Speisialta as Sábháilteacht Feirme, Martin Heydon T.D., roimh sheoladh fheachtas an Rialtais “Bí don Samhradh”.
Agus feachtas an Rialtais “Bí Réidh don Samhradh” seolta anois, tá sé tráthúil go maith mar am chun meabhrú a thabhairt d’fheirmeoirí agus dóibh siúd go léir a bheidh ag tabhairt cuairt ar fheirmeacha gur gá dóibh a bheith feasach ar na rioscaí go léir atá ann. Is tragóideach an rud é gur sa bhfeirmeoireacht a tharlaíonn breis is 40% de na teagmhais mharfacha go léir san ionad oibre chuile bhliain. Tá sé in am anois an iompraíocht a athrú, ionas go laghdófar ráta na dteagmhas marfach agus tromchúiseach a tharlaíonn sa talmhaíocht.
Dúirt an tAire Heydon,
“Ba cheart d’fheirmeoirí agus dá dteaghlaigh gach riosca ar an bhfeirm a chur in iúl do chuile chuairteoir, ionas go mbeidh siad in ann fanacht slán. Cé go mbíonn go leor rioscaí ar fheirmeacha, fós féin is féidir leo gan a bheith contúirteach. Tá sé tábhachtach go dtabharfadh feirmeoirí aird ar an gcomhairle sábháilteachta uile atá ar fáil. Go háirithe, ba cheart go mbeadh feirmeoirí agus gach duine atá ag obair ar fheirmeacha nó a thugann cuairt orthu ar an eolas faoi fheachtas “Bí Réidh don Samhradh” atá á sheoladh ag an Rialtas.
Tá a lán faisnéise atá ábhartha d’fheirmeoirí san fheachtas ag an Rialta “Bí Réidh don Samhradh”. Dúirt an tAire Heydon,
“Go háirithe, ba cheart go mbeadh feirmeoirí ar an eolas faoin chomhairle SunSmart maidir le contúirt na gréine. Tar éis an tsaoil, toisc go gcaitheann feirmeoirí an chuid is mó den lá oibre amuigh faoin aer, caithfimid a bheith aireach maidir leis an tsábháilteacht ón ngriain, go háirithe i rith míonna an tsamhraidh."
Thapaigh an tAire Heydon an deis chun feirmeoirí a mheabhrú gur gá a chinntiú go bhfuil a gcuid tarracóirí agus innealra ag obair go maith agus go bhfuil seirbhísiú iomlán déanta orthu roimh shéasúr an tsadhlais, agus d’fheirmeoirí curaíochta le linn an tséasúir spraeála atá ann faoi láthair.
Dúirt an tAire Heydon,
“Ní amháin atá i gceist leis go mbeadh feirmeoirí dírithe ar a sábháilteacht choirp, anuas air sin, tá sé de chuspóir aige go mbeadh siad dírithe ar a sláinte agus a bhfolláine freisin. Na laethanta seo atá ann a bhfuil srianta Covid i bhfeidhm ba chóir dúinn a bheith níos aireach ar ár gcomharsana feirmeoirí a d’fhéadfadh maireachtáil agus obair ina n-aonar nó in áit iargúlta. Cuir am ar leataobh chun glaoch a chur orthu agus cinnte a dhéanamh de go bhfuil siad ag déanamh go maith. Rachaidh iompraíochtaí feabhsaithe maidir le saincheisteanna sláinte, sábháilteachta agus folláine chun sochair gach uile fheirmeoir, a dteaghlaigh agus a ngnó toisc go gcaithfidh feirmeoirí é a choinneáil in aigne i gcónaí gurb iadsan féin an tsócmhainn is mó atá ag gabháil lena fheirm."
CRÍOCH